Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Seo iad briathra deireanacha Dháiví:Oracal Dháiví, mac Ieise,oracal an fhir a ardaíodh go hard,ungthach Dhia Iacóib,cantaire duanta Iosrael.

2. Labhraíonn Spiorad an Tiarna tríomsa,tá a bhriathar ar mo theanga.

3. Labhair Dia Iacóibagus dúirt Carraig Iosrael liom:An té a rialaíonn daoine leis an gceart,agus a bhfuil eagla Dé air ag rialú dó,

4. is cuma é nó gile na maidine le héirí gréine -agus an spéir gan scamall -ag glioscarnach ar fhéar an bháin tar éis báistí.

5. Seasann mo theach daingean i láthair Dé,mar rinne sé conradh síoraí liom,agus d'fhág gach ní in eagar go teann.Nach gcuireann sé bláth ar gach ní a shlánaíonn mégach ní is mian liom?

6. An mhuintir aindiaga is cuma iad nó deilgneach an fhásaigh,nach mbailítear choíche le láimh duine:

7. ach an té a bhaineann leo,gabhann sé chuige iarann nó crann sleáagus ansin dóitear ar fad iad sa tine.

Gaiscígh Dháiví

8. Seo iad ainmneacha na ngaiscíoch a bhí ag Dáiví: Ís Bál an Hacmonach, ceannaire an triúir; d'imir sé a thua chatha ar ocht gcéad agus mharaigh sé iad le chéile.

9. Ina dhiaidh sin, ar an triúr gaiscíoch, bhí Eileázár mac Dhodó mac Achochaí. Bhí seisean le Dáiví [ag Pas Damaín] nuair a thionóil na Filistínigh chun catha ansiúd agus a chúlaigh clann Iosrael rompu.

10. Sheas seisean an fód agus bhí sé ag treascairt na bhFilistíneach go dtí gur éirigh a lámh chomh curtha sin gur cheangail sé í den chlaíomh. Thug an Tiarna bua mór chun críche an lá sin; d'fhill an t‑arm i ndiaidh Eileázár, ach ba chun creiche amháin a rinneadar sin.

11. Ina dhiaidh sin bhí Seamá mac Áigé an Harárach. Thionóil na Filistínigh ag Leichí mar a raibh gort lán de lintilí. Theith an t‑arm roimh na Filistínigh.

12. Ach sheas seisean an fód i lár an ghoirt, chosain é, agus mharaigh na Filistínigh. Chuir an Tiarna bua mór i gcrích ar an gcuma sin.

13. Ghabh triúr den tríocha taoiseach síos agus thángadar timpeall aimsir an fhómhair go Dáiví san uaimh in Adulám nuair a bhí longfort ag buíon Filistíneach i nGleann Rafáím.

14. Bhí Dáiví ansin sa dún, agus bhí garastún Filistíneach an uair sin i mBeithil.

15. Agus dúirt Dáiví le tnúth: “Uch, nár bhreá liom dá dtabharfadh duine éigin deoch uisce dom as tobar Bheithile atá le taobh an gheata!”

16. Ansin bhrúigh an triúr gaiscíoch trí longfort na bhFilistíneach agus tharraing siad uisce as an tobar ag geata Bheithile agus thug siad leo é agus thug siad do Dháiví é. Ach ní ólfadh sé é ach é a dhoirteadh mar ofráil don Tiarna.

17. “Gura fada uaim, a Thiarna,” ar sé, “é seo a ól! An ólfainn fuil na ndaoine a chuir a n‑anam i mbaol ar eachtra?” Ní ólfadh sé é dá bhrí sin. Sin iad bearta an triúr gaiscíoch.

18. Ba é Aibísí deartháir Ióáb agus mac Zarúá ceannaire an tríochad. Eisean a d'imir a shleá ar an trí chéad fear agus a mharaigh iad, agus a thuill cáil i measc an tríochad.

19. Ba mhó cáil é ná an tríocha, agus rinneadh captaen orthu de, ach ní raibh dul aige ar an triúr.

20. Banáiá mac Iahóideá, laoch ó Chabzael, fear déanta mórghníomh, threascair sé dhá churadh Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann.

21. Agus mharaigh sé Éigipteach, fear dealraitheach; bhí sleá ina láimh ag an Éigipteach, ach ghabh Banáiá síos chuige agus bata ina láimh, sciob an tsleá as láimh an Éigiptigh agus mharaigh é lena shleá féin.

22. Ba shin iad bearta Bhanáiá mac Iahóideá a thuill cáil dó féin i measc an tríochad.

23. Ba mhó cáil é na an tríocha, ach ní raibh dul aige ar an triúr. Chuir Dáiví é i gceannas ar a gharda féin.

24. Duine den tríocha ab ea Asáhael deartháir Ióáb.Ealchánán mac Dhodó ó Bheithil.

25. Seamá ó Harod.Eilíceá ó Harod.

26. Heiliz ó Phalat.Íorá mac Icéis ó Theacóá.

27. Aibíeizir ó Anatót.Sibeacaí ó Huiseá.

28. Zalmón ó Achot.Maharaí ó Natofá.

29. Héilib mae Bháná ó Natofá.Iotaí mac Ríbí ó Ghibeá de threibh Bhiniáimin.

30. Banáiá ó Phioráton.Hidí ó ghleannta Gháis.

31. Aibíalbón ó Bhéit Arabá.Azmávat ó Bhachúraím.

32. Eiliachbá ó Shálbón.Clann Iáiséin Iónátán.

33. Seamá ó Harar.Aichíám mac Sheárár ó Harár.

34. Eilífilit mac Achasbaí ó Bhéit Mácá.Eilíám mac Aichítifeil ó Ghíolo.

35. Heazro ó Chairmeil.Páraí ó Arab.

36. Igeál mac Nátán ó Zóbá.Bánaí an Giteach.

37. Zeilic an tAmónach.Nacharaí ó Bhaerót a d'iompar airm Ióáb mac Zarúá.

38. Íreá ó Iaitir.Gáraeb ó Iaitir.

39. Úiríá an Hiteach -Seachtar agus tríocha ar fad.