Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Áirc in Iarúsailéim

1. Thionóil Dáiví sluaite tofa Iosrael go léir, tríocha míle fear.

2. Chuir Dáiví chun bealaigh agus d'imigh lena lucht leanúna go léir ó Bhálá Iúdá chun áirc Dé ar a bhfuil ainm Tiarna na Slua a shuíonn faoi réim ar na ceiribíní a thabhairt aníos as sin.

3. Leagadar áirc Dé ar charr nua, agus thugadar leo í ó theach Aibíonádáb atá ar an gcnoc. Bhí Uzá agus Aichíó, clann mhac Aibíonádáb, ag tiomáint an chairr nua.

4. [Bhí Uzá ag siúl] taobh le háirc Dé agus Aichíó ag gabháil roimpi.

5. Bhí Dáiví agus teaghlach Iosrael ag rince os comhair an Tiarna le barr dúthrachta, ag cantain le cruiteanna, le cláirseacha, le bodhráin, le castainéid, agus le ciombail.

6. Nuair a thángadar go hurlár buailte áirithe, shin Uzá a lámh chun áirc an Tiarna agus choinnigh socair í mar go raibh na daimh ag tuisliú.

7. D'adhain fearg an Tiarna in aghaidh Uzá agus bhuail Dia ar an toirt é mar gur bhain sé leis an áirc lena láimh, agus fuair sé bás ansiúd taobh le háirc an Tiarna.

8. Bhí Dáiví míshásta mar gur bhris fearg an Tiarna amach ina aghaidh Uzá, agus tugtar Bearna Uzá ar an áit go dtí an lá inniu.

9. Bhí eagla an Tiarna ar Dháiví an lá sin: “Conas,” ar sé, “arbh fhéidir le háirc an Tiarna teacht chugamsa?”

10. Shocraigh Dáiví gan an áirc a thabhairt isteach i nDúnfort Dháiví ach thug sé i leataobh í go teach Obaed Eadóm ó Ghat.

11. D'fhan áirc an Tiarna i dteach Obaed Eadóm ó Ghat ar feadh trí mhí, agus chuir an Tiarna a bheannacht ar Obaed Eadóm agus ar a theaghlach go léir.

12. Tháinig scéala go Dáiví rí gur chuir an Tiarna a bheannacht ar theaghlach Obaed Eadóm agus ar gach ar bhain leis de bharr áirc an Tiarna. D'imigh Dáiví dá bhrí sin agus thug sé áirc Dé leis aníos ó theach Obaed Eadóm go Dúnfort Dháiví le barr lúcháire.

13. Nuair a bhí lucht iompair áirc an Tiarna imithe sé choiscéim, rinne sé damh agus caora ramhar a íobairt.

14. Bhí Dáiví ag rince an méid a bhí ina chorp os comhair an Tiarna, agus éafód lín á chaitheamh aige.

15. Thug Dáiví agus teaghlach Iosrael go léir áirc an Tiarna aníos le gártha agus le séideadh an stoic.

16. Nuair a bhí áirc an Tiarna ag dul isteach i nDúnfort Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví rí ag steipeadaíl agus ag rince os comhair an Tiarna; tháinig drochmheas aici air ina croí.

17. Thug siad áirc an Tiarna isteach leo agus d'fhág siad ina hionad í laistigh den bhoth a bhí curtha suas ag Dáiví di. Agus d'ofráil Dáiví íobairtí dóite agus íobairtí comaoineach os comhair an Tiarna.

18. Nuair a bhí deireadh na n‑íobairtí dóite agus na n‑íobairtí comaoineach ofráilte ag Dáiví bheannaigh sé an pobal in ainm Tiarna na Slua.

19. Ansin roinn sé ar an bpobal uile, ar shlua iomlán Iosrael, idir fhir agus mhná, cáca aráin an duine agus sciar dátaí agus císte rísíní. D'imigh an pobal go léir ansin, gach duine chun a thí féin.

20. Ag teacht abhaile do Dháiví chun a theaghlach a bheannú, chuaigh Míceal iníon Shóil amach ina choinne: “Nach breá an cháil,” ar sí, “a thuill rí Iosrael dó féin inniu, á nochtadh féin os comhair chailíní a shearbhóntaí, mar a dhéanfadh aon chrosán é féin a nochtadh.”

21. D'fhreagair Dáiví Míceal: “Don Tiarna a bhí mé ag rince. [Dar an Tiarna beo], an té a thogh mise roimh d'athair agus roimh a theaghlach go léir le taoiseach a dhéanamh díom ar Iosrael, pobal an Tiarna, déanfaidh mé rince os comhair an Tiarna

22. agus mé féin a ísliú níos mó fós. Beidh mé gan mheas i do shúilese, ach beidh deamheas orm ina súile siúd, na cailíní a luann tú.”

23. Go lá a báis bhí Míceal iníon Shóil gan chlann.