Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cathracha Léivíteacha

1. Ansin tháinig ceannairí finí na Léivíteach go hEileázár sagart agus go Iósua mac Nún, agus go ceannairí finí threibheanna Iosrael -

2. Bhíodarsan ag Sileo i dtír Chanán. Dúirt siad leo: “D'ordaigh an Tiarna trí Mhaois cathracha a thabhairt dúinn le cónaí iontu, agus an talamh timpeall orthu mar fhéarach dár n‑eallach.”

3. Dá réir sin de bharr ordú an Tiarna, thug clann Iosrael na cathracha seo inár ndiaidh agus an talamh féaraigh a ghabh leo do na Léivítigh as a n‑oidhreacht.

4. Caitheadh cranna ar son chuid finí na gCohátach. Thit trí chathair déag de chuid treibheanna Iúdá, Shimeon, agus Bhiniáimin leis na Léivítigh a chin ó chlann Árón an sagart.

5. An chuid eile de chlann Chohát, fuair siad ar cranna, fine ar fhine, deich gcathair ó threibheanna Eafráim, Dhán agus leath-threibh Mhanaise.

6. Fuair clann Ghéirseon ar cranna, fine ar fhine, trí chathair déag ó threibheanna Íosácár, Áiséar, Naftáilí agus an leath de threibh Mhanaise a chuir faoi i mBáiseán.

7. Fuair clann Mharáraí ar cranna, fine ar fhine, dhá chathair déag de threibh Reúbaen, Ghád agus Zabúlun.

8. Thug clann Iosrael na cathracha seo agus an talamh féaraigh a ghabh leo do na Léivítigh faoi mar a d'ordaigh an Tiarna trí bhéal Mhaois.

9. De threibh Iúdá agus de threibh Shimeon thugadar na cathracha seo a luafaimid ó ainm inár ndiaidh;

10. sliocht Árón a fuair iad seo, fine de chuid na gCohátach a bhain le treibh Léiví mar gur orthu a thit an chéad chrann.

11. Thugadar dóibh Ciriat Arba (Arba athair Anac), Heabrón is é sin, in ardáin Iúdá, agus an talamh féaraigh ina thimpeall.

12. Ach thugadar garraithe agus sráidbhailte na cathrach seo ina sheilbh do Chálaeb mac Iafuna.

13. Thugadar do chlann Árón, an sagart, Heabrón, cathair thearmainn do mharfóirí, agus an talamh féaraigh ina thimpeall; thugadar freisin Libneá lena thalamh féaraigh,

14. agus Iaitír lena thalamh féaraigh, Eistimeo lena thalamh féaraigh,

15. Holon lena thalamh fearaigh, Deibír lena thalamh féaraigh,

16. Aín lena thalamh féaraigh, Iutá lena thalamh féaraigh, Béit Seimis lena thalamh féaraigh - naoi gcathracha de chuid an dá threibh sin.

17. Ansin de threibh Bhiniáimin, Gibeón lena thalamh féaraigh, Geaba lena thalamh féaraigh,

18. Anatót lena thalamh féaraigh, Almón lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.

19. Ba é an líon cathracha ar fad a bhí ag sliocht Árón, na sagairt, trí cathracha déag lena dtalamh féaraigh.

20. Maidir le finí chlann Chohát, na Léivítigh eile de chlann Chohát, thit cathracha leo do threibh Eafráim.

21. Tugadh dóibh Seicim, an chathair thearmainn don mharfóir, lena thalamh féaraigh in ardáin Eafráim, agus Geizir lena thalamh féaraigh,

22. agus Ciobzaím lena thalamh féaraigh, Béit Horon lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha;

23. de threibh Dhán, Eilticé, lena thalamh féaraigh, Gibiteon lena thalamh féaraigh,

24. Aiálón lena thalamh féaraigh, Gat Rimeon lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.

25. De leath-threibh Mhanaise, Tánác lena thalamh féaraigh, agus Ibleám lena thalamh féaraigh - dhá chathair.

26. Ba é an líon cathracha ar fad a bhí ag an chuid eile d'fhiní chlann Chohát, deich gcathracha ar fad lena dtalamh féaraigh.

27. Tugadh do shliocht Ghéirseon, d'fhiní Léivíteach, de leath-threibh Mhanaise, an chathair thearmainn don mharfóir Golán i mBáiseán, lena thalamh féaraigh, agus Aisteárót lena thalamh féaraigh - dhá chathair.

28. De threibh Íosácár Diseon lena thalamh féaraigh, Dábarat lena thalamh féaraigh,

29. Iarmút lena thalamh féaraigh, Éan Gainím lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.

30. De threibh Áiséar Miseal lena thalamh féaraigh, Abdón lena thalamh féaraigh,

31. Healcat lena thalamh féaraigh, Rachob lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.

32. De threibh Naftáilí, Ceidis, an chathair thearmainn don mharfóir sa Gailíl, lena thalamh féaraigh, Hamat Dór lena thalamh féaraigh, agus Cartán lena thalamh féaraigh - trí cathracha.

33. Ba é an líon cathracha ar fad a bhí ag na Géirseonaigh, de réir a bhfiní, trí chathair déag lena dtalamh féaraigh.

34. Tugadh do shliocht Mharáraí, an chuid eile de na Léivítigh, ceithre cathracha lena dtalamh féaraigh, de threibh Zabúlun, Iocnám, lena thalamh féaraigh, Cartá lena thalamh féaraigh,

35. Rimeon lena thalamh féaraigh, Nahalál lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.

36. De threibh Reúbaen, lastall den Iordáin, Beizir lena thalamh féaraigh, Iaház lena thalamh féaraigh,

37. Cidéamót lena thalamh féaraigh, Maefát lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.

38. De threibh Ghád, Rámot i nGileád lena thalamh féaraigh, an chathair thearmainn don mharfóir, Machanaím lena thalamh féaraigh,

39. Heisbeon lena thalamh féaraigh, Iazaer lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha ar fad.

40. Ba é an líon cathracha a tugadh, fine ar fhine, do shliocht Mharáraí, a raibh fágtha d'fhiní na Léivíteach is é sin, dhá chathair déag.

41. Ba é an líon cathracha i gcríocha chlann Iosrael a bronnadh ar na Léivítigh, ocht gcathair agus daichead lena dtalamh féaraigh.

42. Ghabh a talamh féaraigh máguaird le gach cathair díobhsan; mar sin a bhí ag gach cathair díobh.

43. Ar an gcaoi sin bhronn an Tiarna ar Iosrael an talamh go léir a mhionnaigh sé dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh; ghabhadar seilbh air agus chuireadar fúthu ann.

44. Thug an Tiarna síocháin dóibh ar gach teorainn faoi mar a mhionnaigh sé dá n‑aithreacha; níor éirigh le hoiread agus namhaid dá gcuid an fód a sheasamh ina n‑aghaidh, mar gur chuir an Tiarna a naimhde go léir faoina mbois.

45. Oiread agus gealltanas de na gealltanais fhónta go léir a thug an Tiarna do theaghlach Iosrael, níor theip; comhlíonadh gach ceann.