Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Spiaireacht

1. Sheol Iósua mac Nún beirt fhear faoi choim ó Shitim mar spiairí á rá leo: “Ar aghaidh libh, breathnaígí an dúiche, go háirithe Ireachó.” Ar aghaidh leo agus chuadar isteach i dteach striapaí darbh ainm Rácháb, agus chuireadar fúthu ann.

2. Tugadh scéala go rí Ireachó: “Féach, tá fir tagtha anseo anocht ó Iosrael chun an tír a bhrath.”

3. Ansin chuir rí Ireachó scéal go Rácháb á rá: “Tabhair amach na fir a tháinig chugat, agus a chuaigh i do theach isteach, mar is chun an tír go léir a bhrath a thángadar.”

4. Ach bhí an bheirt glactha chuici ag an mbean agus ceilte aici; dúirt sí dá bhrí sin: “Sea, tháinig fir chugam go deimhin, ach níorbh eol dom cárbh as dóibh

5. agus nuair a bhí an geata le dúnadh le titim na hoíche, d'imíodar leo amach. Ní fheadar cár ghabh na fir; téigí sa tóir orthu go tapa mar béarfaidh sibh orthu.”

6. Ach thug sí suas ar dhíon an tí iad agus chuir i bhfolach iad faoi ghasa lín a bhí leagtha ina sraitheanna aici ar an díon.

7. Chuaigh na fir sa tóir orthu ar feadh na slí chun na Iordáine chomh fada leis na háthanna. A luaithe a d'imigh an tóir amach, dúnadh an geata.

8. Sula ndeachaigh an dream eile a luí, tháinig sí aníos ar an díon chucu

9. agus dúirt sí leis na fir: “Tá a fhios agam gur thug an Tiarna an tír daoibh agus gur bhuail scanradh sinn romhaibh, agus gur thit an lug ar an lag ar dhúchasaigh na tíre romhaibh.

10. Óir chualamar conas mar a thriomaigh an Tiarna uiscí Mhuir na nGiolcach romhaibh nuair a tháinig sibh as an Éigipt amach, agus cad a rinne sibh le beirt rí na nAmórach thar Iordáin thall, Síochon agus Óg; scrios sibh iad faoin mbang.

11. A luaithe a chualamar an scéal, thit an lug ar an lag againn, agus níor fhan misneach ag aon duine de bhur mbarr; óir sé an Tiarna bhur nDia, is Dia ar neamh thuas agus ar talamh thíos.

12. Anois dá bhrí sin, tugaigí an leabhar dom dar an Tiarna, ós rud é go raibh mise dílis cineálta libhse go mbeidh sibhse leis dílis cineálta le líon tí m'athar agus tugaigí geall cinnte dom,

13. go ndéanfaidh sibh anacal ar m'athair agus ar mo mháthair, ar mo dheartháireacha agus ar mo dheirfiúracha, agus ar gach aon duine a bhaineann leo, agus go dtabharfaidh sibh slán ón mbás sinn.”

14. Ansin d'fhreagair na fir í: “Ár n‑anam in áit bhur n‑anam, mura sceitheann tú ar an réiteach eadrainn; beimid cineálta dílis leat nuair a bhronnfaidh an Tiarna an fearann orainn.”

15. Ansin lig Rácháb síos iad ar théad ón bhfuinneog mar bhí an teach buailte le balla na cathrach ach í ina conaí laistigh den bhalla.

16. Dúirt sí leo: “Suas libh faoi na sléibhte chun éalú ón tóir atá oraibh. Téigí i bhfolach ar feadh trí lá go bhfillfidh an tóir agus ansin imígí libh.”

17. D'fhreagair na fir: “An mionn a chuir tú d'iallach orainn a mhionnú duit, ní luífidh sé orainn ach ar na coinníollacha seo:

18. Féach nuair thiocfaimidne isteach sa tír déansa an coirdín craorag seo a cheangal den fhuinneog ónar scaoil tú anuas sinn; ní foláir duit d'athair agus do mháthair agus muintir d'athar ar fad a thabhairt leat isteach i do theach.

19. Má théann aon duine thar thairseacha do thí amach sa tsráid, beidh a chuid fola sa mhullach air féin, ach beimidne neamhchiontach; ach má leagtar lámh ar aon duine a bheidh farat sa teach, beidh a chuid fola sa mhullach orainne.

20. Ach má sceitheann tú ar an ngnó seo againne, ansin beimid saor ón mionn a chuir tú d'iallach orainn a thabhairt duit.”

21. Agus dúirt sí: “Bíodh mar a deir sibh.” Scaoil sí leo agus d'imíodar. Cheangail sí an coirdín craorag den fhuinneog.

22. Chuireadar chun siúil agus suas leo faoi na sléibhte, agus d'fhanadar ansiúd trí lá go dtí gur fhill an tóir tar éis dóibh an dúiche go léir a chuardach ach gan iad a fháil.

23. Ansin tháinig an bheirt anuas ó na sléibhte agus anall thar abhainn leo agus thángadar go Iósua mac Nún agus d'insíodar dó gach ar tharla dóibh.

24. Dúradar le Iósua: “Tá an tír go léir tabhartha faoinár láimh ag an Tiarna, agus tá ballchrith ar a gcónaíonn ann le heagla romhainn.”