Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Treibh Mhanaise

1. Fuair Manaise a chuid ar cranna mar gurbh é céadghin Iósaef é; do Mhácaír, céadghin Mhanaise, agus athair Ghileád, tugadh Gileád agus Báiseán, mar ba dhual do fhear faobhair.

2. Tugadh don chuid eile de threibh Mhanaise oidhreacht de réir a bhfiní - do chlann Aibíeizir, do chlann Héilic, do chlann Aisríéil, do chlann Sheicim, do chlann Héifir, do chlann Shimídeá; ba shin iad síol chlann mhac Mhanaise mac Iósaef, de réir a bhfiní.

3. Zalofachád mac Héifir, mac Ghileád, mac Mhácaír, mac Mhanaise, ní raibh aon mhac aige ach iníonacha darbh ainm Machlá agus Noá agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá.

4. Thángadar seo go dtí Eileázár an sagart agus go dtí Iósua mac Nún agus na ceannairí. “D'ordaigh an Tiarna do Mhaois,” ar siad, “oidhreacht a thabhairt dúinn i measc ár mbráithre.” Tugadh oidhreacht dóibh dá bhrí sin i measc bráithre a n‑athar de réir mar a d'ordaigh an Tiarna.

5. Ar an tslí sin fuair Manaise deich ranna seachas dúiche Ghileád agus Báiseán lastall den Iordáin,

6. mar go bhfuair iníonacha Mhanaise oidhreacht chomh maith lena mhic. Leis an gcuid eile de chlann mhac Mhanaise dúiche Ghileád.

7. Ar thaobh Áiséar ba é Micmeatát os comhair Sheicim teorainn Mhanaise; ghabh sí ó dheas ansin go Iaisíb ag tobar Thapúach.

8. Le Manaise dúiche Thapúach, ach le clann Eafráim baile Thapúach féin ar an teorainn le Manaise.

9. Ghabh an teorainn síos ansin go sileán Cháná (ba le treibh Eafráim na bailte laisteas den sileán seachas iad siúd a bhí acu i measc bailte Mhanaise; lastuaidh den sileán a bhí críocha Mhanaise) agus shroich ceann scríbe ag an bhfarraige.

10. Ó dheas bhí Eafráim; ó thuaidh bhí Manaise, agus an fharraige mar theorainn acu araon; shíneadar chomh fada le hÁiséar thuaidh agus Íosácár thoir.

11. In Íosácár agus in Áiséar bhí ag Manaise: Béit Seán agus a shráidbhailte máguaird; Ibleám agus a shráidbhailte, lucht Dhór agus a shráidbhailte, lucht Éan Dór agus a shráidbhailte, lucht Thánác agus a shráidbhailte, lucht Mhigideo agus a shráidbhailte, agus trian Neifit.

12. De bhrí nár fhéad clann Mhanaise greim a fháil ar na cathracha sin, lean na Canánaigh orthu ina gcónaí sa dúiche sin.

13. Nuair a chuaigh clann Iosrael i neart, chuireadar na Canánaigh faoi chuing na daoirse, ach gan iad a dhíbirt ar fad.

14. Labhair teaghlach Iósaef le Iósua á rá: “Cén fáth nár thug tú dom ach aon chuid amháin, aon roinn amháin, mar oidhreacht, agus gur líonmhar iad mo mhuintir mar gur bheannaigh an Tiarna mé go dtí seo?”

15. D'fhreagair Iósua: “Más pobal líonmhar sibh, suas libh chun na foraoise agus déanaigí talamh a ghlanadh i gcríocha na bPirizeach agus na Rafáím mar go bhfuil ardáin Eafráim róchúng daoibh.”

16. D'fhreagair treibh Iósaef: “Ní leor dúinn na hardáin, ach tá carbaid iarainn ag na Canánaigh go léir atá ag cur fúthu sna machairí, acu siúd i mBéit Seán agus sna sráidbhailte máguaird, agus acu siúd i Machaire Izréil.”

17. Dúirt Iósua ansin le teaghlach Iósaef, le hEafráim agus le Manaise: “Pobal mór sibh, agus pobal an-tréan; ní i dtaobh le haon roinn amháin a bheidh sibh;

18. beidh na hardáin in bhur seilbh, agus ní mór daoibh iad a ghlanadh mar tá siad faoi bhrat crann; beidh siad go léir in bhur seilbh ó cheann ceann, ach [ní] féidir daoibh na Canánaigh a dhíbirt de bharr a gcarbad iarainn agus a nirt.”