Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Altóir Bhéitéil á Damnú

1. Féach! tháinig giolla Dé ó Iúdá go Béitéil ar ordú an Tiarna, agus Iarobám díreach ina sheasamh ag an altóir chun an túis a ofráil.

2. Ar ordú an Tiarna rinne sé glao in aghaidh na haltóra: “A altóir, a altóir,” ar sé, “seo mar a deir an Tiarna: ‘Béarfar mac do theaghlach Dháiví, darbh ainm Ióisíá agus íobróidh sé ort sagairt na n‑ardionad a dhónn túis ort, agus dófaidh sé cnámha daoine ort.’ ”

3. Agus thug sé comhartha san am céanna: “Seo é an comhartha,” ar sé, “gur labhair an Tiarna: ‘Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.’ ”

4. Nuair a chuala an rí conas mar a ghlaoigh an giolla Dé in aghaidh na haltóra i mBéitéil, shín seisean, Iarobám, a lámh ón altóir amach, á rá: “Gabhaigí é.” Ach an lámh a shín sé amach in aghaidh an duine, shearg sí, agus níor fhéad sé í a tharraingt ar ais.

5. Agus phléasc an altóir agus scaipeadh an luaithreach ón altóir, de réir an chomhartha a thug an giolla Dé ar ordú an Tiarna.

6. Dúirt an rí leis an ngiolla Dé: “Iarr fabhar an Tiarna do Dhia arís (agus guigh orm) ionas go bhfaighidh mé lúth mo láimhe ar ais.” Agus chuir an giolla Dé a impí chun an Tiarna, agus fuair an rí ar ais lúth a láimhe agus bhí sí mar a bhí roimhe sin.

7. Ansin dúirt an rí leis an ngiolla Dé: “Tar liom abhaile agus caith bia agus tabharfaidh mé luach saothair duit.”

8. Ach d'fhreagair an giolla Dé an rí: “Fiú dá dtabharfá leath do thí dom, ní rachainn leat. Ní íosfaidh mé greim aráin ná ní ólfaidh mé deoch uisce san áit seo,

9. mar fuair mé ordú ón Tiarna á rá: ‘Ná hith greim aráin agus ná hol deoch uisce agus ná fill an bóthar ar ar tháinig tú.’ ”

10. Thug sé bóthar eile air féin agus níor fhill sé an tslí a ghabh sé ag teacht go Béitéil.

Giolla Dé agus Fáidh

11. Agus bhí seanfháidh ina chónaí i mBéitéil, agus tháinig a chlann mhac á rá leis gach a ndearna an giolla Dé an lá sin i mBéitéil, agus na briathra a labhair sé leis an rí - d'insíodar iadsan leis dá n‑athair.

12. “Cén bealach a ghabh sé?” d'fhiafraigh a n‑athair díobh. Agus thaispeáin a chlann mhac [dó] an bealach a ghabh an giolla Dé a tháinig ó Iúdá.

13. “Cuirigí an diallait ar an asal dom,” ar sé lena chlann mhac; chuireadar an diallait ar an asal dó dá bhrí sin agus chuaigh sé ar a mhuin.

14. Lean sé an giolla Dé, agus fuair é ina shuí faoi scáth crann darach. “An tusa,” ar sé, “an giolla Dé a tháinig ó Iúdá?” “Is mé,” a d'fhreagair sé.

15. “Tar abhaile liom,” ar sé, “agus caith bia.”

16. “Ní féidir liom filleadh ar ais leat,” ar sé, “(ná dul isteach abhaile leat) ná bia ná deoch a chaitheamh anseo leat,

17. mar fuair mé ordú ón Tiarna: ‘Ná hith greim aráin agus ná hól deoch uisce ansiúd agus ná fill an bothar ar ar tháinig tú.’ ”

18. D'fhreagair an fear eile: “Is fáidh mise ar aon dul leat, agus dúirt aingeal liom ar ordú an Tiarna: ‘Tabhair leat ar ais chun do thí é ionas go gcaithfeadh sé bia agus deoch.’ ” Ach ba bhréag a d'inis sé dó.

19. Chuaigh an giolla Dé ar ais leis agus chaith sé bia agus deoch ina theach.

20. Agus ina suí chun boird dóibh tháinig briathar an Tiarna chun an fháidh a thug ar ais é,

21. agus labhair sé os ard leis an ngiolla Dé a tháinig ó Iúdá: “Mar seo a deir an Tiarna,” ar sé: “ ‘Dé bhrí go raibh tú easumhal d'ordú an Tiarna agus nár chomhlíon tú na treoracha a thug an Tiarna do Dhia duit,

22. ach teacht ar ais agus bia agus deoch a chaitheamh san áit inar choisc sé bia agus deoch ort, ní shroichfidh do chorp tuama do shinsear.’ ”

23. Nuair a bhí bia agus deoch caite aige, chuir an fáidh an diallait ar an asal dó, agus [chas sé timpeall agus d'imigh leis].

24. Ar an mbothar dó bhuail leon leis sa tslí agus mharaigh sé é. Fágadh a chorp sínte faon ar an mbóthar; d'fhan an t‑asal ina sheasamh ansiúd taobh leis, agus d'fhan an leon ina sheasamh ag an gcorp chomh maith.

25. Chonaic daoine a bhí ag gabháil thar bráid an corp sínte ar an mbóthar agus an leon chomh maith ina sheasamh ag taobh an choirp, agus d'imíodar agus d'insíodar ina thaobh sa chathair ina raibh cónaí ar an seanfháidh.

26. Agus nuair a chuala an fáidh, a chuir d'iallach ar an bhfear filleadh ar ais, ina thaobh, dúirt sé: “Sé an giolla Dé é, a bhí easumhal d'ordú an Tiarna! Thug an Tiarna suas don leon é, agus rinne seisean é a stolladh agus a mharú, de réir an bhriathair a labhair an Tiarna leis.”

27. Agus dúirt sé lena chlann mhac: “Cuirigí an diallait ar an asal dom,” agus chuireadar.

28. D'imigh sé leis agus fuair sé corp an fhir sínte ar an mbóthar agus an t‑asal agus an leon ina seasamh taobh leis an gcorp. Ní raibh an corp ite ná an t‑asal stollta ag an leon.

29. Thóg an fáidh corp an ghiolla Dé agus chuir ar a asal é agus thug ar ais é chun na cathrach ina raibh cónaí air lena chaoineadh agus lena adhlacadh.

30. Chuir sé an corp ina uaigh féin, agus chaoineadar é á rá: “Mo bhrón! mo bhráthair.”

31. Nuair a bhí sé curtha aige dúirt sé lena chlann mhac: “Nuair a gheobhaidh mé bás, cuirigí mé san uaigh ina bhfuil an giolla Dé curtha. Sínigí mo chnámha taobh lena chnámhasan.

32. Óir an briathar a ghlaoigh sé ar ordú an Tiarna in aghaidh altóir Bhéitéil, agus in aghaidh scrínte uile na n‑ardionad i gcathracha na Samáire, tiocfaidh sé chun críche go cinnte.”

33. Níor éirígh Iarobám as a dhrochnósanna i ndiaidh an imeachta sin, ach lean sé air ag ceapadh daoine den choitiantacht arís ina sagairt do na hardionaid. Duine ar bith ar mhian leis é, choisric Iarobám é le bheith ina shagart do na hardionaid.

34. Ar an gcaoi sin rinneadh teaghlach coiriúil de theaghlach Iarobám i dtreo gur scriosadh ar fad é de chlár na talún.