Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nihimiá 12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Seo iad na sagairt agus na Léivítigh a d'fhill le Zarubáibil mac Sheailtíéil agus le Iéisiúa: Saráiá, Irimia, Eazrá,

2. Amairiá, Malúc, Hatúis,

3. Seacainiá, Rachum, Maraemot,

4. Ideo, Gineatói, Aibíveá,

5. Míováimin, Máidiá, Bilgeá,

6. Seamáiá; agus Ióiáirib, Iadaiá,

7. Salú, Ámóc, Hilcíá, Iadáiá.

8. Agus na Léivítigh: Iéisiúa, Bionnúi, Caidmíéil, Séiribiá, Iúdá, Matainiá - é seo lena ghaolta a bhí i gceannas ar na hiomainn bhuíochais,

9. ach go raibh Bacbuiciá, Unó, agus a ngaolta ina n‑oird ar leith ann mar mhalairt cóir.

10. Ba iadsan ceannairí na sagart agus a ngaolta i laethanta Iéisiúa.

11. Ghin Iéisiúa Ióiácaím, ghin Ióiácaím Eiliáisíb, ghin Eiliáisíb Ióiádá,

12. ghin Ióiádá Iónátán, ghin Iónátán Iadúa.

13. Le linn Ióiácaím ba iad seo cinn finí na sagart: fine Sharáiá, Maráiá; fine Irimia, Hanainiá;

14. fine Eazrá, Misiulám; fine Amairiá, Iahóchánán;

15. fine Mhalúicí, Iónátán; fine Sheabainiá, Iósaef;

16. fine Háirím, Adná; fine Mhaeráiót, Healcaí;

17. fine Ideo, Zacairiá; fine Ghineatón, Misiulám;

18. fine Aibíá, Zicrí; fine Mhiniáimín...; fine Mhoaidiá, Pioltái;

19. fine Bhilgeá, Seamúa; fine Sheamaiá, Iahónátán;

20. fine Ióiáiríb, Matanaí; fine Iadaiá, Uizí;

21. fine Shalaí, Calaí; fine Ámóc, Éibir;

22. fine Hilcíá, Haisibiá; fine Iadaiá, Natanael.

23. (Maidir leis na Léivítigh) le linn Eiliáisíb, Ióiádá, Ióchánán, Iadúa, scríobhadh i Leabhar na nAnnála ainmneacha cinn finí na sagart, síos go réimeas Dháire, an Peirseach.

24. Clann mhac Léiví: scríobhadh i Leabhar na nAnnála ainmneacha na gcinn finí, ach gan dul thar am Ióchánán mac mic Eiliáisíb.

25. Cinn finí na Léivíteach: Haisibiá, Séiribiá, Iéisiúa, [Bionúi,] Caidmíéil; agus a ngaolta mar mhalairt cóir d'iomainn mholta agus buíochais, de réir reachtanna Dháiví, giolla Dé, iad buíon ar bhuíon .i.

26. Matainiá, Bacbuiciá agus Obaidiá. Bhíodh na gardaí geata, Misiulám, Talmón agus Acúb, ag faire ag na stórais le hais na ngeataí.

27. Sin mar a bhí acu le linn Ióiácaím mac Iéisiúa, mac Iózádác, agus Nihimiá an gobharnóir, agus Eazrá, sagart agus scríobhaí.

Coisreacan an Bhalla

28. Nuair a bhí balla Iarúsailéim le coisreacan, cuireadh fios ar na Léivítigh, cibé ball a raibh cónaí orthu, teacht go Iarúsailéim d'fhonn go ndéanfaí an coisreacan a cheiliúradh le hiomainn bhuíochais, le ceol ciombail, cláirsí agus cruite.

29. Tháinig clann na gcantairí le chéile ón tuath timpeall Iarúsailéim, ó shráidbhailte na Natofátach,

30. ó Bhéit Gilgeál, ó dhúichí Gheaba agus Azmávat, mar bhí sráidbhailte tógtha ag na cantairí dóibh féin ar fud Iarúsailéim ar fad.

31. Rinne na sagairt agus na Léivítigh iad féin a ghlanadh, ansin an pobal, na geataí agus an balla.

32. Thug mé faoi deara ansin do cheannairí Iúdá teacht ar bharr an bhalla, agus d'eagraigh mé dhá chór mhóra le buíochas a bhreith agus dul ar mhórshiúl. Ghabh an chéad cheann deiseal ar feadh bharr an bhalla i dtreo Geata an Aoiligh.

33. Lean Hóiseaiá agus leath ceannairí Iúdá iadsan,

34. agus Azairiá, Eazrá, Misiulám,

35. Iúdá, Miniáimín, Seamaiá agus Irimia;

36. buíon iadsan a roghnaíodh ó na sagairt agus bhí stoic á n‑iompar acu; ansin Zacairiá mac Iónátán, mac Sheamaiá, mac Mhatainiá, mac Mhíocáiá, mac Zacúr, mac Ásáf,

37. lena ghaolta Seamaiá, Azarael, Milealaí, Gilealaí, Mái, Natanael, Iúdá, Hanáiní, agus uirlisí ceoil Dháiví, giolla Dé, á n‑iompar acu. Shiúil Eazrá rompu amach.

38. Ghabhadar díreach rompu ar aghaidh ag Geata an Tobair taobh leis na céimeanna suas go dúnfort Dháiví, ar feadh barr an bhalla agus suas ard phálás Dháiví go Geata an Uisce ar an taobh thoir.

39. Ghabh an dara cór buíochais tuathal; lean mé féin é, agus leath an phobail, ar feadh barr an bhalla, lastuaidh de Thúr na Sorn, agus chomh fada le [balla na Cearnóige],

40. ansin thar Gheata Eafráim, (thar an SeanGheata,) Geata an Éisc, agus Túr Hananael, chomh fada le Geata na gCaorach. Stad siad ag Geata [na Faire].

41. Chuaigh an dá chor buíochais ansin chun a n‑ionaid i dTeampall Dé. Bhí leath na bhfeidhmeannach in éineacht liomsa,

42. agus na sagairt Eiliácaím, Másaeiá, Miniáimín, Míocáiá, Eilióaenaí, Zacairiá, agus Hanainiá ag iompar stoc;

43. Másaeiá freisin agus Seamaiá, Eileázár, Uizí, Iahóchánán, Mailcíveá, Éalám agus Eizir. Chan na cantairí faoi threoir Iazraichiá a gceannaire.

44. Ofráladh íobairtí móra an lá sin agus bhí lúcháir ar an bpobal mar gur mhaith an chúis lúcháire a thug Dia dóibh. Bhí lúcháir ar na mná agus ar na leanaí chomh maith agus is fada ó bhaile ab fhéidir gártha áthais Iarúsailéim a chloisteáil.

45. Ceapadh fir ansin le bheith i gceannas na seomraí do na stóir, do na hofrálacha, na céadtorthaí agus na deachúna, d'fhonn go mbaileoidís isteach iontu na sciaranna úd ó na bailte fearainn a dheonaigh an dlí do na sagairt agus do na Léivítigh. Óir ba ábhar áthais ag Iúdá na sagairt agus na Léivítigh i mbun a ndualgas.

46. Iadsan a cheiliúradh liotúirge a nDé agus a dhéanadh cúraimí an íonghlanta - agus na cantairí agus na gardaí geata mar aon leo de réir reachtanna Dháiví agus a mhic Solamh.

47. Óir ón seansaol, ó laethanta Dháiví agus Ásáf, bhíodh cuallachtaí cantairí ann agus cainticí molta agus buíochais á ngabháil do Dhia.

48. I laethanta Zarubáibil agus Nihimiá dá réir sin bhíodh a sciar cuí le haghaidh an lae á thabhairt ag Iosrael go léir do na cantairí agus do na gardaí geata. Chuiridís a gcuid naofa i leataobh do na Léivítigh, agus chuiridís-sean a gcuid i leataobh do chlann Árón.