Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Iónátán agus Sparta

1. Nuair a chonaic Iónátán go raibh rith an rása leis, thogh sé toscaireacht agus chuir sé chun na Róimhe iad leis an gconradh síochána leo a dhaingniú agus a athnuachan.

2. Chuir sé litreacha ar an dul céanna go Sparta agus go háiteanna eile.

3. Chuaigh na toscairí go dtí an Róimh agus isteach sa seanad leo agus dúirt: “Chuir Iónátán, an t‑ardsagart, agus an náisiún Giúdach sinn chun bhur gconradh cairdis agus síochána leo a athnuachan mar a bhí.”

4. Thug na [Rómhánaigh] litreacha dóibh do mhuintir gach áite le go ndéanfaidís iad a thionlacan slán síochánta go tír Iúdá.

5. Seo coip den litir a sheol Iónátán go dtí na Spartaigh:

6. Iónátán an t‑ardsagart, seanad an chine, na sagairt agus an chuid eile den phobal Giúdach, dá mbráithre, na Spartaigh, beatha agus sláinte!

7. Fadó cuireadh litir go hOinias, an t‑ardsagart, ó Airías a bhí mar rí agaibh, á rá gur bráithre dúinn sibh, mar is léir ón gcóip a ghabhann leis seo.

8. Chuir Oinias fáilte go honórach roimh an toscaire agus ghlac leis an litir; bhí fógra soiléir conartha agus cairdis inti.

9. Anois, dá bhrí sin, cé nach bhfuil aon ghá againn lena leithéid mar go bhfuil ár scríbhinní naofa inár seilbh againn le misneach a thabhairt dúinn,

10. tá toscaireacht á cur againn chugaibh lenár mbráithreas agus ár gcairdeas libh a athnuachan d'fhonn nach mbeimis inár strainséirí agaibh, mar is fada anois ó chuir sibh bhur litir chugainn.

11. Tugaimid sibh chun cuimhne i gcónaí ar gach ócáid, ar ár bhféilte agus ar ár laethanta ceaptha eile, sna híobairtí a ofrálaimid, agus inár n‑urnaithe, mar is cóir agus is dual ár mbráithre a thabhairt chun cuimhne.

12. Cuireann bhur nglóir gliondar orainn.

13. Ach maidir linne, tá trioblóidí agus cogaí inár dtimpeall go flúirseach, agus tá cogaí feartha orainn ag na ríthe máguaird.

14. Níor mhian linn sibhse agus ár gcomhghuaillithe agus ár gcairde eile a bhuaireamh leis na cogaí sin,

15. mar tá cabhair againn a thagann chugainn ó neamh dár bhfortacht, agus saortar sinn ónár naimhde agus íslítear ár naimhde.

16. Thoghamar Núiméinias mac Aintíochas agus Antapataer mac Iásón, dá bhrí sin, agus chuireamar chun na Róimhe iad d'fhonn an cairdeas agus an conradh a bhí eadrainn a athnuachan.

17. D'ordaíomar dóibh dul chugaibhse chomh maith, agus beannú daoibh, agus an litir seo uainn faoi athnuachan ár mbraithris a sheachadadh daoibh.

18. Seolaigí dá bhrí sin freagra uirthi seo chugainn.

19. Seo cóip den litir a chuir siad go hOinias:

20. Airías, rí na Spartach, go hOinias, an t‑ardsagart, beatha agus sláinte!

21. Fuarthas amach i gcáipéis faoi na Spartaigh agus na Giúdaigh gur bráithre iad agus gur de chlann Abrahám iad.

22. Ós rud é go bhfuil sé sin ar eolas againn, scríobhaigí chugainn le bhur dtoil le scéala faoi bhur gconách.

23. Sé ár dteachtaireacht daoibh ná: is linn bhur n‑eallach agus bhur maoin; agus is libhse ár gcuidne. Tá ordú á thabhairt againn go dtabharfadh ár [dtoscairí] tuairisc dá réir sin daoibh.

Feachtais eile agus Tógáil in Iarúsailéim

24. Chuala Iónátán gur fhill cinn feadhna Dhéimitrias le fórsa níos láidre ná roimhe sin le cogadh a chur air.

25. Mháirseáil sé ó Iarúsailéim agus tháinig ina gcoinne i ndúiche Hamát gan caoi a thabhairt dóibh ionradh a dhéanamh ar a thír.

26. Chuir sé spiairí isteach ina longfort agus thug siad faisnéis leo ar ais chuige go rabhadar á gcóiriú le hionsaí a dhéanamh san oíche ar na Giúdaigh.

27. Nuair a chuaigh an ghrian faoi, d'ordaigh Iónátán dá chuid fear a bheith ar a bhfaire agus a n‑airm a choimeád taobh leo, d'fhonn go mbeidís ullamh an oíche go léir don chath; agus chuir sé urphoist timpeall an longfoirt.

28. Nuair a chuala an namhaid go raibh Iónátán agus a chuid fear réidh chun catha, tháinig eagla orthu agus scéin ina gcroí; d'adhnadar tinte sa longfort dá bhrí sin agus d'imíodar leo.

29. Ach ní raibh a fhios sin ag Iónátán agus a chuid fear go dtí ar maidin, mar bhí na tinte le feiceáil acu.

30. Chuaigh Iónátán sa tóir orthu ansin, ach theip air teacht suas leo mar go rabhadar imithe thar abhainn Eiliútaras anonn.

31. Chas Iónátán i leataobh dá bhrí sin in aghaidh na nArabach ar a dtugtar Zabadaeigh, bhasc sé iad agus chreach iad.

32. Ansin scoir sé a champa agus d'imigh go dtí an Damaisc agus ghabh tríd an dúiche sin go léir.

33. Ghluais Síomón amach freisin agus mháirseáil tríd an tír chomh fada le hAscalón agus na daingin máguaird. Chas sé i leataobh ansin go Iopa agus ghabh é gan choinne,

34. mar chuala sé go rabhadar réidh leis an dúnfort a thabhairt suas don dream a sheol Déimitrias. Chuir sé garastún ansiúd le hé a chosaint.

35. Nuair a d'fhill Iónátán chuir sé tionól ar sheanóirí an phobail agus chinn sé mar aon leo daingin a thógáil in Iúdáia,

36. balla Iarúsailéim a thógáil níos airde fós, bábhún ard a thógáil idir an Dúnfort agus an chathair lena dheighilt ón gcathair, i dtreo go mbeadh sé leis féin agus nach bhféadfadh [an garastún] díol ná ceannach a dhéanamh.

37. Chruinníodar le chéile chun an chathair a atógáil; bhí cuid den bhalla ar an ngleann thoir tite agus dheisigh sé an chuid ar a dtugtar Cafanata.

38. Thóg Síomón Aidideá sa Seiféalá; dhaingnigh sé é, agus chuir sé geataí le boltaí air.

Bás Iónátán

39. Bhí sé ar intinn ag Trufón rí a dhéanamh de féin ar an Áise agus an choróin a chur ar a cheann féin agus lámh a shíneadh in aghaidh Aintíochas rí.

40. Bhí eagla air nach gceadódh Iónátán dó sin a dhéanamh, ach go bhfearfadh sé cogadh air. Bhí sé ag iarraidh greim a fháil air dá bhrí sin agus é a chur chun báis. Chuir sé chun bealaigh agus tháinig go Béit Seán.

41. Ghluais Iónátán amach ina choinne le daichead míle laoch tofa faoi chóiriú catha agus tháinig sé go Béit Seán.

42. Nuair a chonaic Trufón an slua mór a thug sé leis, níor lig eagla dó lámh a shíneadh ina choinne.

43. Ghlac sé leis go honórach dá bhrí sin agus mhol é dá chairde go léir agus thug tabhartais dó, agus d'ordaigh dá chairde agus dá shaighdiúirí géilleadh dó mar a dhéanfaidís dó féin.

44. Dúirt sé ansin le Iónátán: “Cad ab áil leat ag traochadh an phobail seo go léir agus gan sinn ag fearadh cogaidh?

45. Lig uait anois iad chun a mbailte agus togh beagán fear le fanacht leat agus tar liomsa go Ptolamais. Tabharfaidh mé é sin agus na daingin eile agus na fórsaí atá fágtha agus na feidhmeannaigh go léir suas duit agus casfaidh mé ar mo sháil agus rachaidh mé abhaile. Óir is chuige sin a tháinig mé anseo.”

46. Thug Iónátán iontaoibh leis agus rinne sé mar a dúirt sé; lig sé na saighdiúirí uaidh agus d'fhill siadsan ar thír Iúdá.

47. Choimeád sé trí mhíle fear aige féin, d'fhág dhá mhíle sa Ghailíl, agus d'fhan míle ina choimhdeacht.

48. Nuair a chuaigh Iónátán isteach i Ptolamais, dhún muintir Ptolamais na geataí, ghabh é, agus chuir siad chun báis le faobhar claímh an bhuíon go léir a tháinig isteach leis.

49. Ansin sheol Trufón arm agus marcshlua isteach sa Ghailíl agus sa Mhachaire Mór le lucht leanúna Iónátán go léir a scriosadh.

50. Tuigeadh dóibhsean gur gabhadh Iónátán agus go raibh sé tar éis bháis in éineacht lena chuid fear; thug siad misneach dá chéile agus ar aghaidh leo in eagar dlúth cóirithe chun catha.

51. Nuair a chonaic an tóir go dtroidfidís lena n‑anam, chas siad ar ais.

52. Shroicheadar go léir tír Iúdá faoi shíocháin, agus chaoin Iosrael go léir go géar goirt.

53. Bhí na ciníocha go léir ina dtimpeall ag iarraidh iad a scriosadh, “mar,” a dúradar, “tá siad gan cheann gan chúnamh. Cuirimis cogadh orthu dá bhrí sin agus scriosaimis gach cuimhne orthu ó aigne an chine dhaonna.”