Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Treibh Shimeon

1. Ar Shimeon a thit an dara crann, ar threibh chlann Shimeon de réir a bhfiní; bhí a n‑oidhreacht i lár oidhreacht threibh Iúdá.

2. Fuaireadar mar chuid ronna: Béar Seaba, Seaba, Móládá,

3. Hazar Siúál, Bálá, Eizim,

4. Eilteólad, Batúl, Hormá,

5. Zicleag, Béit Marcábot, Hazar Súsá,

6. Béit Labáót, Seárúchan - trí cathracha déag lena sráidbhailte.

7. Aín, Rimeon, Eitir, Aiseán - ceithre cathracha lena sráidbhailte.

8. Leosan gabhann na sráidbhailte go léir timpeall ar na cathracha sin chomh fada le Bálat Béar agus Rámá an Neigib. Sin í oidhreacht threibh chlann Shimeon de réir a bhfiní.

9. Cuid de thailte threibh Iúdá a tugadh mar oidhreacht do threibh chlann Shimeon, mar bhí roinn threibh Iúdá rómhór dóibh; sin é an fáth gur laistigh d'oidhreacht chlann Iúdá a fuair clann Shimeon a n‑oidhreacht féin.

Treibheanna Zabúlun agus Íosácár

10. Thit an tríú crann ar threibh Zabúlun de réir a bhfiní. Shín a dtailte oidhreachta chomh fada le Sáraíd.

11. Ghabh a dteorainn siar in airde go Maral, cneas le Daibisit ar dtús agus ansin leis an gcom sall ó Iocnán;

12. Ghabh an teorainn soir i dtreo éirí gréine ó Sháraíd go teorainn Chioslot Tábor, ansin i dtreo Dhobrat agus ansin suas go Iáifia.

13. Ghabh sí ar aghaidh soir ansin i dtreo éirí gréine go Gát Héifir agus go hÍt Cázaín; bhain sí amach Rimeon, agus chas i dtreo Néá.

14. Ag gabháil ó thuaidh ansin di chas sí i dtreo Hanaton agus stad ag machaire Ifteachael.

15. Mar aon leis sin bhí Catá, Nahalál, Simreon, Idealá agus Beithil - dhá chathair déag lena sráidbhailte.

16. Sin í oidhreacht chlann Zabúlun, de réir a bhfiní - na cathracha sin agus a sráidbhailte.

17. Thit an ceathrú crann ar Íosácár, ar threibh Íosácár de réir a bhfiní.

18. Ar a dtailte bhí Izréil, Casulót, Siúnaem,

19. Hafáraím, Síón, Anácharát,

20. Raibít, Ciseon, Eibiz,

21. Reimit, Éan Gainím, Éan Hadá, Béit Pazaz.

22. Ghabh a dteorainn cneas le Tábór agus Seachazaímeá agus Béit Seimis, agus stad ag an Iordáin - sé cathracha déag lena sráidbhailte.

23. Sin í oidhreacht chlann Íosácár de réir a bhfiní - na cathracha lena sráidbhailte.

Treibheanna Áiséar agus Naftáilí

24. Thit an cúigiú crann ar threibh chlann Áiséar de réir a bhfiní.

25. Ina bhfearann bhí Healcat, Haili, Beitin, Aicseáf,

26. Alam Meilic, Amád, Miseál; ar an taobh thiar shroich sé Cairmeil agus srutháin Libneát.

27. Ar an taobh eile ghabh sé soir go Béit Dágón, shín chomh fada le Zabúlun agus Gleann Ifteachael, ó thuaidh go Béit Éimic agus Níéil; as sin ar aghaidh go Cábúl. Ar an taobh thuaidh

28. bhain Eibreon, Rachob, Hamón, Cáná agus as sin go Síodón Mhór leis.

29. Ghabh an teorainn ansin i dtreo Rámá, agus shroich daingean na Tuíre agus Hósá agus stad ag an bhfarraige. Machalab, Aiczíb,

30. Umá, Afaec, Rachob - dhá chathair fichead lena sráidbhailte.

31. Sin í oidhreacht threibh chlann Áiséar de réir a bhfiní - na cathracha sin lena sráidbhailte.

32. Thit an séú crann ar chlann Naftáilí, ar chlann Naftáilí de réir a bhfiní.

33. Shín a gcríocha ó Heilif agus ó Dhair Zanainím go hAdámaí Neicib, go Iabnael, agus ar aghaidh go Lacúm, agus stad siad ag an Iordáin.

34. Ghabh an teorainn thiar go hAznót Tábór agus as sin go Hucoc, cneas le Zabúlun laisteas agus le hÁiséar laistiar, agus le Iúdá lastoir ag an Iordáin.

35. Seo iad na cathracha daingne: Zidím, Zéar, Hamat, Racat, Cineirit,

36. Adámá, Rámá, Házor,

37. Ceidis, Eidreí, Éan Házór,

38. Íreon, Migdeál Éil, Horaem, Béit Anát, Beit Seimis - naoi gcathair déag lena sráidbhailte.

39. Sin í oidhreacht chlann Naftáilí de réir a bhfiní, na cathracha lena sráidbhailte.

Treibh Dhán

40. Thit an seachtú crann ar chlann Dhán de réir a bhfiní.

41. Bhain lena bhfearann oidhreachta: Zorá, Eisteáól, Ír Seimis,

42. Sealaibín, Aiálón, Itleá,

43. Eileon, Timneá, Eacrón,

44. Eilticé, Gibiteon, Bálát,

45. Iahud, Beiné Barac, Gat Rimeon,

46. Mé Iarcón, Racón agus an dúiche sall ó Iopa.

47. Ach chuir lucht dhúiche chlann Dhán ina n‑aghaidh, agus ghabh clann Dhán ó thuaidh dá bhrí sin agus d'ionsaíodar Leisim; ghabh siad é agus d'imir faobhar claímh air. Thóg siad seilbh ar an gcathair agus chuir fúthu inti, agus d'athraigh siad a hainm ó Leisim go Dán, i gcuimhne a sinsir, Dán.

48. Sin í oidhreacht threibh chlann Dhán de réir a bhfiní, na cathracha sin lena sráidbhailte.

49. B'shin deireadh le cranna á gcur chun an tír a roinnt mar sheilbh oidhreachta. Thug clann Iosrael oidhreacht ina measc do Iósua mac Nún.

50. Thug siad dó, ar ordú an Tiarna, a rogha cathair, Timneár Searach in ardáin Eafraim. Rinne sé an chathair sin a atógáil agus chuir faoi inti.

51. Sin iad na hoidhreachtaí a rinne Eileázár sagart, Iósua mac Nún, agus ceann gach fine a dháileadh ar cranna ar na treibheanna i Sileo i láthair an Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála. B'shin é an clabhsúr acu ar roinnt na críche.