Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Pálás Sholaimh

1. Maidir lena phálás féin, bhí Solamh trí bliana déag á thógáil nó go raibh críoch curtha aige ar a rítheach go léir.

2. Thóg sé Áras Chrainn Fhoraois na Liobáine; bhí sé céad banlámh ar fhad, leathchéad banlámh ar leithead, tríocha banlámh ar airde, agus é tógtha ar thrí shraith colún d'adhmad céadair le mullaí céadair ar na colúin.

3. Bhí cumhdach d'adhmad céadair ar an gcuid uachtarach de chomh fada leis na cláir lastuas de na colúin (cúig cinn agus daichead díobh ar fad, cúig cinn déag i ngach sraith).

4. Bhí trí shraith de fhardoirse, cúig cinn agus daichead díobh ar fad, cúig cinn déag i ngach sraith sé sin ar aghaidh a chéile ar thrí thaobh.

5. Bhí na doirse agus na hursaineacha de dhéanamh dronuilleannach ar aghaidh a chéile ar thrí thaobh.

6. Rinne sé Halla na gColún, leathchéad banlámh ar fhad agus tríocha banlámh ar leithead... agus póirse os a chomhair amach.

7. Rinne sé chomh maith Halla na Ríchathaoireach mar a dtugadh sé breith, Halla na Breithe sé sin; bhí painéal d'adhmad céadair air ó urlár go fraitheacha.

8. Ba den déantús céanna a theach, a áras cónaithe féin sa chúirt eile isteach ón Halla. Rinne Solamh chomh maith teach ar aon dul leis an Halla seo d'iníon Fhorainn a bhí aige mar bhean.

9. Bhí na foirgnimh seo go léir de chlocha luachmhara a snaíodh de réir tomhais agus a gearradh le sábha ar a n‑aghaidh agus ar a gcúl, agus sin ó bhonn go bunlach (agus lasmuigh chomh fada leis an gcúirt mhór).

10. Bhí a máithreacha de chlocha luachmhara, clocha móra, clocha a thomhais ocht mbanlámh nó deich.

11. Agus in airde orthu bhí clocha luachmhara a gearradh de réir tomhais, agus adhmad céadair.

12. Bhí trí shraith de chlocha gearrtha timpeall ar an gcúirt mhór lasmuigh; agus sraith de bhíomaí céadair; bhí sin leis an chúirt inmheánach Theampall an Tiarna agus póirse an Teampaill.

Saothar Cré-Umha

13. Chuir Solamh rí fios ar Híorám agus thug leis ón Tuír é.

14. Ba mhac baintrí de threibh Naftáilí é, lán de thuiscint agus an-eolgaiseach i mbun déantúis chré-umha. Tháinig sé chuig Solamh agus rinne an obair seo go léir dó:

15. Rinne sé dhá cholún chré-umha a theilgean; bhí colún díobh ocht mbanlámh déag ar airde, agus dorú dhá bhanlámh déag ar fad a thug a thomhas timpeall; ba é an scéal céanna é ag an dara colún.

16. Rinne sé dhá mhullach de chré-umha teilgthe do bharr na gcolún; bhí mullach díobh cúig bhanlámh ar airde, agus an ceann eile cúig bhanlámh.

17. Agus [rinne sé dhá] fhíolagrán mar chumhdach ar mhúnláil an dá mhullach ar na colúin, fíolagrán do mhullach agus fíolagrán eile don mhullach eile.

18. Rinne sé pomagránaití chomh maith, dhá shraith díobh timpeall gach fíolagráin,

19. ceithre chéad díobh ar fad,

20. greamaithe den mhúnláil chrochta ar chúl an fhíolagráin; bhí dhá chéad pomagránait timpeall ar mhullach, agus an líon céanna timpeall ar an mullach eile.

21. Ar chuma blátha a bhí na mullaí ar bharr na gcolún.

22. Sheas sé na colúin os comhair phóirse an tsanctóra; chuir sé colún ar dheis ar ar thug sé Iáicín, agus colún ar chlé ar ar thug sé Boaz.

23. Ba shin an clabhsúr ar shaothar na gcolún.

24. Ansin rinne sé an mhuir de mhiotal leáite, deich mbanlámh ó chiumhais go ciumhais, déanamh cruinn uirthi agus í cúig bhanlámh ar airde; dorú tríocha banlámh ar fhad a thomhais a himlíne.

25. Timpeall uirthi go léir faoina ciumhais bhí cnapáin; ghabhadar timpeall na mara ar feadh tríocha banlámh; bhí na cnapáin ina dhá sraith, agus teilgeadh iad leis an gcuid eile.

26. Bhí sí ina luí ar dhá dhamh déag, trí cinn agus a n‑aghaidh ó thuaidh, trí cinn agus a n‑aghaidh siar, trí cinn agus a n‑aghaidh ó dheas, trí cinn agus a n‑aghaidh soir. Leagadh an mhuir orthu sin, agus a gceathrúna go léir isteach i dtreo a chéile.

27. Bhí sí dorn ar tiús, agus ba ar chuma ciumhais cupáin a bhí a ciumhais, mar bhláth lile. Bhí lán dhá mhíle folcadán inti.

28. Rinne sé deich seastán cré-umha; bhí gach seastán ceithre bhanlámh ar fhad, ceithre bhanlámh ar leithead, agus trí bhanlámh ar airde.

29. Mar seo a tógadh iad: bhí creatlach fúthu agus trasnáin ar an gcreatlach.

30. Ar thrasnáin an chreatlaigh bhí leoin, agus tairbh, agus ceiribíní, agus ar bharr an chreatlaigh bhí teannta; thíos faoi na leoin agus na daimh bhí fleasca fiartha.

31. Bhí ceithre roth cré-umha agus ceithre fhearsaid chré-umha faoi gach seastán, agus ag na cúinní bhí teanntaí don bháisín, agus teilgeadh iad sin le fleasca ar a gcliatháin.

32. Ba é tomhas a bhéil, ón mball inar tháinig na teanntaí le chéile go dtí a bharr, banlámh go leith. Bhí a bhéal cruinn, ar aon dul le taca faoi áras, agus ar an mbéal bhí íomhánna greanta. Ní cruinn a bhí na trasnáin, ach dronuilleogach.

33. Bhí na ceithre roth faoi na trasnáin, agus bhí fearsaidí na rothaí d'aon phíosa leis na seastáin, agus ba bhanlámh go leith airde gach rotha.

34. Ar dhéanamh rothaí carbaid a bhí na rothaí; teilgeadh idir fhearsaid, agus fhonsa, agus spócaí, agus mhol.

35. Bhí ceithre theannta ag ceithre chúinne gach seastáin, agus ba d'aon phíosa na teanntaí agus na seastáin.

36. Ar bharr an tseastáin bhí taca, déanamh cruinn air, agus é leathbhanlámh ar airde; ar bharr an tseastáin bhí a theanntaí agus a thrasnáin d'aon phíosa leis.

37. Ar dhromchla a theanntaí agus a thrasnáin, rinne sé ceiribíní agus leoin agus crainn phailme a ghreanadh, de réir mar a bhí slí do gach ceann, agus fleasca ina dtimpeall.

38. Mar sin is ea a rinne sé na deich seastáin; teilgeadh iad go léir mar a chéile, an tomhas céanna agus an cruth céanna.

39. Agus rinne sé deich mbáisíní cré-umha; bhí lán daichead folcadán i ngach báisín; bhí ceithre bhanlámh i dtomhas gach báisín, báisín do gach seastán de na deich gcinn.

40. Chóirigh sé na báisíní, cúig cinn ar thaobh deas an Teampaill agus cúig cinn ar a thaobh clé, agus chuir sé an mhuir ar thaobh deas an Teampaill, sa chúinne thoir theas.

41. Rinne Híorám na luaithreáin chomh maith, na sluaistí agus na babhlaí. Chuir sé críoch mar sin leis an saothar go léir a rinne sé do Sholamh rí ar Theampall an Tiarna:

42. an dá cholún, an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún; an dá shraith fíolagráin leis an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún a chumhdach;

43. an ceithre chéad pomagránait don dá shraith fíolagráin; bhí na pomagránaití ar gach ceann de na fíolagráin ina dhá sraith (leis an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún a chumhdach);

44. na deich seastáin agus na deich mbáisíní ar na seastáin;

45. an aon mhuir agus an dá dhamh déag faoin muir;

46. na luaithreáin, na sluaistí, agus na babhlaí. Ba de chré-umha líofa na gréithe seo go léir a rinne Híorám do Sholamh rí, do Theampall an Tiarna.

47. Rinne sé iad trí [ghaineamhtheilgean] i ndúiche na Iordáine idir Sucót agus Záratán.

48. D'fhág Solamh na hárais go léir gan meá, mar bhí an oiread sin díobh ann; níor tomhaiseadh riamh meáchan an chré-umha.

49. Chuir Solamh na gréithe go léir a rinne sé i dTeampall an Tiarna: an altóir óir, an bord óir do bhuilíní na láithreachta;

50. na coinnleoirí d'ór fíre, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé os comhair an tsanctóra; na bláthanna ornáideacha, na lóchrainn agus an teanchair, d'ór;

51. na cuacha, na smóladáin, na babhlaí, na loingíní túise, agus na túisteáin, d'ór fíre; ceapa doirse d'ór do dhoirse an tsanctóra, an áit shárnaofa is é sin, agus do dhoirse halla an Teampaill.

52. Ar an gcuma sin cuireadh i gcrích an obair go léir a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, agus thug Solamh leis isteach na nithe go léir a rinne Solamh a athair a thíolacadh, idir airgead agus ór agus ghréithe, agus chuir iad i gciste Theampall an Tiarna.