Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cogaí

1. Ina dhiaidh sin bhris Dáiví ar na Filistínigh agus chloígh iad, agus bhain sé [smacht ar an bpríomhchathair] de na Filistínigh.

2. Bhris sé freisin ar na Móábaigh agus chuir d'iallach orthu luí ar an talamh agus thomhais sé iad le téad; thomhais sé fad dhá théad le cur chun báis, agus téad iomlán eile le hanacal. Thug na Móábaigh géillsine do Dháiví agus d'íoc cáin leis.

3. Chloígh Dáiví Hadad Eizir mac Rachob rí Zóbá agus é ar an mbealach ag iarraidh a chumhacht a leathnú thar an Abhainn.

4. Ghabh Dáiví míle seacht gcéad carbadóir agus fiche míle troitheach; ghearr Dáiví speireacha seisreacha na gcarbad, ach céad díobh.

5. Tháinig Aramaeigh ón Damaisc i gcabhair ar Hadad Eizir rí Zóbá, ach mharaigh Dáiví dhá mhíle agus fiche de na hAramaeigh.

6. Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Aram na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d'íocadar cáin le Dáiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.

7. Thóg Dáiví na sciatha óir a bhíodh á n‑iompar ag cosantóirí Hadad Eizir agus thug leis iad go Iarúsailéim.

8. Thug Dáiví rí dlús mór cré-umha ó Bheatach agus Baerotaí, bailte le Hadad Eizir.

9. Nuair a chuala Toí rí Hamát gur bhris Dáiví ar arm Hadad Eizir go léir,

10. chuir sé a mhac Iórám go dtí Dáiví rí chun beannú dó agus comhghairdeas a dhéanamh leis mar gur throid sé le Hadad Eizir agus gur bhuaigh sé air; ba namhaid é Hadad Eizir do Thoí. Thug Iórám leis gréithe óir agus airgid agus cré-umha.

11. Rinne Dáiví rí iad seo go léir a choisreacan don Tiarna mar a bhí déanta aige leis an airgead agus leis an ór a bhí faighte aige ó na náisiúin go léir a bhí curtha faoi chois aige -

12. Eadóm, Móáb, na hAmónaigh, na Filistínigh, Amáiléic - agus ó Hadad Eizir mac Rachob, rí Zóbá.

13. Bhain Dáiví cáil amach dó féin ar an gcuma sin. Ar fhilleadh dó, chloígh sé na hEadómaigh, ocht míle déag díobh, i nGleann an tSalainn.

14. Chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm (chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm ar fad). Tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a ndeachaigh sé.

15. Bhí Dáiví i réim os cionn Iosrael ar fad. Bhí Dáiví ag riar dlí agus cirt ar a phobal go léir.

16. Bhí Ióáb mac Zarúá i gceannas an airm agus Iahóiseáfat mac Aichíliúd ina sheanchaí.

17. Bhí Zádóc mac Aichítiúb agus Aichímeilic mac Aibíátár ina sagairt; bhí Saráiá ina rúnaí.

18. Bhí Banáiá mac Iahóideá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach. Bhí clann mhac Dháiví ina sagairt.