Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Mordacaí agus Eistir

1. Tamall ina dhiaidh sin, nuair a mhaolaigh ar fhearg an rí, chuimhnigh Aisiuéaróis ar Vaistí agus ar an rud a rinne sí, agus an forógra a tugadh ina haghaidh.

2. Ansin dúirt a lucht freastail leis an rí: “Déantar cailíní áille óga a chuardach don rí,

3. agus ceapadh an rí oifigigh i ngach cúige dá ríocht leis na maighdeana áille óga go léir a bhailiú le chéile go háras na mban i ndúnfort Shúsa, faoi smacht Héagai, coillteán an rí, agus coimeádaí na mban, agus tugtar dóibh cóir a maisithe;

4. agus bíodh an mhaighdean is áil leis an rí ina banríon in áit Vaistí.” Thaitin an chomhairle sin leis an rí agus rinne sé dá réir.

5. Bhí an uair úd, i ndúnfort Shúsa, Giúdach darbh ainm Mordacaí mac Iáír, mac Shimeí, mac Chís, de threibh Bhiniáimin;

6. tugadh eisean chun siúil ó Iarúsailéim i measc na gcimí a thug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis mar aon le Iachóiniá rí Iúdáia.

7. Thog sé Hadasá, Eistir is í sin, iníon deartháir athar leis, nuair a chaill sí a hathair agus a máthair; ba ainnir álainn sciamhach í agus ghabh Mordacaí chuige mar iníon í tar éis bháis dá hathair agus dá máthair.

8. Nuair a foilsíodh forógra an rí, cruinníodh mórán maighdean go dúnfort Shúsa agus cuireadh faoi chúram Héagai iad; tugadh Eistir freisin go pálás an rí agus cuireadh í faoi chúram Héagai, coimeádaí na mban;

9. thaitin an ainnir leis agus bhí dáimh aige léi. Ba ghairid an mhoill air cóir a maisithe agus a beatha a thabhairt di, agus seachtar ionailt tofa as teaghlach an rí; agus thug sé tosaíocht in áras na mban dise agus dá bantracht.

10. Níor nocht Eistir ámh cér díobh í ná cárbh as di ó dhúchas, óir d'ordaigh Mordacaí di gan sin a insint.

11. Théadh Mordacaí ag siúl gach lá os comhair cúirt na mban chun go bhfaigheadh sé amach conas a bhí ag Eistir nó cad a bhainfeadh di.

12. Dé réir rialacha na mban, níorbh fholáir do gach ainnir bliain a chaitheamh á maisiú féin, mar atá, sé mhí le hola miorra agus sé mhí le cumhráin agus uinnimintí ban, sula dtiocfadh a huain chun dul isteach go dtí an rí Aisiuéaróis, mar a bhí beartaithe.

13. Nuair a théadh sí isteach chun an rí mar sin, thugtaí do gach ainnir cibé ní a d'iarrfadh sí le tabhairt léi as áras na mban go háras an rí.

14. Théadh sí isteach tráthnóna agus thagadh amach arís maidin lá arna mhárach go háras eile ban a bhí i gcúram Seaisgeaz, an coillteán a bhí ag an rí i bhfeighil na mban leapa. Ní thagadh sí chun an rí arís ina dhiaidh sin mura mbainfeadh seisean taitneamh ar leith aisti agus fios a chur uirthi as a hainm.

15. Dála Eistir, iníon Aibíochaíl, deartháir athar do Mhordacaí, an cailín úd a ghabh sé chuige mar iníon dó féin, tháinig a seal le dul isteach go dtí an rí; níor iarr sí aon ní, thar mar a bhí socair ag Héagai, coillteán an rí agus coimeádaí na mban. Ní raibh aon duine dá bhfaca í nár thug gean di.

16. Tugadh Eistir isteach ina phálás go dtí an rí Aisiuéaróis sa deichiú mí, ar a dtugtar Taebaet, sa seachtú bliain dá réimeas.

17. Thug an rí grá d'Eistir thar na mná go léir, agus ba mhó a chion agus a ghean uirthi ná ar na maighdeana eile go léir, ionas gur chuir sé an choróin ríoga ar a ceann, agus go ndearna banríon di in ionad Vaistí.

18. Rinne an rí ansin fleá mhór, .i. fleá Eistir, dá ghobharnóirí agus dá fheidhmeannaigh go léir; agus thug sé saoire do na cúigí agus bhronn tíolacthaí go fial orthu mar ba dhual do rí.

19. [Nuair a aistríodh Eistir dála na gcailíní eile go dtí an dara háras,]

20. níor nocht sí fós cér díobh í ná cárbh as di ó dhúchas, de réir mar a d'ordaigh Mordacaí, óir chomhlíon sí a orduithe faoi mar a dhéanadh nuair a bhí sí faoina chúram.

21. Um an dtaca sin, le linn do Mhordacaí a bheith ina shuí ag geata an rí, tháinig olc ar bheirt de choillteáin an rí, Bigteán agus Teiris, ó lucht faire an dorais agus rinne siad ceilg chun an rí Aisiuéaróis a bhású.

22. Fuair Mordacaí gaoth an fhocail agus thug an scéal d'Eistir an bhanríon, agus d'inis sise don rí é in ainm Mhordacaí.

23. Rinneadh an chúis a fhiosrú ina dhiaidh sin, agus deimhníodh gur mar sin a bhí. Crochadh an bheirt ar chroch agus breacadh síos na cúrsaí sin ar phár i Leabhar na gCroinicí i láthair an rí.