Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nihimiá 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Obair Dheonach

1. Ansin chrom Eiliáisíb an t‑ardsagart agus a chomhshagairt ar Gheata na gCaorach a thógáil; [leagadar síos] a ursana agus ghreamaíodar a chomhlaí [a bholtaí agus a bharraí] agus lean siad ar aghaidh go Túr Hananael.

2. Fir Ireachó a thóg taobh leo, agus [taobh leosan] Zacúr mac Imrí.

3. Clann mhac Hasaná a thóg Geata an Éisc; leagadar síos a ursana agus ghreamaíodar a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.

4. Taobh leosan rinne Maraemót mac Úiríá mac Hacóz deisiú; taobh leis-sean rinne Misiulám mac Bheiriciá mac Mhiséazabael deisiú;

5. taobh leis-sean rinne muintir Theacóá deisiú cé gur dhiúltaigh a dtaoisigh a gceann a chromadh do chuing saothair a dtiarnaí.

6. Rinne Ióiádá mac Phásae agus Misiulám mac Bhasóidiá [geata na roinne nua] a dheisiú; leagadar a ursana, ghreamaíodar a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.

7. Taobh leosan rinne Malaitiá ó Ghibeón, agus Iádón ó Mhaeronot deisiú, agus fir Ghibeón agus Mhizpeá ar son gobharnóirí an chúige thar Eofrataes.

8. Taobh leosan rinne Úizíéil, ball de chuallacht na ngaibhne óir, deisiú; taobh leis-sean rinne Hanainiá de chuallacht na gcumhróirí deisiú; rinne siad Iarúsailéim a dhaingniú chomh fada le [Balla na Cearnóige];

9. taobh leosan rinne Rafáiá mac Húr, rialtóir ar leath dhúiche Iarúsailéim, deisiú;

10. taobh leosan rinne Iadáiá mac Harúmaf deisiú ar aghaidh a thí féin; taobh leis-sean rinne Hatúis mac Haisibniá deisiú;

11. rinne Mailcíveá mac Háirim agus Haisiúb mac Phachat Móáb an chéad chuid eile a dheisiú ar aghaidh go Túr na Sorn;

12. taobh leis-sean rinne Sealúm mac Hallóchéis, uachtarán ar leath dhúiche Iarúsailéim, agus a chlann [mhac] deisiú.

13. Rinne Hánún agus áitritheoirí Zánóach Geata an Ghleanna a dheisiú; d'athchóirigh siad é, leag síos a ursana agus ghreamaigh a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí, agus dheisigh siad míle banlámh den bhalla suas go dtí Geata an Aoiligh.

14. Mailcíveá mac Raecáb, uachtarán dhúiche Bhéit-hac-Ceirim, dheisigh sé Geata an Aoiligh, [é féin agus a chlann mhac]; ghreamaigh sé a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.

15. Sealúm mac Chol Hoize, uachtarán dhúiche Mhizpeá, dheisigh sé Geata an Tobair; d'athchóirigh sé é, chumhdaigh é, agus ghreamaigh a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí. D'atóg sé chomh maith balla Linn na Canálach le hais ghairdín an rí, chomh fada ar aghaidh leis na céimeanna anuas ó dhúnfort Dháiví.

16. Nihimiá mac Azbúc, uachtarán leath dhúiche Bhéit Zúr, rinne sé deisiú chomh fada leis an mball ar aghaidh thuamaí Dháiví, na linne tacair, agus Theach na Laoch;

17. taobh leis-sean, rinne na Léivítigh deisiú: Rachúm mac Bháiní; taobh leis-sean rinne Haisibiá, uachtarán ar leath dhúiche Cheíleá, deisiú ar son a dhúiche féin;

18. taobh leis-sean rinne a mbráithre deisiú; Bávaí mac Haenádád, uachtarán ar leath dhúiche Cheíliá;

19. taobh leis-sean rinne Éizir mac Iéisiúa, uachtarán Mhizpeá, stráice eile a dheisiú ar aghaidh ard na hArmlainne i dtreo na hUilleann.

20. Taobh leis-sean rinne Bárúc mac Zabaí stráice eile a dheisiú ón Uillinn chomh fada le doras theach Eiliáisíb an t‑ardsagart;

21. taobh leis-sean rinne Maraemót mac Úiríá mac Hacóz stráice eile a dheisiú ó dhoras theach Eiliáisíb go dtí a cheann eile;

22. taobh leis-sean rinne na sagairt faoin tuath máguaird deisiú;

23. taobh leo-san rinne Biniáimin agus Haisiúb deisiú ar aghaidh a dtithe féin; taobh leo-san rinne Azairiá mac Mhásaeiá mac Anainiá deisiú in aice a thí féin;

24. taobh leis-sean rinne Bionúi mac Haenádád stráice eile a dheisiú ó theach Azairiá go dtí an Uillinn,

25. agus ar aghaidh go dtí an cúinne. Rinne Pálál mac Úzaí deisiú ar aghaidh an chúinne, agus an túr atá ag gobadh amach os cionn phálás uachtarach an rí agus atá ina sheasamh i gclós an phríosúin. Taobh leis-sean rinne Padáiá mac Pharois deisiú

26. (agus bhí na tíolacthaigh ag cur fúthu in Oifil) chomh fada le Geata an Uisce, i dtreo an oirthir, agus ar aghaidh an túir ghobaigh.

27. Taobh leis-sean rinne muintir Theacóá deisiú ar stráice eile ar aghaidh an túir mhóir ghobaigh agus chomh fada le balla Oifil.

28. Ó Gheata na nEach amach rinne na sagairt deisiú, gach duine acu ar aghaidh a thí féin.

29. Taobh leo-san rinne Zádóc mac Iméir deisiú ar aghaidh a thí féin; taobh leis-sean rinne Seamaiá mac Sheacainiá, garda an Gheata Thoir, deisiú.

30. Taobh [leis-sean] rinne Hanainiá mac Sheilimiá agus Hánún séú mac Záláf stráice eile a dheisiú; taobh leis-sean rinne Misiulám mac Bheiriciá deisiú ar aghaidh a áit chónaithe;

31. taobh [leis-sean] rinne Mailcíveá, de chuallacht na ngaibhne óir, deisiú chomh fada le háras na dtíolacthach agus na gceannaithe, ar aghaidh Gheata na Faire, go seomra uachtair an chúinne.

32. Rinne na gaibhne óir agus na ceannaithe a bhfuil idir seomra uachtair an chúinne agus Geata na gCaorach a dheisiú.

Naimhdeas

33. Nuair a chuala Sanballat go raibh na ballaí á n‑atógáil againn, tháinig fraoch agus cuthach feirge air. Rinne sé fonóid faoi na Giúdaigh

34. agus dúirt i láthair a ghaolta agus maithe na Samáire: “Cén fuadar atá faoi na truáin Ghiúdacha seo? [An bhfuil siad le tosú?] An dóigh leo nach bhfuil ann ach gnó lae acu? An dóigh leo gur féidir dóibh anam a chur arís sna clocha seo, na clocha dóite seo, a sciob siad ó na cnocáin luaithrigh?”

35. Bhí Tóibíá an tAmónach taobh leis, agus dúirt sé: “Tógaidís leo! má phreabann sionnach ar a mballa, leagfaidh sé na clocha anuas!”

36. Féach, cad é drochmheas atá orainn, a Dhia linn! Tabhair a n‑asacháin sa mhullach orthu féin! Cuir táir orthu i dtír éigin ina dtiomáinfear iad ar deoraíocht.

37. Ná ceil a gciontacht agus ná scrios a bpeaca as do radharc, óir ghriog siad chun feirge thú os comhair lucht na tógála.

38. Bhíomar ag atógáil an bhalla idir an dá linn, agus ba ghearr go raibh sé leath slí suas timpeall ar fad mar go raibh fonn oibre ar na daoine.