Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Ullmhú

1. Tar éis bháis do Mhaois óglach an Tiarna, dúirt an Tiarna le Iósua mac Nún, feidhmeannach Mhaois:

2. “Tá Maois m'óglach tar éis bháis. Éirigh dá bhrí sin agus thar an Iordáin seo anonn leat, thú féin agus an pobal seo go léir, agus isteach leat sa tír atá á thabhairt agam dóibhsean, do chlann Iosrael.

3. Gach fód ar a leagfaidh sibh bonn bhur gcoise, tabharfaidh mé daoibh é, mar a gheall mé do Mhaois.

4. Ón bhfásach agus ón Liobáin anseo go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes, dúiche na Hiteach go léir chomh fada leis an bhFarraige Mhór laistiar, sin iad na críocha a bheidh agaibh.

5. Ní fhéadfaidh aon duine an fód a sheasamh i d'aghaidh i gcaitheamh do shaoil go léir; mar a bhí agam le Maois is ea a bheidh agam leatsa; ní thréigfidh mé thú ná cliseadh ort.

6. Bíodh neart ionat agus misneach agat, mar an tír seo a mhionnaíos dá n‑aithreacha a thabharfainn dóibh, is tusa a chuirfidh é i seilbh an phobail seo mar oidhreacht.

7. Bí teann, sin uile, agus bíodh misneach thar na bearta agat, agus féach chuige le cáiréis go ndéanfaidh tú beart de réir an dlí go léir a d'ordaigh Maois m'óglach duit; ná cas ar dheis ná ar chlé uaidh, i dtreo go mbeidh an t‑ádh leat cibé treo baill ina rachaidh tú.

8. Leabhar seo an dlí, ná fágadh sé do bhéal ach déan do mhachnamh air de lá agus d'oíche, le go ndéanfaidh tú go beacht de réir gach a bhfuil scríofa ann, óir is mar sin a chuirfidh tú an rath ar do ród agus a bheidh an t‑ádh i do bhóthar.

9. Nár thug mé ordú duit? Bí teann agus bíodh misneach agat. Ná bíodh eagla ort ná beaguchtach, mar tá an Tiarna do Dhia farat cibé áit a rachaidh tú.”

10. Ansin thug Iósua ordú d'oifigigh an phobail á rá: “Gabhaigí tríd an gcampa agus tugaigí an t‑ordú seo don phobal:

11. ‘Ullmhaígí lón daoibh féin. Faoi cheann trí lá rachaidh sibh thar Iordáin anseo ar an tslí isteach chun seilbh a fháil ar an tír atá an Tiarna bhur nDia a thabhairt daoibh in bhur seilbh.’ ”

12. Agus dúirt Iósua leis na Reúbaenaigh, na Gádaigh, agus leath-threibh Mhanaise:

13. “Cuimhnigí ar ar ordaigh Maois óglach an Tiarna daoibh á rá: ‘Tá áit suaimhnis á sholáthar ag an Tiarna bhur nDia daoibh agus tabharfaidh sé an talamh seo daoibh.’

14. Bhur mná, bhur miondaoine, bhur n‑airnéis, fanfaidh siad san fhearann a thug Maois daoibh, taobh thall den Iordáin; ach gach fear in bhur measc a iompraíonn airm, rachaidh siad anonn faoi airm os comhair bhur mbráithre agus cabhróidh siad leo,

15. nó go dtugann an Tiarna suaimhneas do bhur mbráithre chomh maith libh féin agus go ngabhfaidh siadsan leis seilbh ar an bhfearann atá an Tiarna bhur nDia a thabhairt dóibh; ansin fillfidh sibh ar bhur bhfearann dílis agus seilbh a ghabháil air, an fearann a thug Maois óglach an Tiarna daoibh lastoir den Iordáin.”

16. D'fhreagraíodar Iósua á rá: “Déanfaimid gach ar ordaigh tú dúinn; rachaimid cibé áit a seolfaidh tú sinn.

17. Rinneamar rud ar Mhaois i ngach gnó, agus déanfaimid rud ortsa mar an gcéanna; go raibh an Tiarna do Dhia leatsa faoi mar a bhí le Maois, sin uile!

18. Aon duine a dhéanfaidh ceannairc in aghaidh ordú uait, agus nach ngéillfidh do do bhriathra, cibé rud a ordaíonn tú, cuirfear chun báis é. Bí teann, sin uile, agus bíodh misneach agat.”