Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Dáiví Rí Iúdá

1. Chuaigh Dáiví ina dhiaidh sin i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé suas go ceann de chathracha Iúdá?” d'fhiafraigh sé. D'fhreagair an Tiarna é: “Téigh suas.” “Go cé acu a rachaidh mé?” d'fhiafraigh Dáiví. D'fhreagair sé: “Go Heabrón.”

2. Ghabh Dáiví suas dá bhrí sin lena bheirt bhan, Aichíonoam ó Izréil agus Aibíogáil bean Nábál ó Chairmeil.

3. Thug Dáiví an mhuintir a bhí in éineacht leis suas chomh maith, gach fear lena mhuirear féin, agus chuireadar fúthu i mbailte Heabrón.

4. Tháinig muintir Iúdá ann, agus rinneadar Dáiví a ungadh ina rí ar theaghlach Iúdá.D'insíodar do Dháiví gur adhlaic muintir Iáibéis Gileád Sól.

5. Chuir Dáiví teachtaireacht go muintir Iáibéis Gileád. “Go raibh beannacht oraibh ón Tiarna,” ar sé, “toisc go ndearna sibh an cineáltas seo do Shól, bhur dtiarna, agus gur adhlaic sibh é.

6. Anois go raibh an Tiarna féin cineálta dílis libhse. Déanfaidh mise freisin an mhaith a rinne sibh a chúiteamh libh.

7. Bíodh fuinneamh in bhur ngéaga mar sin agus bíodh misneach agaibh! Tá Sól bhur dtiarna tar éis bháis, ach rinne teaghlach Iúdá mise a ungadh le bheith i mo rí orthu!”

8. Aibnéar mac Néar, taoiseach airm Shóil, rug sé Ís Bál mac Shóil leis agus thug sé anonn go Machanáím é.

9. Rinne sé rí de ar Ghileád, ar na hAisiúraigh, ar Izréil, ar Eafráim agus ar Bhiniáimin agus ar Iosrael go léir.

10. Bhí Ís Bál mac Shóil daichead bliain d'aois nuair a rinneadh rí ar Iosrael de; bhí sé dhá bhliain i gcoróin. Teaghlach Iúdá amháin a lean Dáiví.

11. Seacht mbliana agus sé mhí a bhí Dáiví i Heabrón ina rí ar Iúdá.

Cogadh idir Iúdá agus Iosrael

12. Ghluais Aibnéar mac Néar agus lucht leanúna Ís Bál amach ó Mhachanáím go Gibeón.

13. Ghluais Ióáb mac Zarúá agus lucht leanúna Dháiví amach chomh maith agus bhuaileadar le chéile ag Linn Ghibeón. Stad siad ansiúd, dream díobh ar thaobh den linn, agus an dream eile ar taobh eile.

14. Dúirt Aibnéar le Ióáb: “Tagadh na hóglaigh chun tosaigh agus bíodh comhrac acu os ár gcomhair.” “Déanaidís,” arsa Ióáb.

15. Tháinig siad chun tosaigh dá bhrí sin, agus rinneadh iad a áireamh - dháréag ó Bhiniáimin do Ís Bál mac Shóil, agus dháréag de lucht leanúna Dháiví.

16. Rug gach duine díobh ar cheann ar a chéile comhraic agus rop a chlaíomh ina chliathán: thiteadar go léir ar an aon láthair. Tugadh Gort na [gCliathán] ar an áit dá bharrsan. Tá sé i nGibeón.

17. Tharla cath fíochmhar an lá sin féin, agus bhris lucht leanúna Dháiví ar Aibnéar agus ar shluaite Iosrael.

18. Bhí triúr mac Zarúá ann - Ióáb, Aibísí agus Asáhael. Bhí Asáhael chomh luathchosach le heilit fhiáin.

19. Chuaigh Asáhael sa toir ar Aibnéar, gan casadh ar dheis ná ar chlé agus é sa tóir ar Aibnéar.

20. Chas Aibnéar siar air: “A Asáhael,” ar sé, “an tú atá ann?” D'fhreagair seisean: “is mé.”

21. “Cas ar do dheis nó ar do chlé,” arsa Aibnéar leis, “agus beir ar dhuine de na saighdiúirí agus tabhair leat a éadáil.” Ach ní scoirfeadh Asáhael den tóir air.

22. Labhair Aibnéar aris le hAsáhael: “Éirigh as an tóir orm, murab áil leat go leagfainn ar lár thú. Ansin conas d'fhéadfainn féachaint san aghaidh ardo dheartháir Ióáb arís?”

23. Ach níorbh áil leis casadh i leataobh agus bhuail Aibnéar sa bholg é le sáfach a shleá i dtreo gur tháinig an tsleá amach trína dhroim thiar. Thit sé ansiúd agus fuair bás ar an bhfód sin. Gach aon duine a tháinig mar ar thit Aibnéar, agus mar a bhfuair sé bás, stadadar.

24. Ach lean Ióáb agus Aibísí sa tóir ar Aibnéar agus le fuineadh néil nóna shroicheadar Sliabh Amá atá roimh Ghía ar an mbealach go fásach Ghideón.

25. Chruinnigh na Biniáiminigh le chéile ina gcipe dlúth ar chúl Aibnéar agus sheasadar an fod ar mhullach Shliabh Amá.

26. Ghlaoigh Aibnéar ar Ióáb ansin agus dúirt: “An bhfuil an claíomh le bheith ag slogadh leis go deo?” ar sé. “Nach bhfuil a fhios agat gur tubaisteach an chríoch a bheidh air seo? An fada go ndéarfaidh tú leis na daoine seo stad de bheith ag tóraíocht ar a mbráithre?”

27. “Dar an Tiarna beo,” arsa Ióáb, “mura mbeadh gur labhair tú, ní scoirfeadh an dream seo den tóir ar a mbráithre go maidin.”

28. Ansin shéid Ióáb a stoc agus stad na saighdiúirí go léir gan dul sa tóir ar Iosrael a thuilleadh ná troid leo.

29. Bhí Aibnéar agus a chuid fear ag imeacht leo tríd an Arabá ar feadh na hoíche sin go léir, agus ghabhadar thar an Iordáin, agus leanadar orthu an mhaidin sin gur tháinig siad go Machanáím.

30. D'fhill Ióáb ón tóir ar Aibnéar, agus nuair a bhí a dhíorma go léir cruinnithe aige, bhí naonúr déag chomh maith le hAsáhael ar iarraidh ó lucht leanúna Dháiví,

31. ach bhí trí chéad agus trí fichid de Bhiniáimin, muintir Aibnéar, marbh ag lucht leanúna Dháiví.

32. D'ardaíodar leo Asáhael agus rinneadar é a adhlacadh i dtuama a athar i mBeithil. Bhí Ióáb agus a chuid fear ag taisteal leo i gcaitheamh na hoíche, agus gheal an lá agus iad ag teacht go Heabrón.