Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cogadh Eile agus Bás Acháb

1. Bhí cairde trí bliana gan aon chogaíocht idir Arám agus Iosrael.

2. Ansin sa tríú bliain thug Iahóiseáfát rí Iúdá turas ar rí Iosrael.

3. Dúirt rí Iosrael lena oifigigh: “An bhfuil a fhios agaibh go mbaineann Rámot Gileád linne? Ach mar sin féin ní chuirimid cor asainn chun é bhaint as lámha rí Arám.”

4. Dúirt sé le Iahóiseáfát: “An dtiocfaidh tú liom chun troda ag Rámot Gileád?” D'fhreagair Iahóiseáfát rí Iosrael: “Táimse chomh hullamh leat féin, mo mhuintir le do mhuintirse, agus m'eachra le d'eachra.”

5. Ach dúirt Iahóiseáfát le rí Iosrael: “Faigh ar dtús comhairle an Tiarna.”

6. Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” ar sé. “Téigh,” ar siad, “tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”

7. Ach dúirt Iahóiseáfát: “An bhfuil aon fháidh eile leis an Tiarna anseo againn le dul i gcomhairle leis?”

8. D'fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: “Tá aon duine amháin eile ónar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh aon tairngreacht fhónta aige domsa, ach droch-chinn; Míocáia mac Imleá an duine sin.” “Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,” arsa Iahóiseáfát.

9. Chuir rí Iosrael fios ar dhuine de na coillteáin dá bhrí sin agus dúirt: “Tabhair Míocáia mac Imleá chugainn gan mhoill.”

10. Bhí rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá ina suí ina ríchathaoireacha ina lánlibhré ag an urlár buailte ag geata na Samáire agus na fáithe go léir ag fáidheoireacht os a gcomhair.

11. Bhí adharca iarainn déanta ag Zidicíá mac Canáná dó féin. “Seo mar a deir an Tiarna,” ar sé, “ ‘Déanfaidh tú na hArámaigh a ropadh leo seo go dtí go scriosfaidh tú iad.’ ”

12. Rinne na fáithe go léir an tairngreacht chéanna: “Gluais go Rámot Gileád,” ar siad, “agus treise ort! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”

13. An teachtaire a chuaigh ag triall ar Mhíocáia, dúirt sé leis: “Seo iad na fáithe go léir ag labhairt ar aon fhocal le dea-thuar don rí. Labhairse ar aon dul leo agus déan tairngreacht fhabhrach.”

14. Ach d'fhreagair Míocáia: “Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh an Tiarna, sin é an briathar a labhróidh mé.”

15. Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: “A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” D'fhreagair sé: “Gluais agus treise leat! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é!”

16. Ach dúirt an rí: “An minic a chaithfidh mé thú a chur faoi bhrí na mionn gan ach an fhírinne a rá liom in ainm an Tiarna?”

17. Ansin labhair Míocáia:“Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhte,mar chaoirigh gan aoire.Agus dúirt an Tiarna: ‘Níl máistir orthu seo;téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.’ ”

18. Ansin dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Ná dúirt mé leat nach maith a thairngríonn sé dom riamh ach olc?”

19. Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.

20. Dúirt an Tiarna: ‘Cé mheallfaidh Acháb chun fód a bháis ag Rámot Gileád?’ Dúirt cuid díobh seo agus a thuilleadh siúd.

21. Ansin tháinig spiorad ar aghaidh agus sheas os comhair an Tiarna: ‘Déanfaidh mise é a mhealladh,’ ar sé. ‘Conas?’ arsa an Tiarna.

22. ‘Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.’ ‘Meallfaidh tú é,’ arsa an Tiarna, ‘rithfidh leat. Téigh agus déan é.’

23. Féach anois más ea mar a chuir an Tiarna spiorad éithigh i mbéal d'fháithe go léir anseo. Ach tá tubaiste fógartha ag an Tiarna i d'aghaidh.”

24. Tháinig Zidicíá mac Canáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”

25. “Sin rud a gheobhaidh tú amach,” d'fhreagair Míocáia, “an lá a theithfidh tú isteach i seomra cúil le dul i bhfolach.”

26. Dúirt rí Iosrael: “Gabhaigí Míocáia, agus tugaigí ar láimh é d'Ámon, rialtóir na cathrach, agus don Phrionsa Ióáis,

27. agus abraigí: ‘Seo iad orduithe an rí:Cuirigí an duine seo i bpriosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach an beagán aráin agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.’ ”

28. Dúirt Míocáia: “Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.” (Agus dúirt sé: “Éistigí, a chiníocha go léir.”)

29. Chuaigh rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá suas in aghaidh Rámot Gileád.

30. Dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Cuirfidh mé bréagriocht orm féin agus mé ag dul sa chath, ach bíodh d'éidí rí ortsa.” Chuaigh rí Iosrael sa chath faoi bhréagriocht.

31. Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad (tríocha dó díobh): “Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.”

32. Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: “Sin é, ar ndóigh, rí Iosrael,” agus d'iompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát a gháir chatha suas

33. agus thuig ceannairí na gcarbad nárbh é rí Iosrael é, agus d'éiríodar as an tóir air.

34. Ach tharraing duine de na saighdiúirí a bhogha de bhuille faoi thuairim agus bhuail sé rí Iosrael idir éide chatha agus lúireach. “Iompaigh timpeall,” arsa an rí lena chairbtheach, “agus beir leat as an gcath mé, mar táim gonta.”

35. Ach ghéaraigh ar an gcath i gcaitheamh an lae; coimeádadh an rí ina sheasamh ina charbad le teanntaí agus a aghaidh ar na hArámaigh nó go bhfuair sé bás tráthnóna, agus fuil a chréachta ag sní ar urlár an charbaid.

36. Le fuineadh néil nóna ghabh an gháir tríd an slua: “Gach fear chun a chathrach féin; gach fear chun a dhúiche féin;

37. [tá an rí marbh]!” Chuadar chun na Samáire agus rinneadar an rí a adhlacadh sa tSamáir.

38. Níodar an carbad ag Linn na Samáire; mar a níodh na striapacha iad féin, agus ligh na madraí a chuid fola de réir an bhriathair a labhair an Tiarna.

Tar Éis Bháis Acháb

39. An chuid eile de stair Acháb, a imeachtaí go léir, an teach eabhair a thóg sé, agus na cathracha go léir a thóg sé, nach bhfuil siadsan go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

40. Ansin chuaigh Acháb chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Achaizíá i gcomharbacht air.

41. Tháinig Iahóiseáfát mac Ásá i gcoróin ar Iúdá sa cheathrú bliain de réimeas Acháb rí Iosrael.

42. Bhí Iahóiseáfát cúig bliana déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana fichead i réim in Iarúsailéim. Azúbá iníon Silchí ab ainm dá mhathair.

43. Lean sé sampla a athar Ásá gach cor den bhóthar ag déanamh an chirt i bhfianaise an Tiarna.

44. Ach níor scriosadh fós na hardionaid, agus d'ofráladh an pobal íobairtí agus túis fós ar na hardionaid.

45. Bhí cairdeas idir Iahóiseáfát agus rí Iosrael.

46. An chuid eile de stair Iahóiseáfát, an gaisce a rinne sé, na cogaí a throid sé, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

47. A raibh fágtha de na striapacha naofa fir a mhair le linn a athar Ásá, scuab sé chun siúil as an tír iad.

48. Ní raibh aon rí ar Eadóm (ach fear ionaid) agus

49. rinne Iahóiseáfát rí loingeas Thairsís le dul go hÓifír ag triall ar ór, ach níor shroich an loingeas ceann scríbe, ach scriosadh iad ag Eizión Geibir.

50. Ansin dúirt Achaizíá mac Acháb le Iahóiseáfát: “Lig do mo shearbhóntaíse dul le do shearbhóntaíse sa loingeas,” ach ní aontódh Iahóiseáfát.

51. Agus chuaigh Iahóiseáfát chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear; tháinig a mhac Iahórám i gcomharbacht air.

52. Tháinig Achaizíá mac Acháb i gcoróin Iosrael sa tSamáir sa seachtú bliain déag de réimeas Iahóiseáfát rí Iosrael, agus bhí sé i réim in Iosrael ar feadh dhá bhliain.

53. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus lean sé sampla a athar agus a mháthar, agus Iarobám mac Nabát a sheol Iosrael ar bhealach an pheaca.

54. Rinne sé seirbhís do Bhál agus thug adhradh dó agus ghriog sé an Tiarna Dia Iosrael chun feirge díreach faoi mar a rinne a athair.