Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Oifigigh Sholaimh

1. Bhí Solamh ina rí ar Iosrael go léir agus

2. b'iad seo a oifigigh: Azairiá mac Zádóc an sagart;

3. Eilíochoraf agus Aichíá, clann Shíseá, na rúnaithe; Iahóiseáfát mac Aichíliúd an t‑annálaí.

4. (Banáiá mac Iahóideá ceannasaí an airm; Zádóc agus Aibíátár, sagairt);

5. Azairiá mac Nátán ceann na bhfeidhmeannach; Zábúd mac Nátán sagart agus Cara an rí;

6. Aichíseár i gceannas an pháláis; Adoiníreám mac Abdá i gceannas an tsaothair éigeantaigh.

7. Bhí dháréag reachtaire ag Solamh, d'Iosrael go léir, agus is iad a sholáthraigh bia don rí agus dá theaghlach; chaith gach duine díobh soláthar a dhéanamh do mhí sa bhliain.

8. Seo iad a n‑ainmneacha:... mac Húr in ardáin Eafráim;

9. ...mac Dheicir i Mácaz, i Seálbaím, i mBéit Seimis, agus in Aiálón go Béit Hánán.

10. ...mac Heisid in Arubót; leis-sean a ghabh Sócó agus fearann Héifir go léir.

11. ...mac Aibíonádáb, dúiche Dhór go léir; bhí Táfat iníon Sholaimh aige mar chéile.

12. Báná mac Aichíliúd i dTánác agus i Migideo chomh fada le Iocmám, agus Béit Seán go léir laistíos de Izréil, ó Bhéit Seán go hAbael Machólá atá láimh le Zaratán.

13. ...mac Gheibir i Rámót Gileád; ba leis bailte Iáir mac Mhanaise atá i nGileád; agus ba leis dúiche Argob atá i mBáiseán, trí fichid cathair dhaingean le ballaí agus boltaí práis.

14. Aichíneádáb mac Ideo i Machanáím.

15. Aichimeáz i Naftáilí; bhí seisean pósta le Básamat iníon Sholaimh.

16. Báná mac Húiseá in Áiséar agus i mBeálót.

17. Iahóiseáfát mac Pharúach in Íosácár.

18. Simeí mac Éalá i mBiniáimin.

19. Geibir mac Uirí i dtír Ghileád, tír Shíochon rí na nAmórach agus Óg rí Bháiseán. Ina dteanntasan bhí reachtaire i dtír Iúdá.

20. Bhí Iúdá agus Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá; bhí bia agus deoch acu agus mhaireadar go sasta.