Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Na Trí Treibheanna Móra -- Laistiar den Iordáin

1. Seo iad na tailte a fuair clann Iosrael mar oidhreacht i dtír Chanán de réir mar a roinneadh orthu ag Eileázár an sagart agus Iósua mac Nún agus cinn finí chlann Iosrael.

2. Rinneadh an roinnt don naoi dtreibh go leith ar cranna mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

3. Thug Maois a n‑oidhreacht féin don dá threibh go leith lastall den Iordáin, ach níor thug sé aon oidhreacht ina measc do chlann Léiví.

4. Dhá threibh a ba ea clann Iósaef, Manaise agus Eafráim; níor tugadh aon chuid den fhearann do na Léivítigh ach cathracha áirithe le cónaí iontu, agus an talamh féaraigh ina dtimpeall dá n‑eallach agus dá maoin.

5. Ag roinnt an fhearainn dóibh rinne clann Iosrael mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

6. Tháinig dream de chlann Iúdá go Iósua ag Gilgeál, agus dúirt Cálaeb mac Iafuna, an Cinizeach, leis: “Tá fhios agat cad dúirt an Tiarna le Maois, óglach Dé, i gCáidéis Bairnéa mar gheall ortsa agus ormsa.

7. Bhí mé daichead bliain d'aois nuair a sheol Maois ó Cháidéis Bairnéa mé chun an tír seo a bhrath, agus thug mé tuairisc dó le barr dílseachta.

8. Ach mo bhráithre a ghabh suas liom, chuireadar lagmhisneach ar an bpobal, ach rinne mé féin rud ar an Tiarna go beacht.

9. Mhionnaigh Maois an lá úd á rá: ‘An talamh ar ar leag tú bonn do choise, bí deimhin de go mbeidh sé ina oidhreacht agat féin agus ag do chlann go brach, óir rinne tú rud ar an Tiarna mo Dhia go beacht.’

10. Féach, choinnigh an Tiarna i mo bheatha mé ón lá úd go dtí seo, de réir mar a gheall sé. Tá cúig bliana agus daichead ann ó thug an Tiarna an gealltanas sin do Mhaois agus Iosrael fós ag taisteal tríd an bhfásach. Seo mé cúig bliana agus ceithre fichid d'aois anois.

11. Táim chomh laidir céanna inniu agus a bhí mé an lá a sheol Maois uaidh mé; tá mo neart anois chun troda, chun dul ar eachtra agus filleadh, mar a bhí an uair ud.

12. Tabhair dom más ea na hardáin a gheall an Tiarna dom an uair úd. Chuala tú an uair úd go raibh na hAnacaím ag cur fúthu ansiúd, agus gur mhór agus gur dhaingean iad a gcathracha. Má bhíonn an Tiarna faram, tiomáinfidh mé amach iad mar a dúirt an Tiarna.”

13. Chuir Iósua a bheannacht ar Chálaeb mac Iafuna agus thug Heabrón dó mar oidhreacht.

14. Uime sin d'fhan Heabrón i seilbh oidhreachta Chálaeb mac Iafuna an Cinizeach mar go ndearna sé rud ar an Tiarna, Dia Iosrael, go beacht.

15. Ciriat Arba a bhí mar ainm ar Heabrón roimhe sin. Ba é an fear seo Arba an gaiscíoch ba mhó ag na hAnacaím.Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.