Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Meirí Bál

1. D'fhiafraigh Dáiví: “An bhfuil aon duine fágtha de theaghlach Shóil i dtreo gurbh fhéidir dom bheith cineálta leis ar son Iónátán?”

2. Bhí searbhónta de theaghlach Shóil, darbh ainm Zíbeá, agus ghlaodar air chuig Dáiví: “An tú Zíbeá?” arsan rí leis. “Faoi do réir,” ar sé.

3. Dúirt an rí: “Nach bhfuil duine éigin de theaghlach Shóil fágtha le go dtaispeánfainn cineáltas Dé dó?” D'fhreagair Zíbeá an rí: “Tá mac le Iónátán, duine a bhfuil cosa bacacha faoi.”

4. Dúirt an rí leis: “Cá bhfuil sé?” Dúirt Zíbeá leis an rí: “Tá cónaí air i dteach Mhácaír mac Aimíéil i Ló Dabár.”

5. Chuir Dáiví rí fios air agus thug é ó theach Mhácaír mhic Aimíéil i Ló Dabár.

6. Ar theacht i láthair Dháiví dó, chaith Meirí Bál mac Iónátán mhic Shóil é féin ar a bhéal agus thug ómós dó. “Meirí Bál!” arsa Dáiví. “Táim faoi do réir,” ar sé.

7. Dúirt Dáiví leis: “Ná bíodh eagla ort; taispeánfaidh mise cineáltas duit ar son d'athar Iónátán agus déanfaidh mé fearann uile d'athar, Sól, a thabhairt ar ais duit agus íosfaidh tú i gcónaí ag mo bhord.”

8. Thug Meirí Bál ómós dó: “Céard é do shearbhónta,” ar sé, “a rá go mbeadh do ghnaoi ar mhadra marbh mar mise.”

9. Ghlaoigh an rí ansin ar Zíbeá, searbhónta Shóil, agus dúirt leis: “Thug mé do mhac do mháistir gach ar bhain le Sól agus lena theaghlach go léir.

10. Ní foláir duitse an talamh a shaothrú dó, thú féin agus do chlann mhac agus do dhaoráin; ní foláir duitse an fómhar a bhaint chun bia a sholáthar do chlann do mháistir. Ach Meirí Bál, mac do mháistir, beidh a bhéilí i gcónaí aige ag bord liom féin.” Bhí cúigear mac déag ag Zíbeá agus fiche daorán.

11. Dúirt Zíbeá leis an rí: “Déanfaidh do shearbhónta gach ar ordaigh mo thiarna an rí dá shearbhónta.” Bhíodh Meirí Bál dá bhrí sin ag suí chun boird le Dáiví, mar dhuine de chlann mhac an rí.

12. Bhí mac óg ag Meirí Bál darbh ainm Míceá. Rinne searbhóntaí do Mheirí Bál de gach duine a raibh cónaí air i dteach Zíbeá.

13. Bhí cónaí ar Mheirí Bál i Iarúsailéim mar shuíodh sé i gcónaí ag bord an rí. Bhí dhá chois bhacacha faoi.