Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Rémeas Sholaimh

Solamh Saoi

1. Rinne Solamh cleamhnas le Forann rí na hÉigipte; phos sé iníon Fhorainn agus thug sé leis í go Dúnfort Dháiví nó go mbeadh a theach féin agus teach an Tiarna agus an balla timpeall ar Iarúsailéim tógtha aige.

2. Bhí an pobal ag ofráil íobairtí fós sna hardionaid mar nach raibh aon teach tógtha fós d'ainm an Tiarna.

3. Bhí grá ag Solamh don Tiarna agus lean sé reachtanna Dháiví a athair ach gur ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid.

4. Théadh an rí go Gibeón le híobairtí a dhéanamh ann, mar is ann a bhí an t‑ardionad a ba mhó tábhacht; d'ofráladh an rí míle íobairt dhóite ar an altóir sin.

5. I nGibeón nocht an Tiarna é féin i mbrionglóid oíche do Sholamh. Dúirt Dia: “Cibé rud is mian leat a fháil uaim, iarr orm é.”

6. D'fhreagair Solamh: “Thaispeáin tú barr cineáltais agus buanghrá do do shearbhónta Dáiví, m'athair, nuair a bhí sé ag caitheamh a bheatha faoi chuing na dílseachta agus na córa agus an ionracais chroí i do láthair; bhuanaigh tú an sárchineáltas agus an buanghrá sin dó nuair a thug tú mac le bheith ina shuí ina ríchathaoir inniu.

7. Agus anois, a Thiarna, a Dhia liom, tá rí déanta agat díomsa, do shearbhónta, mar chomharba ar Dháiví, m'athair. Ach níl ionam ach ógfhear gan oiliúint mar threoraí.

8. Tá do shearbhónta i measc an phobail seo atá tofa agat, pobal atá chomh hiomadúil sin nach féidir a líon a áireamh ná a mheas.

9. Tabhair do do shearbhónta croí tuisceanach le do phobal a rialú, chun an mhaith a aithint thar an olc; óir cé a d'fhéadfadh a bheith i gceannas ar an bpobal seo agat atá chomh líonmhar sin?”

10. Ábhar sásaimh ab ea é don Tiarna gur iarr Solamh a leithéid seo.

11. Dúirt an Tiarna leis: “Dé bhrí gurb é seo an rud a d'iarr tú agus nach fad saoil duit féin a d'iarr tú, ná saibhreas, ná bás do naimhde, ach thú a bheith in ann breith thuisceanach a thabhairt,

12. déanaim duit ar an toirt mar a d'iarr tú. Bronnaim ort croí ciallmhar tuisceanach, i dtreo nach raibh do leithéid riamh romhat agus nach mbeidh do leithéid i do dhiaidh.

13. Sea go deimhin, agus an rud nár iarr tú, bronnfaidh mé ort chomh maith é: saibhreas agus glóir, nach raibh a leithéid ag aon rí eile riamh (i gcaitheamh do shaoil).

14. Tabharfaidh mé fad saoil duit má leanann tú mo chosáin, agus tú ag coimeád mo dhlíthe agus mo reachtanna, faoi mar a lean Dáiví, d'athair.”

15. Dhúisigh Solamh. Féach, brionglóid ab ea é! Ansin d'fhill sé ar Iarúsailéim agus sheas sé os comhair áirc chonradh an Tiarna, agus d'ofráil sé íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach, agus bhí fleá aige dá shearbhóntaí go léir.

Breith Sholaimh

16. Ansin tháinig beirt mheirdreach go dtí an rí agus sheasadar ina láthair.

17. Dúirt duine de na mná: “A thiarna liom, táimse agus an bhean seo ag cur fúinn san aon teach amháin; rugadh mac domsa agus ise sa teach.

18. Ansin tharla, ar an tríú lá tar éis breith mo linbh dom, gur rug an bhean seo mac chomh maith; agus bhíomar linn féin, gan aon duine eile farainn sa teach ach lán na beirte againn amháin sa teach.

19. Ansin, aon oíche amháin, fuair mac na mná seo bás mar gur luigh sí air.

20. Agus d'éirigh sí meán oíche, agus thóg mo mhacsa ó mo chliathán agus d'ionailt ina codladh, agus chuir chuici ina hucht é agus chuir a mac marbh chugamsa i m'uchtsa.

21. Nuair a d'éirigh mé (ar maidin) chun an chíoch a thabhairt do mo leanbh, b'shin é ansiúd marbh é. Ach d'fhéach mé air go cáiréiseach ar maidin, agus níorbh é an mac a rugadh dom ar aon chor é.”

22. Ach labhair an bhean eile: “Éitheach,” ar sise, “liomsa an leanbh beo, leatsa an marbh.” “Ní mar sin atá,” arsa an chéad bhean, “leatsa an marbh, liomsa an leanbh beo.” Sin mar a bhíodar ag aighneas i bhfianaise an rí.

23. Ansin labhair an rí agus dúirt: “Deir bean acu: ‘An leanbh beo mo mhacsa; tá do mhacsa marbh,’ agus deir an bhean eile: ‘Éitheach! Do mhacsa an marbh; liomsa an leanbh beo.’

24. Tabhair chugam claíomh,” arsa an rí agus tugadh claíomh i láthair an rí.

25. “Roinnigí an leanbh beo ina dhá chuid,” arsa an rí, “agus tugaigí a leath do bhean acu agus a leath don bhean eile.”

26. Ansin, an bhean ar léi an leanbh beo, labhair sí leis an rí mar bhí a croí á shnoí inti le trua dá mac: “Tabhair di an leanbh beo, le do thoil, a thiarna,” ar sí, “agus ná déan é a mharú ar aon chor.” Ach dúirt an bhean eile: “Ná bíodh sé agamsa ná agatsa, ach roinn é.”

27. Ansin thug an rí a bhreith: “Tabhair an leanbh beo don chéad bhean,” ar sé, “agus na maraigh é ar aon chor; ise a mháthair.”

28. Chuala Iosrael go léir an bhreith a thug an rí, agus thugadar urraim don rí mar gur thuigeadar go raibh eagna Dé ann chun an ceart a riar.