Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cathracha Tearmainn

1. Dúirt an Tiarna le Iósua:

2. “Labhair leis na hIosraelaigh agus abair leo:

3. ‘Ainmnígí na cathracha tearmainn ar ar labhair mé libh trí Mhaois; cathracha inar féidir le marfóir a dhéanann marú gan bheartú nó trí thaisme dídean a fháil; beidh na cathracha seo mar thearmann agaibh ón díoltach fola.

4. Ní miste don mharfóir teitheadh go dtí ceann de na cathracha seo; seasadh sé ag an mbealach isteach trí gheata na cathrach agus míníodh sé a chás do sheanóirí na háite. Tabharfaidh siad isteach sa chathair ansin é agus tabharfaidh siad áit chónaithe dó ina measc.

5. Má bhíonn an díoltach fola sa tóir air, ná tugaidís an marfóir ar láimh dó, mar gur mharaigh sé a chomharsa trí thaisme, gan aon fhaltanas a bheith aige leis roimhe sin.

6. Fanadh an marfóir sa chathair sin nó go seasa sé a thriail os comhair an chomhthionóil, go bhfaighe an t‑ardsagart in oifig bás; tá cead ansin ag an marfóir filleadh ar a chathair féin agus ar a bhaile féin, ar an gcathair as ar theith sé.’ ”

7. Roghnaíodar Ceidis sa Ghailíl in ardáin Naftáilí, agus Seicim in ardáin Eafráim, agus Ciriat Arba (Heabrón is é sin) in ardáin Iúdá.

8. Lastall den Iordáin, lastoir sall ó Ireachó, san fhásach ar an ardchlár, roghnaíodar Beizir le treibh Reúbaen, agus Rámót Gileád le treibh Ghád, agus Golán i mBáiseán le treibh Mhanaise.

9. Sin iad na cathracha a cuireadh i leataobh do mhuintir Iosrael go léir, agus don deoraí ina chónaí ina measc, mar a bhféadfadh an marfóir tearmann a fhail, an té is é sin a mharaigh a chomharsa go ciniúnach; agus a anam a bhreith leis ón díoltach fola go seasfadh sé a thriail os comhair an chomhthionóil.