Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a fuair Mordacaí fios na nithe sin, stróic sé a chuid éadaigh, agus chuir sacéadach agus luaithreach air féin. Ansin d'imigh sé amach trí lár na cathrach ag gol go géar in ard a ghutha,

2. nó go dtáinig sé go geata an rí; níor chead d'aon duine dul geata an rí isteach agus sacéadach air.

3. A luaithe a foilsíodh forógra an rí in aon chúige, bhí olagón i measc na nGiúdach, agus troscadh, lógóireacht agus caoineadh, agus luigh mórán daoine i sacéadach agus i luaithreach.

4. Nuair a tháinig a bantracht agus a coillteáin leis an scéala go dtí an bhanríon Eistir, tháinig an-bhuaireamh uirthi; chuir sí éadaí go Mordacaí le cur air in áit an tsacéadaigh, ach dhiúltaigh sé dóibh.

5. Ansin chuir Eistir fios ar Hatác, coillteán a cheap an rí le freastal uirthi, agus d'ordaigh sí dó dul go Mordacaí agus fios fátha an scéil a fháil uaidh.

6. Chuaigh Hatác ag triall ar Mhordacaí dá bhrí sin agus fuair sé ar fhaiche na cathrach é os comhair gheata an rí.

7. D'inis Mordacaí dó gach ar tharla, agus mar a thug Hámán gealltanas suim mhór airgid a íoc le ciste an rí ar son na Giúdaigh a dhíothú.

8. Thug sé dó mar an gcéanna cóip den fhorógra, a foilsíodh i Súsa ag fógairt a scriosta, lena taispeáint d'Eistir á cur san eolas: agus chuir sé teachtaireacht chuici dul go dtí an rí chun achainí a dhéanamh chuige agus cúis a cine a phlé. 8a “Cuimhnigh,” ar sé léi, “ar d'uirísle tráth, nuair d'ith tú as mo láimh féin. Ós rud é gur iarr Hámán, an té is tánaiste don rí, go gcuirfí chun báis sinn, 8b glaoigh ar an Tiarna agus labhair leis an rí ar ár son agus fuascail ón mbás sinn.”

9. D'fhill Hatác, agus d'inis d'Eistir céard a dúirt Mordacaí.

10. Ansin labhair Eistir le Hatác arís agus thug sí an teachtaireacht seo leanas dó le haghaidh Mhordacaí:

11. “Is eol do sheirbhísigh uile an rí, agus do mhuintir na gcúigí, má théann aon duine, fear nó bean, isteach go dtí an rí ina chúirt inmheánach, gan fios a bheith curtha air, nach bhfuil ann dó ach an t‑aon phionós amháin - an bás, mura ndéanann an rí an tslat óir a shíneadh ina threo agus anacal anama a dhéanamh air. Agus níor cuireadh fios orm teacht i láthair an rí le deich lá fichead anois.”

12. Insíodh do Mhordacaí a ndúirt Eistir,

13. agus d'ordaigh Mordacaí an freagra seo a thabhairt ar ais chuici: “Ná bíodh aon phioc dá mhearbhall ort go rachaidh tú slán ach chomh beag le haon Ghiúdach eile cé go bhfuil tú i bpálás an rí.

14. Má fhanann tú i do thost gan focal asat, ar uair seo na faille, gheobhaidh na Giúdaigh saoirse agus fuascailt ó aird éigin eile, agus déanfar tusa agus teaghlach d'athar a scriosadh. Agus cá bhfios nach d'aonghnó, dá leithéid seo d'fhaill, a tháinig tú i gcoróin?”

15. Dúirt Eistir leo ansin an freagra seo a thabhairt chuig Mordacaí:

16. “Imighse anois agus cruinnigh na Giúdaigh go léir atá i Súsa, agus déanaigí troscadh ar mo shon, gan bia ná deoch a chaitheamh de lá ná d'oíche ar feadh trí lá. Agus déanfaidh mise troscadh mar an gcéanna le mo bhantracht, agus rachaidh mé isteach go dtí an rí ansin, bíodh go bhfuil sé in aghaidh an dlí, agus más é an bás atá i ndán dom, bás a gheobhaidh mé.”

17. D'imigh Mordacaí leis ansin agus rinne de réir treoracha uile Eistir. 17a Ansin thug Mordacaí chun cuimhne oibreacha iontacha an Tiarna, agus chuir sé a achainí chuige á rá: 17b A Thiarna, a Thiarna, a Rí a rialaíonn an uile ní, tá an uile ní faoi do smacht, agus níl aon duine leis an bhfód a sheasamh i d'aghaidh, más toil leat Iosrael a fhuascailt. 17c Rinne tú neamh agus talamh, agus gach iontas faoin spéir. Is tú Tiarna an uile ní, agus níl aon duine le seasamh i d'aghaidh ós tú an Tiarna. 17d Is eol duit an uile ní, agus is maith is eol duit, a Thiarna, nach le barr díomais ná uabhair, ná éirí in airde, a rinne mé mar a rinne agus gur dhiúltaigh mé cromadh síos do Hámán an díomais. Óir phógfainn fiú boinn a chos le fonn, ar mhaithe le fuascailt Iosrael; 17e Ach rinne mé é seo, d'fhonn nach gcuirfinn glóir dhuine os cionn glóir Dé; Agus ní chromfaidh mé d'aon duine ach duitse, mo Thiarna, agus ní le barr díomais é. 17f Agus anois, a Thiarna Dia, A Rí, a Dhia Abrahám, caomhnaigh do phobal! óir táthar ar ár dtí lenár scriosadh, agus leis an oidhreacht a bhain leat ó thús a mhilleadh. 17g Ná déan faillí i do chuid féin, an chuid a d'fhuascail tú duit féin as tír na hÉigipte. 17h Éist le m'achainí, agus déan trócaire ar d'oidhreacht, agus déan lúcháir dár ndobrón, le go mairfimid agus go molfaimid d'ainm, a Thiarna; agus ná scrios béal na muintire a ghabhann do mholtaí. 17i Agus ghlaoigh Iosrael go léir in ard a gcinn, mar bhí an bás os comhair a súl. 17j Theith Eistir freisin faoi choimirce an Tiarna nuair a fágadh í i gcraos an bháis; bhain sí di éidí a glóire, agus chuir uimpi éidí anró agus caointe; in ionad na gcumhrán daor, chlúdaigh sí a baithis le luaithreach agus le bualtrach; bhrúigh sí a colainn go talamh, scaip sí trilisí stollta a cuid gruaige i ngach áit ina mbíodh aoibhneas agus nósmhaireacht ar fáil aici roimhe sin. Chuir sí a hachainí chun an Tiarna, Dia Iosrael, mar leanas: 17k A Thiarna, is tusa amháin is rí orainn; fóir orm óir is bean aonarach mé, gan de chabhair agam ach tusa amháin, agus táim ag dul sa bhearna bhaoil. 17l Múineadh dom ón gcliabhán, agus ar mo thinteán, go ndearna tusa, a Thiarna, Iosrael a roghnú thar na náisiúin go léir, agus ár sinsir thar na glúine go léir anallód, le bheith mar oidhreacht agat féin go brách, agus go ndearna tú leo de réir d'fhocail. 17m Ach ansin pheacaíomar i do láthair, agus thug tú i láimh ár naimhde sinn, mar gur thugamar glóir dá ndéithe. Is cóir é thú, a Thiarna. 17n Ach anois ní leor leo seirfean ár ndaoirse; ach chuir siad a lámha i lámha a n‑íol á mhionnú go scriosfaidís reacht do bhéil, agus go millfidís d'oidhreacht, go ndúnfaidís béal lucht do mholta, agus go múchfaidís glóir do thí agus d'altóra, 17o go n‑osclóidís béal na gciníocha, le híola gan mhaith a mholadh, agus rí daonna a mhóradh go brách. 17p Ná géill do shlat ríoga, a Thiarna, do dhream nach bhfuil ann ar aon chor, agus ná bímis ar lár inár n‑ábhar gáire acu. Fill a mbearta sa mhullach orthu féin agus déan sampla de cheannaire an ionsaithe seo orainn. 17q Cuimhnigh, a Thiarna, agus nocht thú féin in uain ár n‑anró. Tabhair misneach domsa, a rí na ndéithe, agus a mháistir na huilechumhachta. 17r Tabhair bua na cainte agus an bhladair dom i láthair an leoin. Athraigh an croí ann le go dtabharfaidh sé fuath dár namhaid, i dtreo go scriosfar eisean agus an mhuintir atá ar aon aigne leis. 17s Ach tabhair lámh chúnta dúinne agus fuascail sinn. Fóir orm, mar táim liom féin, gan aon duine liom, ach tusa, a Thiarna. 17t Tá fios gach ní agat, agus tá a fhios agat gur fuath liom glóir na gcoirpeach; gur gráin liom leaba an té atá gan timpeallghearradh, agus leaba gach coimhthígh. 17u Tá a fhios agat go bhfuilim faoi cheangal agus gur déistineach liom comhartha m'uaille, a bhíonn ar mo cheann agus mé i láthair na cúirte, ach nach gcaithim ar aon chor ar mo laethanta saoire, mar gur gráin liom é amhail giobal fola míosta. 17v Níor chaith mise, do bhanóglach, bia ó bhord Hámán, ná ní raibh mé mar mhaise ar fhleá an rí, ná níor ól mé fíon na n‑íobairtí doirte. 17w Agus ón lá a fuair mé ardú céime go dtí inniu féin, ní bhfuair mise, do bhanóglach, taitneamh in aon neach ach thú, a Thiarna, Dia Abrahám. 17x A Dhia, a bhfuil gach ní faoi réir do chumhachta, éist le glór na n‑éadóchasach, agus fuascail sinn ó láimh na n‑urchóideach, agus saor mé ó mo scéin.