Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nihimiá 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Léann Eazrá an Dlí

1. Nuair a tháinig an seachtú mí agus go raibh clann mhac Iosrael ina mbailte féin, 1b chruinnigh an pobal mar aon duine amháin sa chearnóg os comhair Gheata an Uisce amach. D'iarr siad ar Eazrá an scríobhaí leabhar dhlí Mhaois a d'aithin an Tiarna d'Iosrael a thabhairt amach.

2. Thug Eazrá an sagart leabhar an dlí amach go dtí an comhthionól d'fhir agus de mhná agus de dhaoine óga a d'fhéadfadh é a thuiscint. An chéad lá den seachtú mí a bhí ann.

3. Agus ansin sa chearnóg os comhair Gheata an Uisce léigh sé giotaí as i láthair na bhfear agus na ndaoine óga a d'fhéadfadh é a thuiscint ó mhaidin go dtí meán lae. D'éist na daoine go léir go haireach le leabhar an dlí.

4. Agus bhí Eazrá an scríobhaí ina sheasamh ar ardán adhmaid a tógadh le haghaidh na hócáide. Taobh leis, ar a dheis, sheas Maititiá, Seama, Anáiá, Úiríá, Hilcíá agus Másaeiá; agus ar a chlé Padáiá, Míseáéil, Mailcíveá, Háisium, Haisbeadáná, Zacairiá agus Misiulám.

5. Agus d'oscail Eazrá an leabhar i radharc an phobail uile mar bhí sé in airde os a gcionn go léir. Agus nuair a d'oscail sé é, d'éirigh an pobal go léir ina seasamh.

6. Ansin thug Eazrá moladh don Tiarna, Dia mór, agus d'ardaigh an pobal go léir a lámha agus d'fhreagair siad: “Amen! Amen!” agus chrom siad síos agus shléacht siad go talamh roimh an Tiarna.

7. Iéisiúa, Báiní, Séiribiá, Iáimín, Acún, Seabataí, Hóidiá, Másaeiá, Cilíteá, Azairiá, Iózábád, Hánán, Paláiá - Léivítigh ab ea iadsan - mhínigh siad an dlí don phobal, agus d'fhan an pobal go léir ina seasamh.

8. Léigh Eazrá giotaí as leabhar an dlí, agus thug aistriú agus míniú orthu don phobal ionas go dtuigfidís a raibh á léamh.

9. Ansin dúirt (an gobharnóir, Nihimiá agus) Eazrá an sagart agus an scríobhaí (agus na Léivítigh a bhí ag teagasc an phobail) leis an bpobal go léir: “Lá atá coisricthe don Tiarna bhur nDia is ea an lá seo. Ná bígí ag caoineadh ná ag olagón.” Mar bhí an pobal go léir ag sileadh na ndeor nuair a chuala siad briathra an dlí.

10. Ansin dúirt sé leo: “Imígí libh, ithigí an tsaill agus ólaigí fíon milis agus cuirigí cuid díobh chun an té nach bhfuil aon ní ullamh aige. Óir tá an lá seo coisricthe dár dTiarna. Ná bíodh brón oraibh óir is é áthas an Tiarna bhur neart.”

11. Agus chiúnaigh na Léivítigh an pobal go léir á rá: “Bígí ar bhur suaimhneas; is lá coisricthe é seo; ná bíodh brón oraibh.”

12. Agus d'imigh an pobal go léir leo a ithe agus a ól agus a thabhairt scaireanna uathu agus a dhéanamh gairdis toisc gur thuig siad brí na nithe a fógraíodh dóibh.

13. An dara lá chruinnigh cinn finí an phobail ar fad agus na sagairt agus na Léivítigh timpeall Eazrá an scríobhaí le staidéar a dhéanamh ar bhriathra an dlí.

14. Agus fuair siad scríofa sa dlí a d'aithin an Tiarna trí Mhaois: “Tá clann Iosrael le maireachtáil i scáthláin le linn féile an tseachtú mí.”

15. A luaithe a chuala siad é sin, [d'fhógair] siad ina gcathracha go léir agus in Iarúsailéim: “Téigí faoi na sléibhte agus tugaigí libh géaga de chrainn olóige, píne agus mirtil agus pailme agus de chrainn chraobhacha eile le scáthláin a dhéanamh mar atá scríofa sa leabhar.”

16. Chuaigh an pobal amach agus thug leo iad agus rinne scáthláin dóibh féin, gach duine ar dhíon a thí féin, agus ina gclósanna, agus i gclósanna Theampall Dé, ar chearnóg Gheata an Uisce agus ar chearnóg Gheata Eafráim.

17. Rinne comhthionól iomlán na muintire a d'fhill ó dheoraíocht scáthláin agus chuaigh chun cónaithe iontu; ní dhearna clann Iosrael riamh a leithéid ó laethanta Iósúa mac Nún go dtí an uair sin. Bhí lúcháir mhór ann.

18. Lá i ndiaidh an lae ó thús deireadh, léadh Eazrá sleachta as leabhar dhlí Dé. Cheiliúir siad an fhéile ar feadh seacht lá, agus ar an ochtú lá bhí comhthionól sollúnta de réir mar a bhí ordaithe.