Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Réiteach le hAibnéar

1. Mhair an chogaíocht, más ea, idir teaghlach Shóil agus teaghlach Dháiví; bhí Dáiví ag dul i neart agus i neart, ach bhí teaghlach Shóil ag dul i laige agus i laige.

2. Rugadh clann mhac do Dháiví i Heabrón; a chéadghin Amnón, ó Aichíonoam as Izréil;

3. a dhara mac Cileáb ó Aibíogáil bean Nábál ó Chairmeil; an tríú mac Aibseálóm mac Mhácá iníon Thalmaí rí Ghisiúr;

4. an ceathrú mac Adoiníá mac Haigít; an cúigiú mac Seafateá mac Aibíotal;

5. an séú mac Itreám ó Eaglá bean Dháiví. Rugadh iadsan do Dháiví i Heabrón.

6. Fad a bhí an cogadh idir teaghlach Shóil agus teaghlach Dháiví ar siúl, ghabh Aibnéar gach ceannas ar theaghlach Shóil.

7. Tharla go raibh leannán le Sól, darbh ainm Rizpeá iníon Aiá, agus gur thóg Aibnéar chuige í. Dúirt Ís Bál le hAibnéar: “Cad ab áil leat luí le leannán m'athar?”

8. Chuir caint seo Ís Bál cuthach feirge ar Aibnéar. “An ceann madra as Iúdá mé,” ar sé. “Seo mé anois ar mo dhícheall ar mhaithe le teaghlach Shóil, d'athair, a dheartháireacha, agus a chairde, gan tú a thabhairt i lámha Dháiví, agus anois seo tú do mo lochtú i dtaobh mná!

9. Go ndéana Dia a leithéid seo le hAibnéar, agus a thuilleadh de bhreis air, mura gcuire mé i gcrích do Dháiví gach ar mhionnaigh an Tiarna a dhéanfadh sé dhó -

10. an ríocht a bhaint de theaghlach Shóil agus ríchathaoir Dháiví a chur os cionn Iosrael agus Iúdá, ó Dhán go Béar Seaba.”

11. Ní raibh sé de mhisneach ag Ís Bál focal a rá le hAibnéar mar go raibh eagla air roimhe.

12. Chuir Aibnéar teachtairí go Dáiví [i Heabrón] á rá: “Cé leis an tír? Déan do chonradh liom agus tabharfaidh mé mo chabhair duit chun Iosrael uile a thabhairt ar do thaobh.”

13. “Tá go maith,” arsa Dáiví, “déanfaidh mé conradh leat. Ach leagfaidh mé aon acht amháin ort; ní scaoilfear isteach i mo láthair thú mura dtugann tú leat Míceal, iníon Shóil, agus tú ag teacht i mo láthair.”

14. Chuir Dáiví teachtairí ansin go Ís Bál, mac Shóil: “Tabhair ar ais dom mo bhean Míceal a bhuaigh mé le céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach.”

15. Chuir Ís Bál fios uirthi dá bhrí sin á breith ó Phailtiéil mac Laís.

16. Chuir a fear chun bóthair ina teannta agus lean í agus na deora leis chomh fada le Bachuraím. Ansin dúirt Aibnéar leis: “Imigh leat ar ais,” agus rinne.

17. Chuaigh Aibnéar i gcomhairle le seanóirí Iosrael: “is fada anois sibh,” ar sé, “ag iarraidh Dáiví a bheith ina rí oraibh.

18. Cuirigí i gcrích anois é más ea. Thug an Tiarna gealltanas do Dháiví á rá: ‘Le neart láimhe mo sheirbhísigh Dáiví, déanfaidh mé mo phobal Iosrael a shaoradh ó lámha na bhFilistíneach agus ó lámha a naimhde go léir.’ ”

19. Labhair Aibnéar chomh maith le muintir Bhiniáimin, agus chuaigh sé ansin go Heabrón, lena raibh socair ag Iosrael agus teaghlach Bhiniáimin go léir a rá le Dáiví.

20. Tháinig Aibnéar agus fiche fear ina theannta go Dáiví i Heabrón, agus bhí féasta ag Dáiví in onóir Aibnéar agus a chomplachta.

21. Dúirt Aibnéar ansin le Dáiví: “Ní mór dom a bheith ag cur díom; táim chun Iosrael go léir a chruinniú go dtí mo thiarna, an rí. Déanfaidh siad conradh leat agus beidh tú i do rí ar mhian do chroí.” Scaoil Dáiví Aibnéar uaidh dá bhrí sin agus d'imigh sé gan aon duine a chur isteach air.

Marú Aibnéar

22. Bhí lucht leanúna Dháiví ag filleadh le Ióáb tar éis ruathair, agus bhí creach mhór á tabhairt acu leo. Ní raibh Aibnéar in éineacht le Dáiví ag Heabrón mar gur scaoil Dáiví leis, agus d'imigh sé go síochánta.

23. Nuair a tháinig Ióáb agus an t‑arm go léir a bhí in éineacht leis, dúradh le Ióáb: “Bhí Aibnéar mac Néar ar thuairisc an rí, agus scaoil sé leis agus d'imigh sé faoi shíocháin.”

24. Chuaigh Ióáb ansin go dtí an rí: “Cad tá déanta agat?” ar sé. “Tháinig Aibnéar chugat agus ar lig tú dó imeacht gan cur isteach air? Cén fáth?

25. Nach bhfuil aithne agat ar Aibnéar mac Néar? Tháinig sé chun bob a bhualadh ort, chun gach cor a chuireann tú díot a fháil amach agus fios do ghnóthaí go léir a fháil.”

26. D'imigh Ióáb ó láthair Dháiví agus chuir sé teachtairí i ndiaidh Aibnéar agus thugadarsan leo ar ais é ó Thobar Siorá gan fhios do Dháiví.

27. Nuair a d'fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb.

28. Nuair a chuala Dáiví ina thaobh ina dhiaidh sin, dúirt sé: “Táimse agus mo ríocht neamhchiontach go deo i bhfuil Aibnéar mhic Néar i láthair an Tiarna.

29. Go dtaga sí sa mhullach ar Ióáb agus ar theaghlach a athar go léir! Ná raibh teaghlach Ióáb choíche gan daoine le braon ar sileadh, nó le lobhra, nó gan ar a gcumas ach an choigeal a choinneáil, nó iad ag titim ar lár le faobhar claímh, nó ar an ngannchuid bia!”

30. (Dhúnmharaigh Ióáb, agus a dheartháir Aibísí, Aibnéar mar gur mharaigh seisean a ndeartháir Asáhael sa chath ag Gibeón.)

31. Dúirt Dáiví ansin le Ióáb agus leis na saighdiúirí go léir a bhí ina theannta: “Stróicigí bhur gcuid éadaigh, cuirigí sacéadach umaibh, agus déanaigí caoineadh os comhair Aibnéar.” Shiúil Dáiví i ndiaidh an chróchair.

32. Rinneadar Aibnéar a adhlacadh i Heabrón, agus ghoil an rí go hard ar uaigh Aibnéar agus ghoil an pobal go léir chomh maith.

33. Mar seo leanas a chaoin an rí Aibnéar:“Ar dhual d'Aibnéar bás an amadáin?Ní raibh cuibhreach ar a lámha ná slabhra ar a chosa.

34. Thit tú faoi mar a thitfeadhduine faoi láimh na gcoirpeach.”Agus chaoin an pobal go léir aris é.

35. Bhí an pobal go léir ag iarraidh a áiteamh ar Dháiví bia a chaitheamh agus é fós ina lá, ach thug Dáiví mionn á rá: “Go ndéana Dia a leithéid seo agus a thuilleadh fós liom má bhlaisim arán nó aon rud eile go rachaidh an ghrian faoi!”

36. Thug na daoine go léir é sin faoi deara agus thaitin sé leo, dála gach rud eile dá ndearna an rí, agus a thaitin leis an bpobal go léir, go deimhin.

37. Thuig an pobal agus thuig Iosrael go léir an lá sin nach raibh baint ag an rí le bás Aibnéar mac Néar.

38. Dúirt an rí lena oifigigh: “Nach eol daoibh gur thit prionsa agus fear mór le rá in Iosrael inniu?

39. Cé gur ungadh i mo rí mé, táim fann lag faoi láthair; tá na fir úd, clann mhac Zarúá, róbhorb dom. Go gcúití an Tiarna an t‑olc le fear a dhéanta de réir a dhrochbhirt!”