Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 3:13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cuireadh litreacha le teachtairí go cúigí uile an rí, agus d'ordaigh siad scrios agus ár agus díothú ar na Giúdaigh go léir, idir óg agus aosta, idir mhná agus mhiondaoine, in aon lá amháin, an tríú lá déag den dara mí déag, Adár is é sin, agus a maoin a ghabháil mar chreach. 13a Mar leanas a ghabh an litir: “Beatha agus sláinte ón rí mór Aisiuéaróis do ghobharnóirí an céad fiche a seacht gcúige a shíneann ón Ind go dtí an Aetóip agus do na ceannasaithe dúiche atá fúthu. 13b De bhrí go bhfuair mé ceannas ar mhórán ciníocha agus gur thug mé an domhan go léir faoi mo smacht, bheartaigh mé gan mí-úsáid a bhaint as mo mhórchumhacht, ach a bheith i gcónaí tuisceanach lách, saol socair síochánta a chinntiú do mo ghéillsinigh, agus an tsíocháin a bhfuil cách ag tnúth léi a bhuanú i dtreo go mbeadh an tsibhialtacht faoi réim agus cead a gcos ag cách ó cheann ceann na ríochta. 13c Ar an ábhar sin d'fhiafraigh mé de mo chomhairleoirí conas ab fhearr a d'fhéadfaí an cuspóir sin a chur i gcrích; bhí, ar na comhairleoirí, duine áirithe darbh ainm Hámán, fear saorbhreathach, a rug barr eagna agus dílse leis ón gcuid eile ar fad, agus atá i dtánaiste gradam don rí féin. 13d D'inis seisean dúinn go raibh cine namhdúil áirithe scaipthe i measc treibheanna uile an domhain agus go raibh dlíthe acu a bhí bunoscionn le gach cine eile, agus go raibh siad de shíor ag cur suas do reachtanna na ríthe, agus ag cur bac ar an sórt rialtais atá á bhunú againn ar mhaithe leis an maith choiteann. 13e De bhrí gur tuigeadh dúinn go raibh an mhuintir leithleasach seo, leo féin, de shíor ag cur i gcoinne an chine dhaonna go léir, agus ag baint feidhm as dlíthe urchóideacha ag cur suas dár reachtanna, agus ag cur coireanna uafásacha i gcrích i dtreo go bhfuil ár ríocht i mbaol titim, 13f ordaímid: An mhuintir a ainmníodh daoibh i litreacha Hámán - an té sin a ceapadh i bhfeighil ár ngnóthaí agus is dara athair dúinn - déantar iadsan go léir, mar aon lena mná agus lena miondaoine, a dhíothú agus a scriosadh de chlár na cruinne le faobhar claímh a naimhde, gan trua gan taise ar an gceathrú lá déag den dara mí déag, Adár is é sin, den bhliain seo féin; 13g caithfear, ar an gcuma sin, an dream seo a bhí namhdúil, agus atá amhlaidh fós, síos go hifreann le láimh láidir, in aon lá amháin, agus beidh ár rialtas slán faoi shíocháin bhuan as sin amach.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eistir (Gr) 3

Féach ar Eistir (Gr) 3:13 i gcomhthéacs