Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tamall ina dhiaidh sin thug an rí Aisiuéaróis ardú céime do Hámán mac Hamadátá, Agágach, thug gradam breise dó, agus thug tosaíocht dó ar a chomhghleacaithe go léir,

2. agus thug ordú nár mhór do gach duine a bhí ag geata an rí glúin a fheacadh agus urraim a thaispeaint do Hámán. Ach níor fheac Mordacaí glúin na níor thug urraim dó.

3. D'fhiafraíodh feidhmeannaigh an rí a bhí ag an ngeata de Mhordacaí: “Cad chuige duit ordú an rí a shárú?”

4. Agus ó tharla go mbídís á rá sin leis gach lá, agus gan aird ar bith aige orthu, d'insíodar an scéal do Hámán, óir ba mhian leo a fheiceáil an seasfadh Mordacaí an fód, óir d'inis sé dóibh gur Giúdach é féin.

5. Nuair a thug Hámán faoi deara nach bhfeacadh Mordacaí glúin dó agus nach dtugadh sé urraim dó, tháinig fraoch feirge air.

6. Ba scorn leis más ea lámh a leagan ar Mhordacaí amháin, mar cuireadh in iúl do cén cine gur díobh é. Bheartaigh sé na Giúdaigh go léir a bhí scaipthe ar fud ríocht Aisiuéaróis a scriosadh mar gurbh iad muintir Mhordacaí iad.

Na Giúdaigh i mBaol

7. Sa chéad mhí, Níosán is é sin, sa dara bliain déag de réimeas Aisiuéaróis, caitheadh púr (.i. an crann) i láthair Hámán don lá agus don mhí, agus thit an crann ar an dara mí déag, Adár is é sin.

8. Ansin dúirt Hámán le hAisiuéaróis an rí: “Tá cine áirithe scaipthe go fada fairsing i measc na gciníocha eile i gcúigí uile do ríochta; ní ionann a ndlíthe agus dlíthe aon chine eile, ní choimeádann siad dlíthe an rí, agus ní oireann sé don rí cur suas leo.

9. Más áil leis an rí é, tugadh sé ordú iad a dhíothú, agus díolfaidh mise deich míle tallann airgid le riarthóirí an rí le cur sa chiste ríoga.”

10. Ansin bhain an rí an fáinne séala dá mhéar agus thug do Hámán mac Hamadátá an tAgágach, namhaid na nGiúdach é.

11. Dúirt an rí le Hámán: “Bíodh an t‑airgead agat, agus na daoine chomh maith agus déan do rogha rud leo.”

12. Ansin, ar an tríú lá déag den chéad mhí, glaodh ar scríobhaithe an rí agus scríobhadh síos na horduithe a thug Hámán do ghobharnóirí an rí, do cheannasaithe gach cúige, agus do thaoisigh gach cine; do gach cúige ina scríbhinn féin agus do gach cine ina dteanga féin; síníodh an forógra in ainm an rí Aisiuéaróis, agus buaileadh séala air le fáinne an rí.

13. Cuireadh litreacha le teachtairí go cúigí uile an rí, agus d'ordaigh siad scrios agus ár agus díothú ar na Giúdaigh go léir, idir óg agus aosta, idir mhná agus mhiondaoine, in aon lá amháin, an tríú lá déag den dara mí déag, Adár is é sin, agus a maoin a ghabháil mar chreach. 13a Mar leanas a ghabh an litir: “Beatha agus sláinte ón rí mór Aisiuéaróis do ghobharnóirí an céad fiche a seacht gcúige a shíneann ón Ind go dtí an Aetóip agus do na ceannasaithe dúiche atá fúthu. 13b De bhrí go bhfuair mé ceannas ar mhórán ciníocha agus gur thug mé an domhan go léir faoi mo smacht, bheartaigh mé gan mí-úsáid a bhaint as mo mhórchumhacht, ach a bheith i gcónaí tuisceanach lách, saol socair síochánta a chinntiú do mo ghéillsinigh, agus an tsíocháin a bhfuil cách ag tnúth léi a bhuanú i dtreo go mbeadh an tsibhialtacht faoi réim agus cead a gcos ag cách ó cheann ceann na ríochta. 13c Ar an ábhar sin d'fhiafraigh mé de mo chomhairleoirí conas ab fhearr a d'fhéadfaí an cuspóir sin a chur i gcrích; bhí, ar na comhairleoirí, duine áirithe darbh ainm Hámán, fear saorbhreathach, a rug barr eagna agus dílse leis ón gcuid eile ar fad, agus atá i dtánaiste gradam don rí féin. 13d D'inis seisean dúinn go raibh cine namhdúil áirithe scaipthe i measc treibheanna uile an domhain agus go raibh dlíthe acu a bhí bunoscionn le gach cine eile, agus go raibh siad de shíor ag cur suas do reachtanna na ríthe, agus ag cur bac ar an sórt rialtais atá á bhunú againn ar mhaithe leis an maith choiteann. 13e De bhrí gur tuigeadh dúinn go raibh an mhuintir leithleasach seo, leo féin, de shíor ag cur i gcoinne an chine dhaonna go léir, agus ag baint feidhm as dlíthe urchóideacha ag cur suas dár reachtanna, agus ag cur coireanna uafásacha i gcrích i dtreo go bhfuil ár ríocht i mbaol titim, 13f ordaímid: An mhuintir a ainmníodh daoibh i litreacha Hámán - an té sin a ceapadh i bhfeighil ár ngnóthaí agus is dara athair dúinn - déantar iadsan go léir, mar aon lena mná agus lena miondaoine, a dhíothú agus a scriosadh de chlár na cruinne le faobhar claímh a naimhde, gan trua gan taise ar an gceathrú lá déag den dara mí déag, Adár is é sin, den bhliain seo féin; 13g caithfear, ar an gcuma sin, an dream seo a bhí namhdúil, agus atá amhlaidh fós, síos go hifreann le láimh láidir, in aon lá amháin, agus beidh ár rialtas slán faoi shíocháin bhuan as sin amach.”

14. Foilsíodh téacs an doiciméid sin do na ciníocha go léir, le fogairt mar dhlí i ngach cúige, le go mbeidís go léir ullamh don lá úd.

15. D'imigh na teachtairí faoi dheithneas a chomhlíonadh ordú an rí; foilsíodh an forógra ar dtús i ndúnfort Shúsa. Luigh an rí agus Hámán le carbhas agus le hól, ach bhí cathair Shúsa go buartha.