Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Laoi Dháiví

1. Dúirt Dáiví focail na laoi seo leis an Tiarna nuair a shaor an Tiarna é as láimh a naimhde go léir agus as láimh Shóil.

2. Is é a dúirt sé:An Tiarna mo charraig, mo dhaingean;

3. Sé mo Dhia m'fhuasclóir.Téim ar a choimirce, ós é mo charraig é,mo sciath, agus adharc mo shlánaithe,mo dhún, mo dhídean, mo shlánaitheoir.Déanann tú mé a fhuascailt ón éigean.

4. Glaoim ar an Tiarna, moladh go deo leis,agus fuasclaítear mé ó mo naimhde.

5. Ghabh tonnta an bháis i mo thimpeall,agus bhris tuilte urchóide i m'aghaidh.

6. Cuireadh téada Sheól mar chuibhreach ormagus gaistí an bháis ar tinneall romham.

7. Ghlaoigh mé ar an Tiarna as mo ghátar;d'éigh mé chun mo Dhé.Chuala sé mo ghlór óna theampall,agus thug sé cluas do mo ghlao.

8. Luaisc agus chrith an talamh;tháinig creathán ar mháithreacha na spéire -tháinig creathán orthu de bharr a chuid feirge.

9. Ghabh gal suas ó pholláirí a shróine,agus óna bhéal tine íditheacha las sméaróidí dearga.

10. Chlaon sé na spéartha agus thuirling sé,agus scamall dubh faoina chosa.

11. In airde ar cheirib leis agus d'eitil,agus bhí ar foluain ar sciatháin na gaoithe.

12. Rinne sé forscáth ina thimpeall den dorchadas.Agus both de na huiscí dubha, na scamaill thiubha.

13. Roimhe amach d'adhain splanc,casair agus caora tintí.

14. Rinne an Tiarna toirneach ó na spéarthaagus ba chlos glór an té is airde.

15. Theilg sé a shaigheada agus scaip iad;scaoil leis an tintreach agus chuir an teitheadh orthu.

16. Nochtadh grinneall an bhfarraigí,agus bhí radharc ar mháithreacha na cruinne,de bharr bhagairt an Tiarnaagus borradh ghal a pholláirí.

17. Shín sé a lámh chugam ó na hardaagus sciob sé mé as na huiscí doimhne.

18. D'fhuascail sé mé ó mo namhaid tréan,uathu siúd a thug fuath dom,mar go raibh siad róláidir dom.

19. Thángadar sa mhullach orm lá mo thubaiste,ach ba é an Tiarna mo thaca;

20. d'fhuascail sé mé agus scaoil sé saor mé;tháinig sé i gcabhair orm, mar tá grá aige dom.

21. Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir m'fhíréantachta;déanann sé díolaíocht liom de réir ghlaine mo lámh,

22. mar choinnigh mé slite an Tiarna,agus níor thug mé cúl go mailíseach le mo Dhia.

23. Tá a bhreitheanna go léir os comhair mo shúl,ná níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim.

24. Táim gan choir ina fhianaiseagus sheachain mé an peaca.

25. Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir m'fhíréantachta,de réir m'ionracais ina láthair.

26. Is dílis tú le lucht na dílseachtaagus is neamhurchóideach thú leis an muintir gan urchóid.

27. Is glan tú le lucht na glaine croí,ach cuireann tú cor in aghaidh an chaim.

28. Fuasclaíonn tú an mhuintir umhal,ach tá do shúile ar lucht an uabhair lena n‑ísliú.

29. Is tú féin, a Thiarna, mo lóchrann,agus soilsíonn mo Dhia mo dhorchadas.

30. Brúchtaim thar an mbarbacán le do chabhair,agus le cabhair Dé léimim thar balla.

31. Dia seo againn, tá a shlí gan cháim;níl fochall i bhfocal an Tiarna;is sciath é don mhuintir go léira théann faoina dhídean.

32. Cé eile is Dia ann ach an Tiarna?Cé eile is carraig ach Dia seo againne?

33. Sé an Dia seo crios mo nirt,a d'fhág mo chosán gan bhaol.

34. Rinne sé mo chosa mar chosa an fhia,agus dhaingnigh mo bhoinn ar na harda.

35. Oileann sé mo lámha don chath,i dtreo go lúbfadh mo ghéaga bogha cré-umha.

36. Thug tú dom do sciath fuascailte,agus is díon agam do chathéide.

37. Rinne tú réiteach fairsing do mo bhoinn fumagus níor shleamhnaigh mo chosa.

38. Téim sa tóir ar mo naimhde agus scriosaim iad,gan filleadh ar ais go mbíonn siad ídithe.

39. Leagaim ar lár iad agus ní éiríonn siad;titeann siad agus bíonn siad faoi mo chosa.

40. Óir chuir tú neart mar chrios fúm don chath,agus lúb tú lucht m'ionsaithe síos fúm.

41. Chuir tú d'iallach ar mo naimhde a gcúl a thabhairt liom;an mhuintir arbh fhuath leo mé, scrios mé iad.

42. D'fhéach siad ach ní raibh fear a dtarrthála ann;ghlaoigh siad chun an Tiarna, ach fágadh iad gan freagra.

43. Meilim iad chomh mín le smúit na talún,pasálaim is brúim iad mar a bheadh láib na sráideanna.

44. Déanann tú mé a fhuascailt ó chine na ceannairceagus mé a chur ar cheann na náisiún.Pobal nárbh eol dom, tá siad anois ag seirbhís dom.

45. Tagann eachtrannaigh ag lútáil chugam.A luaithe a chluineann siad mo ghlór, géilleann siad dom.

46. Cailleann eachtrannaigh a misneachagus tagann siad amach as a ndaingin ar ballchrith.

47. Dé bheatha, a Thiarna. Gura beannaithe mo charraig.Go mórtar mo Dhia, carraig mo shlánaithe,

48. Dia a rinne díoltas dom,a threascair ciníocha fúm,

49. a shaor mé ó mo naimhde,a d'ardaigh mé os cionn lucht m'ionsaithe,a d'fhuascail mé ó fhear an éigin.

50. Dá bharr sin déanfaidh mé thú a mhóradh, a Thiarna,i measc na gciníocha,agus moladh a chanadh do d'ainm.

51. Tugann sé an bua go raidhsiúil dá rí;taispeánann a bhuanghrá dá ungthach,do Dháiví agus dá chomharbaí go brách.