Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Díoltas ar Hámán

1. Níor thit néal codlata ar an rí an oíche sin. Chuir sé fios dá bhrí sin ar Leabhar na nÉachtaí, na hAnnála, lena léamh dó.

2. Agus fuarthas scríofa ann conas mar a sceith Mordacaí ar Bhigteán agus ar Theiris, beirt de choillteáin an rí a bhí i bhfeighil an dorais, agus a bheartaigh lámha a leagan ar an rí Aisiuéaróis.

3. “Cén gradam nó cén chéim a bronnadh ar Mhordacaí dá bharrsan?” d'fhiafraigh an rí. D'fhreagair na feidhmeannaigh a bhí ag freastal air: “Ní dhearnadh aon ní ar a shon.”

4. Ansin d'fhiafraigh an rí: “Cé tá ar dualgas sa chúirt?” Bhí Hámán faoin am sin tagtha isteach i gcúirt sheachtrach phálás an rí le hiarraidh ar an rí Mordacaí a chrochadh ar an gcroch a bhí gleasta aige féin dó.

5. D'fhreagair feidhmeannaigh an rí: “Tá Hámán ina sheasamh amuigh sa chúirt.” “Tugaigí isteach é!” arsan rí.

6. Tháinig Hámán isteach, más ea, agus dúirt an rí leis: “Céard ba chóir a dhéanamh leis an té ar mian leis an rí onóir a thabhairt do?” “Cé eile ach mise,” arsa Hámán leis féin, “ar mhian leis an rí onóir a thabhairt dó?”

7. Agus thug sé freagra dá réir sin ar an rí: “Más mian leis an rí onóir a thabhairt do dhuine,

8. cuirtear fios ar éide ríoga a chaith an rí agus ar each a bhí faoin rí leis an ornáid ríoga ar a cheann;

9. agus tugtar an éide ríoga agus an t‑each i lámha duine de na flatha is uaisle de mhuintir an rí; agus cóiríodh seisean an té is mian leis an rí a onórú agus seoladh sé ar mhuin an eich é trí fhaiche na cathrach agus fógra á thabhairt roimhe: ‘Seo mar a dhéanfar leis an té ar mian leis an rí é a onórú!’ ”

10. Ansin dúirt an rí le Hámán: “Déan deifir más ea anois agus beir leat an éide agus an t‑each, mar a dúirt tú, agus déan díreach mar a dúirt tú le Mordacaí an Giúdach a shuíonn ag geata an rí. Ná déan faillí in aon ní dá ndúirt tú.”

11. Fuair Hámán an éide agus an t‑each dá bhrí sin, ghléas sé Mordacaí agus sheol sé ar mhuin an eich é, trí fhaiche na cathrach agus é á fhógairt roimhe: “Seo mar a dhéanfar leis an té ar mian leis an rí é a onórú!”

12. D'fhill Mordacaí ar gheata an rí ansin, ach bhrostaigh Hámán abhaile, brat ar a cheann agus gan aon mhisneach fágtha aige.

13. D'inis Hámán dá bhean Zeiris agus dá chairde gach ar bhain dó. Ansin dúirt a chairde agus a bhean Zeiris leis: “Baineadh tuisle asat, a bhuí le Mordacaí; má tharlaíonn sé go mbaineann sé leis an gcine Giúdach, ní bhfaighidh tú an ceann is fearr go brách air, ach titfidh tú agus titfidh tú arís go cinnte óir tá Dia beo lena ais.”

14. Ansin tháinig coillteáin an rí, agus iad siúd fós ag caint leis, agus rugadar leo go deifreach é go dtí an fhleá a d'ullmhaigh Eistir.