Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Lá Fhéile Púirím

1. Tháinig ordú agus reacht an rí i bhfeidhm ar an tríú lá déag den dara mí déag, mí Adár, agus an lá ar a raibh súil ag naimhde na nGiúdach le hiad a scriosadh, bhí a mhalairt de thoradh air; b'iad na Giúdaigh a scrios a naimhde.

2. Chruinnigh na Giúdaigh le chéile ina mbailte ar fud cúigí uile an rí Aisiuéaróis d'fhonn lámh a leagan ar an uile dhuine a bhí ar tí urchóid a dhéanamh dóibh, agus níor fhéad aon duine an fód a sheasamh in n‑aghaidh mar bhí scéin ar an bpobal go léir rompu.

3. Thug lucht ceannais na gcúigí, na satraipí, na gobharnóirí, agus na feidhmeannaigh ríoga lámh chúnta do na Giúdaigh le heagla roimh Mhordacaí,

4. mar ba chumhachtach é Mordacaí i dteaghlach an rí agus bhí a cháil leata ar fud na gcúigí go léir; bhí cumhacht Mhordacaí ag borradh agus ag fás i gcónaí.

5. D'imir na Giúdaigh faobhar claímh ar a naimhde go léir, á scriosadh agus á marú, agus rinne siad a rogha rud leis an muintir a thug fuath dóibh.

6. I ndúnfort Shúsa féin chuir na Giúdaigh cúig céad fear chun báis,

7. agus go háirithe Pairseandátá, Dalfón, Aspátá,

8. Pórátá, Adailiá, Airíodátá,

9. Parmaisteá, Airíosaí, Airíodaí, agus Iazátá,

10. deichniúr mac Hámán mac Hamadátá, namhaid na nGiúdach; ach creach níor ghabhadar.

11. Cuireadh an líon a maraíodh i ndúnfort Shúsa in iúl don rí an lá céanna.

12. Agus dúirt an rí leis an mbanríon Eistir: “Mharaigh na Giúdaigh cúig céad fear agus deichniúr mac Hámán chomh maith i ndúnfort Shúsa. Cad é nach bhfuil déanta acu dá réir sin i gcúigí eile an rí! Cén t‑iarratas atá agat anois? Tabharfaidh mé duit é. Cén achainí eile atá agat? Níl agat ach é a rá agus gheobhaidh tú é.”

13. Agus dúirt Eistir: “Más toil leis an rí é, bíodh sé de chead ag na Giúdaigh i Súsa déanamh de réir reacht an lae inniu amárach chomh maith. Agus crochtar deichniúr mac Hámán ar an gcroch.”

14. D'ordaigh an rí go ndéanfaí amhlaidh agus eisíodh an reacht i Súsa, agus crochadh deichniúr mac Hámán.

15. Chruinnigh na Giúdaigh i Súsa le chéile ar an gceathrú lá déag de mhí Adár agus bhásaigh siad trí chéad fear i Súsa, ach gan lámh a leagan ar an gcreach.

16. Chruinnigh na Giúdaigh eile a bhí ag cur fúthu i gcúigí an rí lena n‑anam a chosaint agus fáil réidh lena naimhde. Chuireadar seachtó cúig míle dá n‑eascairde chun báis, ach níor leag siad lámh ar an gcreach.

17. Ba é sin an tríú lá déag de mhí Adár, agus cheapadar a suaimhneas ar an gceathrú lá déag agus rinne siad lá fleá agus aoibhnis de.

18. Ach na Giúdaigh a bhí i Súsa, chruinníodar le chéile ar an tríú lá déag agus ar an gceathrú lá déag agus ba ar an gcúigiú lá déag a scoireadar agus a bhí lá fleá agus aoibhnis acu.

19. Uime sin a dhéanann na Giúdaigh, a chónaíonn sna sráidbhailte agus atá ag cur fúthu sna bailte gan bhallaí, lá aoibhnis agus fleá agus saoire den cheathrú lá déag de mhí Adár, agus lá ar a gcuireann siad togha spólaí chun a chéile. 19a Ach iad siúd atá ag cur fúthu sna cathracha, is ar an gcúigiú lá déag den mhí a bhíonn an lá aoibhnis acu agus a chuireann siad spólaí chun a chéile.

Bunú na Féile Púirím

20. Chuir Mordacaí na nithe sin go léir ar phár agus sheol sé litreacha chuig na Giúdaigh go léir i gcúigí uile an rí Aisiuéaróis, i gcéin agus i gcóngar,

21. á ordú dóibh an ceathrú lá déag agus an cúigiú lá déag de mhí Adár a cheiliúradh mar fhéile ó bhliain go bliain,

22. mar gur ar na laethanta sin a fuair na Giúdaigh fuascailt óna naimhde agus a rinneadh gáire dá ngol, agus saoire dá gcaoineadh; agus na laethanta sin a bheith ina laethanta fleá agus aoibhnis, agus saoire, agus ina laethanta le spólaí a sheoladh chun a chéile, agus déirc a thabhairt do na boicht.

23. Bhí tús curtha ag na Giúdaigh leis na cleachtaithe sin, agus anois ghealladar go leanfaidís leo, faoi mar a scríobh Mordacaí chucu ina dtaobh:

24. “Rinne Hámán an tAgágach, mac Hamadátá, namhaid na nGiúdach go léir, ceilg ina n‑aghaidh lena scriosadh, agus chaith sé an púr, an crann is é sin, chun a scriosta agus a millte.

25. Ach nuair a tháinig Eistir i láthair an rí, thug seisean ordú i scríbhinn go bhfillfeadh an scéim dhanartha a bhí beartaithe aige in aghaidh na nGiúdach sa mhullach air féin, agus go gcrochfaí ar an gcroch é féin agus a chlann mhac.

26. Uime sin a tugadh Púirím ar na laethanta sin, ón bhfocal púr.” De bharr ar scríobhadh sa litir sin, agus a bhfaca siad féin, agus ar tharla dóibh,

27. dhearbhaigh na Giúdaigh agus ghabhadar orthu agus ar a sliocht, agus ar chách a ghabh leo, an dá lá sin a cheiliúradh gan teip gach bliain de réir mar a bhí scríofa agus ag an am a bhí ceaptha;

28. agus go gcoimeádfaí cuimhne ar na laethanta sin agus go ndéanfaí iad a chomóradh ó ghlúin go glúin i ngach teaghlach agus cúige agus cathair; agus nach ndéanfaí faillí ar laethanta sin Phúirím go brách i measc na nGiúdach, agus nach rachadh bá ar a gcuimhne i measc a sleachta.

29. Ansin scríobh an bhanríon Eistir, iníon Aibíochaíl, agus Mordacaí, an Giúdach, go lánúdarásach ag daingniú an dara litir seo faoi Phúirím.

30. Seoladh litreacha chuig na Giúdaigh go léir sa chéad fiche a seacht gcúige de ríocht Aisiuéaróis i mbriathra síochána agus fírinne,

31. á ordú dóibh laethanta seo Phúirím a cheiliúradh an tráth is dual, mar a leag Mordacaí an Giúdach agus an bhanríon Eistir síos do na Giúdaigh, agus mar a ghabh siadsan orthu féin agus ar a sliocht, idir dhualgais troscaidh agus chaointe.

32. Rinne reacht na banríona Eistir an gnás seo Phúirím a shocrú agus cuireadh ar phár é.