Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Moladh do Iúdás Macabaech

1. Tháinig Iúdás ar a dtugtaí Macabaech, a mhac, i gceannas ina áit.

2. Bhí a bhráithre go léir agus lucht leanúna a athar go léir ag cabhrú leis, agus throid siad le fonn ar son Iosrael.

3. Leath sé cáil a mhuintire.Chuir sé a lúireach uime dála fathaigh,agus a threalamh catha ina thimpeall.Throid sé cathannaagus chosain a shluaite le faobhar claímh.

4. Ba gheall le leon é ar éachtaí,agus le coileán leoin ag uallfartaigh sa tóir.

5. Chuir sé tóir ar na coirpigh agus ghabh iad.Chuir sé tine le lucht ciaptha a mhuintire.

6. Chúb coirpigh chucu le heagla roimhe,agus bhuail buaireamh is scéin lucht déanta an oilc.Bhí an rath ar an slánú faoina threoir.

7. Chuir sé gangaid i dtreo a lán ríthe,agus lúcháir ar Iacób lena bhearta.Tá beannacht ar a chuimhne go brách.

8. Ghabh sé trí chathracha Iúdáagus scrios sé na héagráifigh iontu.D'iompaigh sé an fhearg i leataobh ó Iosrael.

9. Chuaigh a cháil go himill na cruinne,agus chruinnigh sé le chéile an mhuintir a bhí ar tí a millte.

Bua Iúdáis

10. Ach thionól Apollóinias na págánaigh agus slua mór ón tSamáir le troid in aghaidh Iosrael.

11. Nuair a fuair Iúdás scéala, ghabh sé amach ina choinne, bhris sé air agus mharaigh sé é; thit a lán i gcosair chró, agus theith an chuid eile.

12. Ansin ghabhadar a gcreach agus thóg Iúdás claíomh Apollóinias agus bhain sé feidhm as i gcath an chuid eile dá shaol.

13. Nuair a chuala Saerón, ceannaire arm na Síre, go raibh díorma tréan bailithe ag Iúdás ina thimpeall, buíon creidmheach agus lucht tathaíoch ar chogaíocht,

14. dúirt sé: “Bainfidh mé clú agus cáil amach agus tuillfidh mé onóir sa ríocht má chuirim cogadh ar Iúdás agus ar a lucht tacaíochta nach bhfuil meas acu ar ordú an rí.”

15. Chuaigh sé ar aghaidh dá bhrí sin agus arm láidir d'aindiagaigh mar thaca aige le díoltas a imirt ar chlann Iosrael.

16. Bhí fána Bhéit Horón sroichte aige nach mór nuair a ghabh Iúdás amach ina aghaidh le buíon an-bheag fear.

17. Nuair a chonaic siadsan an t‑arm ag teacht ina n‑aghaidh, dúirt siad le Iúdás: “Conas is féidir dúinne agus a laghad dínn atá ann, troid i gcoinne slua atá chomh mór agus chomh tréan sin? Agus táimid lag, agus sinn ar céalacan fós inniu.”

18. D'fhreagair Iúdás: “Is furasta don bheagán an mórán a theanntú, mar i láthair Neimhe is ionann fuascailt trí mhórán nó trí bheagán;

19. mar ní ar líon an tslua atá bua catha ag brath, ach is ó neamh a thagann an neart.

20. Tá siad ag teacht inár gcoinne ag borradh le huabhar agus le coirpeacht d'fhonn sinne agus ár mná agus ár leanaí, a scriosadh, agus a chreachadh.

21. Ach táimidne ag troid ar son ár n‑anama agus ár ndlíthe.

22. Déanfaidh seisean iad a smiotadh os comhair ár súl; ná bíodh eagla oraibh rompu.”

23. Nuair a bhí deireadh aige, thug sé fogha faoi Shaerón agus a shluaite go tobann agus chuir i raon maidhme roimhe iad;

24. chuaigh siad sa tóir air le fána Bhéit Horón síos go dtí an mhá; thit ocht gcéad díobh, agus theith an chuid eile go tír na bhFilistíneach.

25. Ansin leath eagla roimh Iúdás agus a dheartháireacha i measc na ndaoine agus tháinig scéin ar na págánaigh máguaird.

26. Shroich a cháil fiú an rí féin agus bhí cathanna Iúdáis ina lán béil ag na págánaigh.

Feachtas á Ullmhú

27. Nuair a fuair Aintíochas rí na tuairiscí sin, tháinig cuthach feirge air, agus chuir sé gairm scoile amach agus chruinnigh sluaite a ríochta go léir, arm an-tréan.

28. D'oscail sé a chiste agus thug pá bliana dá arm agus d'ordaigh dóibh a bheith ullamh d'aon ní a tharlódh.

29. Fuair sé amach ansin go raibh airgead an chiste caite agus gur bheag a bhí ag teacht isteach ón tír de bharr an aighnis agus an tranglaim a thug sé ar an tír toisc na dlíthe a bhí i bhfeidhm leis na cianta a chur ar ceal.

30. Thosaigh eagla ar theacht air go dtarlódh sé mar a tharla uair nó dhó roimhe sin, nach mbeadh go leor ina chiste le haghaidh na gcostas agus na dtabhartas a bhíodh á mbronnadh aige níos féile ná na ríthe a ghabh roimhe.

31. Bhí suaitheadh mór intinne air agus bheartaigh sé ar dhul go dtí an Pheirs, le cánacha a thobhach ó na réigiúin sin agus suim mhór airgid a bhailiú.

32. D'fhág sé Lisias, duine uasal den ríshliocht, i bhfeighil cúraimí an rí ó abhainn an Eofrataes go teorainneacha na hÉigipte.

33. Eisean freisin a bhí lena mhac Aintíochas a oiliúint nó go bhfillfeadh sé.

34. Chuir sé leath a shluaite agus na heilifintí faoi chúram Lisias chomh maith agus thug sé treoracha dó i dtaobh a raibh á bheartú aige a dhéanamh, go háirithe maidir leis an muintir a bhí ag cur fúthu in Iúdáia agus in Iarúsailéim.

35. Bhí Lisias le harm a chur ina gcoinne le neart Iosrael agus iarmhar Iarúsailéim a scriosadh agus a mhilleadh agus a gcuimhne a scuabadh ar fad ón áit,

36. sliocht eachtrannach a phlandáil ina gcríocha go léir, agus a dtailte a roinnt ar chrainn.

37. Thug an rí an leath eile dá arm leis agus d'fhág Aintíoch, príomhchathair na ríochta, sa bhliain céad daichead a seacht. Chuaigh sé thar abhainn an Eofrataes agus ghabh trí na cúigí uachtaracha.

Ionradh ar Iúdás

38. Thogh Lisias Ptoilimí mac Dhoramanaes agus Niocánór agus Goirgias, fir thábhachtacha i measc chairde an rí,

39. agus sheol daichead míle coisí agus seacht míle marcach faoina gceannas le dul isteach i dtír Iúdá agus é a scrios mar a d'ordaigh an rí.

40. Chuir siad chun bóthair lena bhfórsaí go léir agus shroich siad comharsanacht Amáus sna hísleáin agus shuigh siad a longfort ansiúd.

41. Nuair a chuala ceannaitheoirí na dúiche cérbh iad féin, thug siad leo raidhse óir agus airgid agus [geimhle] chomh maith, agus isteach leo sa longfort agus é ar intinn acu clann Iosrael a cheannach mar dhaoráin; bhí slua mór ón tSír agus ó thír na bhFilistíneach ina dteannta.

42. Chonaic Iúdás agus a dheartháireacha go raibh an scéal imithe chun an donais, agus go raibh fórsaí ag cur fúthu ina gcríocha. Fuair siad amach freisin cad a d'ordaigh an rí a dhéanamh leis an bpobal lena léirscrios ar fad.

43. Dúirt siad lena chéile: “Déanaimis ár bpobal creachta a athnuachan agus troidimis ar son ár bpobail agus ár sanctóra.”

44. Rinne siad a muintir a thionól le bheith ullamh chun cogaidh agus le guí agus le trócaire agus trua a lorg.

45. Bhí Iarúsailéim tréigthe mar a bheadh fásach,gan aon duine dá leanaí le dul isteach ná amach.Pasáladh an sanctóir faoi chois;fuair sliocht iasachta seilbh ar an Dúnfort;agus tá sé anois ina lóistín ag págánaigh.Cuireadh deireadh le lúcháir Iacóib;scoir an phíb is an chruit dá gceol.

46. Ar thionól dóibh chuaigh siad go Miozpá, os comhair Iarúsailéim, mar ba áit urnaí é Miozpá ag Iosrael tráth.

47. Rinne siad troscadh an lá sin, ghléas in éadach róin, chuir luaithreach ar a gceann, agus stróic a gcuid éadaigh.

48. D'oscail siad leabhar an dlí le réiteach a bhfadhb a fháil faoi mar a théadh na págánaigh i muinín íomhánna a n‑íol.

49. Thug siad amach freisin na héidí sagairt, na céadtorthaí agus na deachúna; agus spreag siad na naizírigh a raibh a dtréimhse comhlíonta acu.

50. Ghlaoigh siad in ard a gcinn chun Neimhe a rá: “Céard a dhéanfaimid leis an muintir seo agus cá seolfaimid iad?

51. Pasáladh do shanctóir faoi chois agus truaillíodh é; tá do shagairt faoi aithis ag caoineadh.

52. Tá na págánaigh cruinnithe inár n‑aghaidh le sinn a scriosadh; is eol duit céard atá á bheartú acu dúinn.

53. Conas a fhéadfaimid an fód a sheasamh ina n‑aghaidh mura ndéanann tú fóirithint orainn?”

54. Ansin shéid siad an stoc agus chuir siad gáir mhór suas.

55. Ansin cheap Iúdás ceannasaithe ar an bpobal, ceannairí míle, ceannairí céad, ceannairí caogad, agus ceannairí deichniúr.

56. Dúirt sé leis na daoine a bhí ag tógáil tithe, nó a bhí geallta le bean, nó ag cur fíonghort, agus le lucht an drochmhisnigh, dul abhaile, gach duine díobh, mar a deir an dlí.

57. Ansin ghluais an slua chun bóthair faoi eagar agus shuigh siad a longfort taobh theas d'Amáus.

58. Dúirt Iúdás: “Fáiscigí bhur gcrios faoi bhur gcoim agus déanaigí cion fir go cróga; bígí ullamh go moch amárach le cath a chur ar na págánaigh seo atá cruinnithe le chéile inár n‑aghaidh d'fhonn sinn féin agus ár sanctóir a scriosadh.

59. Is fearr dúinn bás a fháil sa chath ná bheith ag faire ar ár gcine agus ar ár sanctóir á scriosadh.

60. Ach déanfaidh sé mar is toil leis ar neamh.”