Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Éilias ag Horaeb

1. Nuair a d'inis Acháb do Ízeibil a raibh déanta ag Éilias agus conas mar a chuir sé na fáithe go léir chun báis le faobhar claímh,

2. chuir Ízeibil teachtaireacht go hÉilias a rá: “Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd sa bhreis liom mura mbíonn an íde chéanna tugtha agam ar d'anamsa agus a tugadh ar anam duine acu um an dtaca seo amárach!”

3. Tháinig scéin air agus d'éirigh sé agus rith lena anam. Tháinig sé go Béar Seaba, a bhaineann le Iúdá, agus d'fhág sé a sheirbhíseach ansiúd.

4. Chuaigh sé féin ar aghaidh turas lae isteach san fhásach, agus shuigh faoi thor aitinn agus d'iarr go bhfaigheadh bás. “A Thiarna,” ar sé, “tá mo sháith agam. Beir leat m'anam. Ní fearr mé ná mo shinsir.”

5. Ansin luigh sé síos agus thit a chodladh air faoin tor aitinn. Ach, féach, chorraigh aingeal é agus dúirt: “Éirigh agus ith!”

6. D'amharc sé thart agus siúd ag a cheann toirtín a bruitheadh ar leaca te agus crúiscín uisce. D'ith sé agus d'ól sé agus ansin luigh sé síos arís.

7. Tháinig aingeal an Tiarna ar ais chuige an dara huair, chorraigh é agus dúirt: “Éirigh agus ith nó beidh an t‑aistear ró-fhada duit.”

8. D'éirigh sé mar sin, agus d'ith sé agus d'ól sé, agus neartaigh an bia chomh mór sin é gur shiúil sé daichead lá agus daichead oíche nó gur shroich sé Horaeb, sliabh Dé.

9. Agus chuaigh sé isteach san uaimh ansiúd agus chaith an oíche ann. Agus tháinig briathar an Tiarna chuige á rá: “Cad tá tú a dhéanamh anseo, a Éilias?”

10. D'fhreagair sé: “Táim lán de dhíograis agus de dhúthracht do Thiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú] gur leagadar d'altóirí, agus gur chuireadar d'fháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir m'anama, ar tí mo mharaithe.”

11. Ansin fuair sé an focal: “Gabh amach agus seas ar an sliabh os comhair an Tiarna.” Chuaigh an Tiarna féin thar bráid ansin. Tháinig gaoth láidir, chomh tréan sin gur réab sí na sléibhte agus go ndearna smionagar de na carraigeacha roimh an Tiarna. Ach ní raibh an Tiarna sa ghaoth. I ndiaidh na gaoithe tháinig crith talún. Ach ní raibh an Tiarna sa chrith talún.

12. I ndiaidh an chrith talún, tháinig tine. Ach ní raibh an Tiarna sa tine. I ndiaidh na tine, tháinig fuaim chogair bhig.

13. Nuair a chuala Éilias é sin, chlúdaigh sé a aghaidh lena chlóca; chuaigh sé amach agus sheas sé i mbéal na huaimhe. Tháinig guth chuige á rá: “Cad tá tú a dhéanamh anseo, a Éilias?”

14. D'fhreagair sé: “Tá mé lán de dhúthracht gan staonadh ar son Tiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú], gur leagadar d'altóirí, agus gur chuireadar d'fháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir m'anama, ar tí mo mharaithe.”

15. Dúirt an Tiarna leis: “Imigh leat agus gabh ar ais an bóthar céanna go fásach na Damaisce. Tar éis teacht duit déan Hazáéil a ungadh ina rí ar Arám;

16. agus Iéahú mac Nimsí a ungadh ina rí ar Iosrael, agus Eilíseá mac Sheáfát ó Ábael Machólá a ungadh ina fháidh le teacht i do dhiaidh.

17. Cibé a thiocfaidh slán ó chlaíomh Hazáéil, cuirfidh Iéahú chun báis iad; agus cibé a thiocfaidh slán ó chlaíomh Iéahú cuirfidh Eilíseá chun báis iad.

18. Ach déanfaidh mé anacal anama ar sheacht míle in Iosrael, gach glúin nár feacadh do Bhál, gach béal nár phog é.”

Glao Eilíseá

19. D'imigh sé ón áit sin agus tháinig ar Eilíseá mac Sheáfát agus é ag treabhadh; bhí dhá dhamh déag sa chuingir aige agus é féin leis an dara ceann déag. Chuaigh Éilias thart i ndeas dó agus chaith a chlóca anuas air.

20. D'fhág sé an chuingir agus rith sé ar thóir Éilias. “Lig dom m'athair agus mo mháthair a phógadh,” ar sé; “agus ansin leanfaidh mé thú.” D'fhreagair Éilias: “Gabh ar ais; óir an ndearna mé rud ar bith duit?”

21. Thiontaigh Eilíseá i leataobh óna lorg, ghlac sé an chuingir agus mharaigh iad, agus leis na cuingeacha mar ábhar tine, bhruith sé feoil na ndamh; ansin thug sé do na fir í agus d'itheadar. D'éirigh sé ansin agus lean Éilias agus bhí ina shearbhónta aige.