Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Easaontas

1. A luaithe a chuala Iarobám mac Nabát an scéala agus é fós san Éigipt mar ar theith sé ó Sholamh rí, d'fhill sé ón Éigipt.

2. Chuaigh Rachabám go Seicim mar go raibh Iosrael go léir imithe go Seicim chun é a fhógairt ina rí,

3. (agus chuir siad fios ar Iarobám agus tháinig sé féin agus comhthionól Iosrael go léir) agus dúradar le Rachabám:

4. “Chuir d'athair ualach trom orainn le hiompar; bog daoirse dhian d'athar, agus a chuing throm orainn agus déanfaimid seirbhís duit.”

5. Dúirt sé leo: “Imígí libh ar feadh trí lá, agus ansin tagaigí ar ais chugam.” Agus d'imigh na daoine leo.

6. Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. “Cén freagra,” ar sé, “ar chóir dom dar libh a thabhairt don mhuintir seo?”

7. Dúirt siad leis: “Déan freastal ar an bpobal seo inniu, agus bí mar a bheadh seirbhíseach acu, labhair go lách leo, agus beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.”

8. Ach dhiúltaigh sé don chomhairle a thug na seanóirí dó agus chuaigh sé i gcomhairle leis na hógánaigh a d'fhás suas leis féin agus a bhí ina sheirbhís.

9. “Cén freagra a chomhairlíonn sibh dúinn a thabhairt don mhuintir seo a dúirt liom: ‘Bog dínn an chuing a leag d'athair orainn’?” ar sé leo.

10. Agus d'fhreagair an dream óg a d'fhás suas leis: “Tabhair an freagra seo don mhuintir úd a dúirt: ‘Chuir d'athair ualach trom orainn le hiompar, ach déan é a éadromú duinn’ - abair é seo leo: ‘Is raimhre mo lúidín ná coim m'athar.

11. Leag m'athair ualach trom oraibh Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.’ ”

12. An tríú lá tháinig (Iarobám agus) an pobal go léir go Rachabám, faoi mar a d'ordaigh an rí á rá: “Tagaigí chugam arís an treas lá.”

13. Níor thug an rí aon aird ar an gcomhairle a thug na seanóirí dó, ach thug freagra garbh ar an bpobal,

14. agus labhair leo de réir chomhairle na n‑ógfhear agus dúirt: “Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.”

15. Níor éist an rí dá réir sin leis an bpobal, agus bhí sin curtha i gcrích ag an Tiarna ionas go gcomhlíonfadh sé an gealltanas a thug sé ó bhéal Aichíá ó Shileo do Iarobám mac Nabát.

16. Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d'fhreagair an pobal an rí:“Cén chuid atá againn i nDáiví?Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise.Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael!Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!”Agus d'imigh Iosrael leo chun a mbothanna.

17. Ach bhí Rachabám ina rí ar chlann mhac Iosrael a bhí ina gcónaí i gcathracha Iúdá.

18. Ansin chuir Rachabám rí uaidh Adorám a bhí i bhfeighil lucht an tsaothair éigeantaigh, ach chuir na hIosraelaigh go léir chun báis de chlocha é; ansin bhrostaigh Rachabám agus phreab ina charbad agus theith go Iarúsailéim.

19. Agus ar an gcuma sin tá Iosrael scartha ó theaghlach Dháiví go dtí an lá inniu féin.

Deighilt

20. Nuair a chuala Iosrael go léir go raibh Iarobám ar ais, ghlaodar air chun an chomhthionóil agus rinneadar rí de ar Iosrael go léir. Níor fhan aon duine dílis do theaghlach Dháiví ach treibh Iúdá amháin.

21. Ghabh Rachabám suas go Iarúsailéim agus chuir sé tionól ar theaghlach Iúdá go léir, agus ar threibh Bhiniáimin, céad agus ochtó míle de thogha na ngaiscíoch, ionas go gcuirfí cath ar theaghlach Iosrael agus go mbuafaí an ríocht ar ais do Rachabám mac Sholaimh.

22. Ach tháinig briathar an Tiarna go Seamaiá an giolla Dé, agus dúirt:

23. “Abair é seo le Rachabám, mac Sholaimh, rí Iúdá, le teaghlach Iúdá go léir agus le Biniáimin, agus leis an gcuid eile den phobal:

24. Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná téigí suas agus ná troidigí in aghaidh bhur mbráithre, pobal Iosrael. Filleadh gach duine ar a bhaile; an rud seo a tharla, is mise is cúis leis.’ ” (Agus d'éisteadar go léir le briathar an Tiarna, agus d'imíodar leo abhaile arís de réir bhriathar an Tiarna.)

25. Ansin thóg Iarobám Seicim in ardáin Eafráim agus chuir faoi ann. Ansin d'fhág sé an áit sin agus dhaingnigh sé Panúéil.

26. Agus dúirt Iarobám ina chroí istigh: “Dá réir seo, fillfidh an ríocht seo chun teaghlach Dháiví.

27. Má leanann an pobal seo ag dul suas chuig Teampall an Tiarna in Iarúsailéim chun íobairtí a ofráil, iompóidh croí an phobail ar ais athuair chun a dtaoisigh Rachabám, rí Iúdá, agus cuirfidh siad chun báis mé (agus fillfidh siad ar Rachabám, rí Iúdá).”

28. Rinne an rí a mhachnamh air seo dá réir sin, agus ansin rinne sé dhá lao óir. Dúirt sé leis an bpobal: “Tá sibh fada go leor ag dul suas go Iarúsailéim; seo agaibh bhur ndéithe, a Iosrael; is iad seo a thug aníos sibh as tír na hÉigipte.”

29. Chuir sé ceann díobh ina sheasamh i mBéitéil (agus an ceann eile i nDán,

30. agus ba pheaca sin) agus chuaigh mórshiúl den phobal an bealach ar fad go Dán ar bhéala an chinn eile.

31. Bhunaigh sé teampall na n‑ardionad agus cheap sé daoine ó ghnáththeaghlaigh mar shagairt, daoine nár de shliocht Léiví iad.

32. Lena chois sin bhunaigh Iarobám féile san ochtú mí, ar an gcúigiú lá déag den mhí, ar nós na féile a cheiliúrtaí in Iúdá, agus chuaigh sé suas chun na haltóra. Sin mar a rinne sé i mBéitéil, agus d'ofráil sé íobairtí do na laonna a bhí déanta aige. Agus chuir sé i mBéitéil sagairt na n‑ardionad a bhí bunaithe aige.

33. Ar an gcúigiú lá déag den ochtú mí, an mhí a thogh sé d'aon ghnó, chuaigh sé suas chun na haltóra a bhí déanta aige i mBéitéil. Bhunaigh sé féile do chlann Iosrael agus chuaigh suas chun na haltóra chun túis a íobairt.