Chonaic Iúdás agus a dheartháireacha go raibh an scéal imithe chun an donais, agus go raibh fórsaí ag cur fúthu ina gcríocha. Fuair siad amach freisin cad a d'ordaigh an rí a dhéanamh leis an bpobal lena léirscrios ar fad.