Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Na Giúdaigh faoi Mheas Arís

1. An lá ceannann céanna thug an rí Aisiuéaróis teach Hámán, géarleantóir na nGiúdach, don bhanríon Eistir. Agus tháinig Mordacaí i láthair an rí mar chuir Eistir in iúl don rí cén gaol a bhí eatarthu.

2. An fáinne séala a thug an rí do Hámán, bhain sé de arís é, agus thug é do Mhordacaí, agus chuir Eistir Mordacaí i gceannas ar theach Hámán.

3. Ansin labhair Eistir arís leis an rí. Chaith sí í féin ag a chosa á impí air go géar goirt deorach an t‑olc a bheartaigh Hámán agus a scéim urchóideach in aghaidh na nGiúdach a chur ar ceal.

4. Shín an rí an tslat ríoga óir chuig Eistir,

5. agus d'éirigh sí agus sheas os comhair an rí: “Más toil leis an rí é agus má tá lé aige liom, más ceart é m'iarratas dar leis, agus más gean leis mé, deonaíodh sé ordú a chur ar phár ag aisghairm na litreacha a chum Hámán mac Hamadátá, an tAgágach, d'fhonn na Giúdaigh go léir a dhíothú i ngach cúige de chúigí an rí.

6. Mar conas a d'fhéadfainn a bheith ag faire ar an olc agus ar an urchóid go léir atá i ndán do mo mhuintir? Conas a thiocfadh liom a bheith ag faire ar mo chine á ndíothú?”

7. Ansin dúirt an rí Aisiuéaróis leis an mbanríon Eistir agus le Mordacaí an Giúdach: “Féach! thug mé teach Hámán d'Eistir, agus crochadh é féin ar an gcroch de bhrí gur bheartaigh sé lámha a leagan ar na Giúdaigh.

8. Scríobhaigí mar is rogha libh i dtaobh na nGiúdach, in ainm an rí, agus cuirigí séala ar an scríbhinn le fáinne an rí; óir ní féidir ordú scríofa in ainm an rí agus seálaithe le fáinne an rí a chur ar ceal.”

9. Cuireadh fios ar scríobhaithe an rí ar an toirt - ba é an tríú mí é, mí Síveán, agus an tríú lá fichead den mhí - agus scríobhadh orduithe de réir mar a dheachtaigh Mordacaí, do na Giúdaigh, do na cúigigh, do na gobharnóirí agus do lucht ceannais na gcúigí go léir ón Ind go dtí an Aetóip - céad fiche a seacht gcúige - do gach cúige ina scríbhinn féin, agus do gach cine ina theanga féin, agus do na Giúdaigh ina scríbhinn agus ina dteanga féin.

10. Bhí na horduithe scríofa in ainm an rí Aisiuéaróis agus séalaithe le fáinne an rí, agus seoladh iad le heachlaigh ar muin each ó ghraíonna an rí féin.

11. Cheadaigh an rí do na Giúdaigh de réir na n‑orduithe sin, cibé cathair ina raibh cónaí orthu, cruinniú le chéile chun iad féin a chosaint, agus aon fhórsa armtha ó aon chine nó ó aon chúige a dhéanfadh ionsaí orthu a dhíothú agus a scrios agus a mhilleadh, mná agus leanaí agus uile, agus a maoin a chreachadh;

12. bhí feidhm leis na horduithe ón lá céanna ar fud cúigí an rí Aisiuéaróis ar fad an tríú lá déag den dara mí déag, mí Adár is é sin. 12a Mar seo a ghabh téacs litir na n‑orduithe: 12b Beatha agus sláinte ón rí mór Aisiuéaróis do chúigígh na gcéad fiche a seacht gcúige a shíneann ón Ind go dtí an Aetóip, do ghobharnóirí na gcúigí agus dár ngéillsinigh dhílse go léir. 12c Is iomaí duine agus is uabhride iad a mhéad a thugtar onóir dóibh trí chineáltas a bpátrún. Agus ní leor leo urchóid a dhéanamh dár ngéillsinigh, ach de bhrí nach féidir leo a dteaspach a iompar, déanann siad iarracht ar cheilg a dhéanamh in aghaidh a bpátrún féin. 12d Ní hé amháin go scriosann siad mothú an bhuíochais ó chroí an duine, ach scuabtar ar aghaidh iad ag gártha molta an dreama atá dall ar an maith, i dtreo gur dóigh leo go rithfidh leo breithiúnas Dé, ar fuath leis an t‑olc, a sheachaint, cé gur léir i gcónaí do Dhia gach ní. 12e Is minic mórán do lucht an údaráis freagrach a bheag nó a mhór i bhfuil neamhchiontach a dhoirteadh agus páirteach i dtubaistí doleigheasta, mar gur chuir siad a ngnóthaí i gcúram a gcairde agus gur ghéill siad dá gcomhairle-sean; 12f mar go meallann an dream úd dea-thoil an lucht ceannais leis na hargóintí cealgacha a shníonn ó íochtar a gcoirpeachta. 12g Is féidir é sin a thabhairt faoi deara gan dul i muinín stair tréimhsí níos ársa dá ndearnamar tagairt; ní gá ach súil a chaitheamh ar a bhfuil os bhur gcomhair, ar na cionta a rinne sraith scraistí d'fheidhmeannaigh shuaracha. 12h As seo amach déanfaimid ár ndícheall síocháin agus suaimhneas na ríochta a riar ar chách; 12i mar déanaimid na leasuithe is gá agus tabharfaimid breith ar gach a gcuirfear faoinár mbráid le barr tuisceana. 12j Hámán mac Hamadátá, Macadónach, fear gan braon d'fhuil Pheirseach ná aon chaidreamh ar bith aige lenár gcineáltas, chuireamar fáilte roimhe 12k agus dháileamar chomh fial sin air an daonnacht sin lena bpléimid le gach cine, gur tugadh ár n‑athair air, agus go mbíodh gach duine go forleathan ag umhlú dó amhail is gurbh é tánaiste na cathaoireach ríoga é. 12l Ach theip air srian a choimeád lena uabhar agus thug sé faoi idir ríocht agus anam a sciobadh uainn. 12m Le barr calaoise agus cneámhaireacha d'iarr sé Mordacaí, an té a d'fhuascail sinn agus a rinne an mhaith i gcónaí dúinn, agus Eistir ár gcéile gan cháim sa ríocht, agus a gcine go léir chomh maith, a scriosadh. 12n Shíl sé go bhfágfadh sé gan dídean sinn ar an gcuma sin agus go ndéanfadh sé impireacht na Peirse a chur i lámha na Macadónach. 12o Ach tuigtear dúinn anois nach coirpigh iad na Giúdaigh a bheartaigh an scraiste ródhamanta a scriosadh, ach go bhfuil siad faoi réir dlíthe sárchóra, 12p agus gurb iad clann an té is airde iad, Dia beo uilechumhachtach, an té a stiúir an ríocht i gcónaí le togha eagair dúinne agus dár sinsir. 12q Is maith mar a dhéanfaidh sibh dá bhrí sin ach gan beart a dhéanamh de réir na litreacha a sheol Hámán mac Hamadátá, óir tá a n‑údar, agus a theaghlach go léir, mar aon leis, crochta ag geataí Shúsa; óir d'imir Dia, rialtóir na n‑uile, go tapa air an pionós a thuill sé. 12r Cuirigí cóipeanna den litir seo in airde i ngach áit phoiblí; tugaigí céad do na Giúdaigh a nósanna féin a chleachtadh; agus tagaigí i gcabhair orthu i dtreo gur féidir leo iad féin a chosaint ar aon duine a dhéanfadh ionsaí orthu an lá a roghnaíodh ar dtús lena gciapadh, an tríú lá déag is é sin den dara mí déag, mí Adár is é sin. 12s Óir ní lá léirscriosta a rinne Dia uilechumhachtach den lá sin dá chine tofa, ach lá lúcháire. 12t Dá bhrí sin déanaigíse, a Ghiúdacha, an lá seo a cheiliúradh go lúcháireach, mar lá ar leith féile i measc bhur sollúnacha, 12u i dtreo go mbeidh sé anois agus as seo amach, daoibhse agus do Pheirsigh dhílse, ina cheiliúradh ar bhur bhfuascailt, agus don dream a dhéanann comhcheilg inár n‑aghaidh, ina chuimhneachán ar a scrios. 12v Gach baile agus gach tír i gcoitinne nach leanfaidh na treoracha seo, scriosfar é gan taise gan trócaire le faobhar agus tine; beidh sé doshiúlta ag daoine agus beidh an ghráin dhearg ag na hainmhithe allta agus na héin féin air go brách.”

Téacs an Fhorógra

13. Bhí cóip den reacht sin le foilsiú mar dhlí i ngach cúige, agus fograíodh é do na ciníocha go léir, i dtreo go mbeadh na Giúdaigh ullamh, an lá a bhí ceaptha, le díoltas a imirt ar a naimhde.

14. Chuir na heachlaigh chun bealaigh ar mhuin each, a bhíodh in usaid i seirbhís an rí, le teann deabhaidh agus luais ar ordú an rí. Foilsíodh an reacht freisin i ndúnfort Shúsa.

15. Ghabh Mordacaí amach ó láthair an rí agus é feistithe i rífhallaing de ghorm is bán, le coróin mhór óir ar a cheann, agus brat de línéadach mín corcra uime; chuir cathair Shúsa na gártha áthais suas.

16. Bhí na Giúdaigh faoi ghile agus áthas, faoi aiteas agus faoi onóir.

17. I ngach cúige agus i ngach cathair dár shroich ordú agus reacht an rí, bhí áthas agus aoibhneas ar na Giúdaigh agus fleá agus féile acu. Agus rinneadh a lán de na ginte a thimpeallghearradh agus d'iompaíodar ina nGiúdaigh le heagla roimh na Giúdaigh.