Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nihimiá 11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Daonra

1. Chuir uachtaráin an phobail fúthu in Iarúsailéim. Cuireadh ar cranna é i measc na coda eile den phobal le go dtiocfadh duine as deichniúr agus cur faoi in Iarúsailéim, an chathair naofa, ach an naonúr eile sna bailte.

2. Chuir an pobal a mbeannacht ar gach duine a bhí toiltineach cur faoi in Iarúsailéim.

3. Seo iad ceannairí an chúige a chuir fúthu in Iarúsailéim agus a chuir fúthu i mbailte Iúdá. Clann Iosrael, na sagairt, na Léivítigh, na tíolacthaigh, agus clann mhac dhaoir Sholaimh, cuir siad fúthu ar an gcuma sin ina mbailte cuí, gach duine ina shealúchas féin.

4. Chuir cuid de shliocht Iúdá agus de shliocht Bhiniáimin fúthu in Iarúsailéim. De shliocht Iúdá: Atáiá mac Úizíá, mac Zacariá, mac Amairiá, mac Sheafatiá, mac Mhahalael, de shliocht Pheiriz,

5. Másaeiá, mac Bhárúc, mac Chol Hoize, mac Hazáiá, mac Adáiá, mac Ióiáiríb, mac Zacairiá, de shliocht Shéalá.

6. Ba é líon iomlán sliocht Pheiriz a bhí ag cur fúthu in Iarúsailéim ná ceithre chéad seasca a hocht fear inghníomha.

7. Seo iad sliocht Bhiniáimin: Salu mac Mhisiulám, mac Ióéid, mac Phadáiá, mac Chóláiá, mac Mhásaeiá, mac Ítíéil, mac Isiá,

8. agus a ghaolta, fir inghníomha, naoi gcéad ochtar agus fiche díobh.

9. Bhí Ióéil mac Zicrí i gceannas orthu, agus Iúdá mac Hasanúá ina thánaiste i bhfeighil na cathrach.

10. De na sagairt: Iadaiá mac Ióiáiríb, mac

11. Sharáiá, mac Hilcíá, mac Mhisiulám, mac Zádóc, mac Mharáiót, mac Aichitiúb, reachtaire Theampall Dé,

12. agus a ghaolta a bhí i bhfeighil liotúirge an Teampaill, ocht gcéad agus beirt agus fiche; Adáiá mac Iarochám, mac Phalailiá, mac Aimzí, mac Zacairiá, mac Phaischiúr, mac Mhailcíveá,

13. agus a ghaolta, cinn finí, dhá chéad agus beirt agus daichead; Amasaí mac Azarael, mac Achzaí, mac Mhisiléamót, mac Iméir,

14. agus a ghaolta, fir inghníomha, céad ochtar ar fichid. Bhí Zaibdíéil mac Hagadól i gceannas orthu.

15. De na Léivítigh: Samáiá mac Haisiúb, mac Aizríceám, mac Haisibiá, mac Bhúiní;

16. Seabataí agus Iózábád, ceannairí na Léivíteach, a bhí i bhfeighil na hoibre lasmuigh ar Theampall Dé.

17. Matainiá mac Mhíceá, mac Zaibdí, mac Ásáf, a bhí i bhfeighil na n‑iomann agus a chuir ceann ar an ngníomh buíochais san urnaí, agus Bacbuiciá an tánaiste ar a ghaolta; agus Abdá mac Sheamúa, mac Ghálál, mac Iadútún.

18. Ba é líon iomlán na Léivíteach sa chathair naofa ná dhá chéad agus ceathrar ar ochtó.

19. Gardaí na ngeataí: Acúb agus Talmón, agus a ngaolta, a dhéanadh faire ag na geataí: céad agus beirt agus seachtó.

20. Bhí cónaí ar na tíolacthaigh in Oifil; bhí Zícheá agus Gispeá i gceannas ar na tíolacthaigh;

21. bhí Uizí mac Bháiní, mac Haisibiá, mac Mhatainiá, mac Mhíceá, i gceannas ar na Léivítigh in Iarúsailéim; bhain seisean le clann Ásáf a bhí i bhfeighil cheol an liotúirge i dTeampall Dé.

22. Bhí reacht ríoga ann i dtaobh na gcantairí agus leag sé síos rialacha faoina ndualgas a bheith i láthair ó lá go lá.

23. Bhí Pataichiá mac Mhiséazabael, de chlann Zearach, mac Iúdá, i gceannas ar gach ar bhain leis an bpobal in ainm an rí.

24. Chuir an chuid eile de chlann Iosrael fúthu i mbailte Iúdá, gach duine ina oidhreacht féin,

25. agus i sráidbhailte faoin tuath ina ndúichí féin. Chuir cuid de chlann Iúdá fúthu i gCiriat Arba agus ina shráidbhailte máguaird, i nDíobón agus ina shráidbhailte máguaird, i Iacabzael agus ina shráidbhailte,

26. i Iéisiúa, i Moládá, i mBéit Peilit,

27. i Hazar Seúál, i mBéar Seaba agus ina shráidbhailte,

28. i Zicleag, i Maconá, agus ina shráidbhailte,

29. in Éan Rimeon, i Zorách, i Iarmút,

30. i Zanoa, in Adulám agus ina shráidbhailte, i Láicís agus faoin tuath ina thimpeall, in Azaecá agus ina shráidbhailte; chuir siad fúthu ar an tslí sin ó Bhéar Seaba go Gleann Hionnom.

31. Chuir cuid de shliocht Bhiniáimin fúthu i nGeba, i Micmeas, in Avá, i mBéitéil agus ina shráidbhailte,

32. in Anátót, i Nob, in Anainiá,

33. i Hazór, i Rámá, i nGiotaím,

34. i Háidíd, i Zaboím, i Naballát,

35. i Lod, in Ónó, agus i nGleann na gCeardaithe. 36 Chuir gasraí áirithe Léivíteach fúthu in Iúdá chomh maith le i mBiniáimin.