Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 8:12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

bhí feidhm leis na horduithe ón lá céanna ar fud cúigí an rí Aisiuéaróis ar fad an tríú lá déag den dara mí déag, mí Adár is é sin. 12a Mar seo a ghabh téacs litir na n‑orduithe: 12b Beatha agus sláinte ón rí mór Aisiuéaróis do chúigígh na gcéad fiche a seacht gcúige a shíneann ón Ind go dtí an Aetóip, do ghobharnóirí na gcúigí agus dár ngéillsinigh dhílse go léir. 12c Is iomaí duine agus is uabhride iad a mhéad a thugtar onóir dóibh trí chineáltas a bpátrún. Agus ní leor leo urchóid a dhéanamh dár ngéillsinigh, ach de bhrí nach féidir leo a dteaspach a iompar, déanann siad iarracht ar cheilg a dhéanamh in aghaidh a bpátrún féin. 12d Ní hé amháin go scriosann siad mothú an bhuíochais ó chroí an duine, ach scuabtar ar aghaidh iad ag gártha molta an dreama atá dall ar an maith, i dtreo gur dóigh leo go rithfidh leo breithiúnas Dé, ar fuath leis an t‑olc, a sheachaint, cé gur léir i gcónaí do Dhia gach ní. 12e Is minic mórán do lucht an údaráis freagrach a bheag nó a mhór i bhfuil neamhchiontach a dhoirteadh agus páirteach i dtubaistí doleigheasta, mar gur chuir siad a ngnóthaí i gcúram a gcairde agus gur ghéill siad dá gcomhairle-sean; 12f mar go meallann an dream úd dea-thoil an lucht ceannais leis na hargóintí cealgacha a shníonn ó íochtar a gcoirpeachta. 12g Is féidir é sin a thabhairt faoi deara gan dul i muinín stair tréimhsí níos ársa dá ndearnamar tagairt; ní gá ach súil a chaitheamh ar a bhfuil os bhur gcomhair, ar na cionta a rinne sraith scraistí d'fheidhmeannaigh shuaracha. 12h As seo amach déanfaimid ár ndícheall síocháin agus suaimhneas na ríochta a riar ar chách; 12i mar déanaimid na leasuithe is gá agus tabharfaimid breith ar gach a gcuirfear faoinár mbráid le barr tuisceana. 12j Hámán mac Hamadátá, Macadónach, fear gan braon d'fhuil Pheirseach ná aon chaidreamh ar bith aige lenár gcineáltas, chuireamar fáilte roimhe 12k agus dháileamar chomh fial sin air an daonnacht sin lena bpléimid le gach cine, gur tugadh ár n‑athair air, agus go mbíodh gach duine go forleathan ag umhlú dó amhail is gurbh é tánaiste na cathaoireach ríoga é. 12l Ach theip air srian a choimeád lena uabhar agus thug sé faoi idir ríocht agus anam a sciobadh uainn. 12m Le barr calaoise agus cneámhaireacha d'iarr sé Mordacaí, an té a d'fhuascail sinn agus a rinne an mhaith i gcónaí dúinn, agus Eistir ár gcéile gan cháim sa ríocht, agus a gcine go léir chomh maith, a scriosadh. 12n Shíl sé go bhfágfadh sé gan dídean sinn ar an gcuma sin agus go ndéanfadh sé impireacht na Peirse a chur i lámha na Macadónach. 12o Ach tuigtear dúinn anois nach coirpigh iad na Giúdaigh a bheartaigh an scraiste ródhamanta a scriosadh, ach go bhfuil siad faoi réir dlíthe sárchóra, 12p agus gurb iad clann an té is airde iad, Dia beo uilechumhachtach, an té a stiúir an ríocht i gcónaí le togha eagair dúinne agus dár sinsir. 12q Is maith mar a dhéanfaidh sibh dá bhrí sin ach gan beart a dhéanamh de réir na litreacha a sheol Hámán mac Hamadátá, óir tá a n‑údar, agus a theaghlach go léir, mar aon leis, crochta ag geataí Shúsa; óir d'imir Dia, rialtóir na n‑uile, go tapa air an pionós a thuill sé. 12r Cuirigí cóipeanna den litir seo in airde i ngach áit phoiblí; tugaigí céad do na Giúdaigh a nósanna féin a chleachtadh; agus tagaigí i gcabhair orthu i dtreo gur féidir leo iad féin a chosaint ar aon duine a dhéanfadh ionsaí orthu an lá a roghnaíodh ar dtús lena gciapadh, an tríú lá déag is é sin den dara mí déag, mí Adár is é sin. 12s Óir ní lá léirscriosta a rinne Dia uilechumhachtach den lá sin dá chine tofa, ach lá lúcháire. 12t Dá bhrí sin déanaigíse, a Ghiúdacha, an lá seo a cheiliúradh go lúcháireach, mar lá ar leith féile i measc bhur sollúnacha, 12u i dtreo go mbeidh sé anois agus as seo amach, daoibhse agus do Pheirsigh dhílse, ina cheiliúradh ar bhur bhfuascailt, agus don dream a dhéanann comhcheilg inár n‑aghaidh, ina chuimhneachán ar a scrios. 12v Gach baile agus gach tír i gcoitinne nach leanfaidh na treoracha seo, scriosfar é gan taise gan trócaire le faobhar agus tine; beidh sé doshiúlta ag daoine agus beidh an ghráin dhearg ag na hainmhithe allta agus na héin féin air go brách.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eistir (Gr) 8

Féach ar Eistir (Gr) 8:12 i gcomhthéacs