Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nihimiá 6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Críoch leis an mBalla

1. Nuair a chuala Sanballat, Tóibíá agus Geisim an tArabach agus ár naimhde eile go raibh an balla atógtha agam, gan bearna fágtha ann - cé nach raibh na comhlaí curtha agam ar na geataí fós -

2. chuir Sanballat agus Geisim teachtaireacht chugam: “Tar agus buail linn i gceann de na bailte i nGleann Ónó.” Bhí urchóid éigin beartaithe acu dom.

3. Chuir mé teachtairí chucu dá bhrí sin á rá: “Tá beartas mór ar bun agam agus dá bhrí sin ní féidir dom dul síos. Stadfadh an obair dá bhfágfainn ann í agus dul síos chugaibh.”

4. Chuir siad fios orm ceithre huaire ar an tslí sin, agus thug mé an freagra céanna orthu.

5. Chuir Sanballat, ar an intinn chéanna, a sheirbhíseach chugam den chúigiú huair le litir oscailte.

6. Seo mar a bhí scríofa inti: “Tá sé ina scéal reatha i measc na gciníocha, de réir mar a deir Geisim, go bhfuil ceannairc á beartú agatsa agus ag na Giúdaigh, agus gur chuige sin atá tú ag tógáil an bhalla, agus go bhfuil tú féin le bheith i do rí;

7. gur thug tú treoracha d'fháithe a fhógairt ar mhaithe leat in Iarúsailéim: ‘Tá rí ag Iúdá.’ Cloisfidh an rí na ráflaí seo go luath i dtreo go mb'fhearr duit teacht, más ea, agus cúrsaí a phlé linn.”

8. Chuir mé freagra ar ais chuige ar an méid sin: “Maidir lena bhfuil ráite agat, níor tharla aon ní dá leithéid; cumadóireacht as barr do chinn féin é go léir.”

9. Óir bhíodar ag iarraidh eagla a chur orainn; dúirt siad leo féin: “Tuirseoidh a lámha ón obair, agus ní chuirfear críoch go brách léi.” Ach idir an dá linn bhí neart breise [á chur] i mo lámha agam.

10. Thug mé cuaird ar Sheamaiá mac Dhaláiá mac Mhahaetabael mar go raibh cosc air teacht chugam. Dúirt sé:“Buailimis le chéile i dTeampall Dé,i ndiamhra an tsanctóra;Dúnaimis doirse an tsanctóra,Óir tá siad ag teacht ar tí do mharaithe,Tá siad ag teacht ar tí do mharaithe anocht.”

11. Ach d'fhreagair mé: “An dteithfeadh mo leithéidse? An rachadh fear de mo sheasamhsa isteach sa sanctoir lena anam a shabháil? Ní rachaidh mé!”

12. Thuig mé agus chonaic mé nach amhlaidh a chuir Dia é le hé sin a rá, ach gur fhógair sé an t‑oracal sin orm mar go raibh Tóibíá [agus Sanballat] á dhíol,

13. le go ndéanfainn é sin le barr scanradh, agus go ndéanfainn peaca le go bhféadfaidís mo cháil a mhilleadh agus fonóid a dhéanamh fúm.

14. Cuimhnigh, a Dhia, ar Thóibíá agus ar Shanballat de bharr a ndearna siad; agus ar Nóaidiá an banfháidh agus ar na fáithe eile a bhí ag iarraidh scanradh a chur orm.

15. Bhí an balla réidh dá bhrí sin faoi cheann dhá lá déag agus daichead, ar an gcúigiú lá fichead d'Ealúl.

16. Nuair a chuala ár naimhde ina thaobh, agus go bhfaca na ciníocha máguaird é, chuir sé alltacht orthu; bhí drochmheas acu ar ár naimhde agus d'admhaíodar gur le cabhair ár nDé a cuireadh an obair i gcrích.

17. I rith an ama chéanna seo bhí a lán de mhaithe Iúdá ag cur litreacha go tiubh go Tóibíá, agus bhí litreacha óThóibíá ag teacht chucu;

18. mar bhí mórán in Iarúsailéim faoi ghéillsine mionn dó mar ba chliamhain é do Sheacainiá mac Árach, agus bhí a mhac Iahóchánán pósta le hiníon Mhisiulám mac Bheiriceá.

19. Bhídís fiú ag maíomh a dhea-ghníomhartha os mo chomhair féin, agus chuiridís tuairisc ar mo chuid cainte ar ais chuige. Agus lean Tóibíá air ag cur litreacha chugam le scanradh a chur orm.