Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nihimiá 13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhíodar ag léamh as leabhar Mhaois don phobal um an dtaca sin agus fuair siad scríofa ann: “Ní bheidh cead isteach go deo i gcomhthionól Dé ag an Amónach ná ag an Móábach

2. de bhrí nár thángadar in araicis chlann Iosrael le harán agus le huisce. D'fhostaigh siad Balám ina n‑aghaidh le mallacht a chur orthu ach rinne ár nDia beannacht den mhallacht.”

3. A luaithe a chuala an pobal an dlí, dheighil siad gach aon duine de phór deoranta ó Iosrael.

Tagann Nihimiá den Dara hUair

4. Ceapadh Eiliáisíb an sagart roimhe sin ina reachtaire ar sheomraí Theampall ár nDé. Bhí gaol aige le Tóibíá,

5. agus chóirigh sé seomra fairsing dósan, seomra ina mbíodh na habhlanna, an túis, na soithí, na deachúna arbhair, ola agus fíona á gcoimeád acu roimhe sin; ba é a bhí i gceist leis na nithe sin ná an chuid a bhí dlite do na Léivítigh, na cantairí, na gardaí geata, agus do na sagairt.

6. Fad a bhí sé seo go léir ar siúl bhí mé féin as baile ó Iarúsailéim, mar sa dara bliain tríochad de réimeas Artaxarxaes rí na Bablóine chuaigh mé d'fhios an rí. Ach tar éis tamaill d'iarr mé cead imeacht air,

7. agus d'fhill mé ar Iarúsailéim. Ansin is ea a chuala mé an choir ghránna a rinne Eiliáisíb do Thóibíá, gur chóirigh sé seomra dó i gcúirt Theampall Dé.

8. Chuir sin an-fhearg orm. Chaith mé urra tí Thóibíá go léir as an seomra,

9. thug ordú an seomra a ghlanadh, agus chuir soithí Theampall Dé agus na habhlanna agus an túis ar ais.

10. Fuair mé amach freisin nach raibh a gcuid á tabhairt go rialta do na Léivítigh, agus go raibh na Léivítigh féin agus na cantairí ar a raibh dualgas an liotúirge imithe leo abhaile go dtí a dtailte.

11. Chuir mé ceartú ar na feidhmeannaigh - “Cén fáth a bhfuil Teampall Dé tréigthe?” d'fhiafraigh mé. Agus chruinnigh mé na [Léivítigh] le chéile arís agus chuir mé i bhfeighil a gcúram iad.

12. Ansin thug Iúdá go léir an deachú den arbhar, den fhíon agus den ola, go dtí na stórais.

13. Mar reachtairí ar na stórais cheap mé Seilimiá an sagart, Zádóc an scríobhaí, agus Padáiá, Léivíteach, agus, mar chúntoirí, Hánán mac Zacúr, mac Mhatainiá, mar gur síleadh go raibh siad iontaofa; ba é a ngnó a gcuid a thabhairt dá ngaolta.

14. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, dá mbarr seo; ná scrios chun siúil an beart dúthrachta a rinne mé do Theampall mo Dhé agus dá liotúirge.

15. Sna laethanta úd chonaic mé daoine in Iúdá ag pasáil na gcantaoirí fíona ar an tsabóid agus a thuilleadh ag breith na bpunann arbhair leo agus á gcur ar asail, agus mar an gcéanna le fíon, fíniúnacha, figí agus gach sort ualaigh lena dtabhairt isteach in Iarúsailéim ar an tsabóid. [Thug mé foláireamh dóibh gan an bia] a dhíol.

16. Tuírigh freisin a raibh cónaí orthu sa chathair, bhídís ag breith éisc agus gach sórt soláthair isteach le díol ar an tsabóid le muintir Iúdá in Iarúsailéim.

17. Thug mé casaoid do mhaithe Iúdá á rá: “Cad é mar mhí-iompar é seo agaibh ag truailliú lá na sabóide!

18. Nach mar sin díreach a rinne bhur sinsir, i dtreo gur thug Dia an ainnise seo go léir orainn féin agus ar an gcathair seo! An mian libh cuthach eile feirge a thabhairt ar an gcathair le truailliú na sabóide?”

19. Díreach roimh an tsabóid nuair a bhí scáilí an dorchadais ag titim ar gheataí Iarúsailéim, thug mé ordú na comhlaí a dhúnadh, agus dúirt mé: “Na hosclaígí arís iad nó go mbeidh an tsabóid thart.” Chuir mé cuid de mo sheirbhísigh ag faire ag na geataí i dtreo nach n‑iomprófaí aon ualach isteach ar an tsabóid.

20. Uair nó dhó chaith ceannaithe, agus mangairí gach sórt earra, an oíche lasmuigh de Iarúsailéim.

21. Ach bhagair mé orthu: “Cén fáth a bhfuil sibh ag caitheamh na hoíche le taobh an bhalla? Má dhéanann sibh amhlaidh arís, díolfaidh sibh as uaimse!” As sin amach níor tháinig siad ar an tsabóid a thuilleadh.

22. D'ordaigh mé do na Léivítigh iad féin a ghlanadh agus teacht agus na geataí a fhaire i dtreo go gcoimeádfaí an tsabóid naofa. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, dá bharr seo freisin agus, de réir méid do bhuanghrá, bí trócaireach liom.

23. Chonaic mé freisin an t‑am úd Giúdaigh a phós mná ó Aisdeod, ó Amón agus ó Mhóáb.

24. Maidir le leanaí, labhair leath acu teanga Aisdeod nó teanga cheann de na ciníocha eile, ach gan teanga Iúdá ar a gcumas.

25. Rinne mé ceartú orthu agus chuir mallachtaí orthu; bhuail mé a lán acu agus staith mé a ngruaig agus thug faoi deara dóibh mionn a thabhairt dar Dia á rá: “Ná tugaigí bhur n‑iníonacha le pósadh dá mic, agus ná tógaigí a n‑iníonacha le bheith mar mhná ag bhur mic ná agaibh féin.

26. Nach mar sin a pheacaigh Solamh rí Iosrael; ní raibh riamh rí mar é i measc na náisiún go léir; ghráigh a Dhia é; rinne Dia rí ar Iosrael go léir de; mar sin féin ba shiocair pheaca fiú dósan mná deoranta.

27. An gcaithfimidne cur suas lena chloisteáil go bhfuil sibhse freisin ag déanamh na coire móire sin, agus ag fealladh ar bhur nDia trí mhná deoranta a phósadh?”

28. Ba chliamhain do Shanballat an Horónach, mac le Iahóiádá, mac Eiliáisíb, agus dhíbir mé as mo radharc é.

29. Cuimhnigh orthu siúd, a Dhia liom, mar gur thruailligh siad an tsagartacht agus conradh na sagart agus na Léivíteach.

30. Ghlan mé díobh gach blas deoranta dá bhrí sin; leag mé síos treoracha do na sagairt agus do na Léivítigh, agus bheachtaigh mé dualgas gach duine,

31. agus rinne mé socruithe faoi sholáthar an adhmaid ar uaire áirithe agus faoi na céadtorthaí. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, ar mhaithe liom.