Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Aitheantas ó Aintíochas VII

1. Chuir Aintíochas mac Dhéimitrias rí litir ó insí ina mara go Síomón, sagart agus eatnarch na nGiúdach, agus go dtí an náisiún ar fad;

2. mar seo a ghabh sí:Aintíochas rí go Síomón ardsagart agus eatnarch agus go dtí an cine Giúdach, beatha agus sláinte!

3. Fág go bhfuil ceannas faighte ag scraistí áirithe ar ríocht ár sinsear, is mian liom an ríocht a éileamh ar ais d'fhonn í a athbhunú faoi mar a bhí cheana; tá líon mór amhas fostaithe agam agus loingeas cogaidh i bhfearas agam,

4. agus tá sé ar aigne agam dul i dtír ansiúd ionas go rachainn in aghaidh na ndaoine a scrios ár dtír agus a chreach a lán cathracha i mo ríocht.

5. Déanaim dá bhrí gach maitheamh cánach a dheonaigh na ríthe romham duit a dhaingniú leat, agus fuasclaím thú ó gach íoc eile ónar fhuascail siadsan thú.

6. Ceadaím duit d'airgead féin a bhualadh mar airgead reatha do do thír féin,

7. agus fógraím Iarúsailéim agus an sanctóir saor. Na hairm go léir a sholáthraigh tú, agus na daingin a thóg tú agus atá i do sheilbh, bídís agat i gcónaí.

8. Na fiacha rí go léir atá ort, nó a bheidh ort, maithfear duit iad, anois agus go brách.

9. Nuair a gheobhaimid seilbh ar ár ríocht, bronnfaimid onóir mhór ort féin agus ar do chine agus ar an Teampall, i dtreo go mbeidh bhur nglóir le feiceáil ag an domhan go léir.

10. Sa bhliain céad seachtó a ceathair, chuir Aintíochas chun bealaigh agus rinne ionradh ar thír a shinsear. Tháinig na fórsaí go léir ar a thaobh i dtreo nach raibh ach an beagán fágtha ag Trufón.

11. Chuaigh Aintíochas sa tóir airsean agus tháinig sé go Dóra ar bhruach na farraige ag lorg dídine,

12. mar bhí a fhios aige go raibh trioblóidí sa mhullach air agus go raibh sé tréigthe ag a shaighdiúirí.

13. Shuigh Aintíochas a longfort os comhair Dhóra agus céad agus a fiche míle curadh aige, agus ocht míle marcach.

14. Chuir sé léigear ar an gcathair agus dhruid na longa i gcóngar chun catha a chur ón muir; bhí an chathair faoi ionsaí dian ó mhuir agus ó thír aige, agus gan cead ag aon duine dul inti ná teacht aisti.

Conradh leis an Róimh

15. Idir an dá linn tháinig Núiméinias agus a chompánaigh ón Róimh le litreacha go dtí ríthe agus tíortha; mar leanas a ghabh na litreacha:

16. Lúicias, consal na Róimhe, do Ptoilimí rí, beatha agus sláinte!

17. Tháinig toscairí na nGiúdach chugainn mar chairde agus mar chomhghuaillithe d'fhonn ár gcairdeas agus ár gconradh bunaidh a athnuachan: Síomón an t‑ardsagart agus an pobal Giúdach a chuir chugainn iad

18. agus thug siad leo sciath óir a mheánn míle míoná.

19. Bheartaíomar dá bhrí sin scríobh go dtí na ríthe agus na tíortha go léir a rá leo gan a bheith ag iarraidh díobhála a dhéanamh dóibh, ná cogadh a chur orthu féin ná ar a gcathracha ná ar a dtíortha, ná conradh a dhéanamh leo siúd atá ag cogaíocht leo.

20. Bheartaíomar an sciath a ghlacadh uathu.

21. Má theith aon scraistí chugaibh as a dtírsean, tugaigí ar láimh iad do Shíomón an t‑ardsagart, le go gcuirfeadh sé pionós orthu de réir a ndlí.

22. Scríobh [an consal] an teachtaireacht chéanna go Déimitrias rí, go hAtlas agus Airiartaes agus Arsacaes,

23. agus go dtí na tíortha go léir, go Sampsamaes, go dtí na Spartaigh, go dtí Daolos, go Mundos, go Siceon, go Cairia, go Samos, go Paimfilia, go Luicia, go Hailicearnasas, go Ródos, go Faiséilis, go Cos, go Sidéas, go hArados, go Gartuna, go Cniodos, go dtí an Chipir, agus go Ciréiné.

24. Chuireadar cóip den mhéid sin go Síomón an t‑ardsagart chomh maith.

Aintíochas Namhdmhar

25. Idir an dá linn ar imeall na cathrach, chuir an rí Déimitrias léigear ar Dhóra, agus bhí sé gan stad ag cur a fhórsaí á ionsaí agus ag déanamh inneall cogaidh. Bhí Trufón teanntaithe aige, gan dul as ná ann aige.

26. Chuir Síomón dhá mhíle fear tofa go hAintíochas mar chabhair sa troid, agus airgead agus ór agus soláthairtí cogaidh.

27. Ach dhiúltaigh sé glacadh leo agus shéan sé na conarthaí go léir a bhí déanta aige le [Síomón] roimhe sin, agus d'athraigh sé a mheon ina leith ar fad.

28. Chuir sé Ataenóibias, duine dá chairde, le hagallamh a dhéanamh leis, agus a rá: “Tá seilbh agat anois ar Iopa agus ar Gazara, agus ar an Dúnfort in Iarúsailéim; is cathracha de mo ríochtsa iadsan.

29. Scrios tú a gcríocha, rinne tú a lán díobhála sa tír, agus thóg tú seilbh ar a lán áiteanna i mo ríocht.”

30. “Anois más ea, tabhair suas na cathracha a ghabh tú, agus cánacha na n‑áiteanna ar thóg tú seilbh orthu, lasmuigh de chríocha Iúdáia,

31. nó, ceachtar acu, tabhair dom ina ionadsan cúig céad tallann airgid, agus cúig céad tallann breise mar chúiteamh sa scrios a rinne tú, agus in airgead cánach na gcathrach; mura ndéanann tú, tiocfaimid agus cuirfimid cogadh ort.”

32. Tháinig Ataenóibias, duine de chairde an rí, go Iarúsailéim dá bhrí sin agus nuair a chonaic sé glóir Shíomóin, agus an cornchlár lena ghréithe óir agus airgid, agus a thaibhseacht go léir, tháinig ardionadh air. Thug sé teachtaireacht an rí dó,

33. ach sé a dúirt Síomón mar fhreagra: “Níor ghabhamar críocha eachtrannacha ná níor thógamar seilbh ar chuid allúrach, ach ar oidhreacht ár sinsear a bhain ár naimhde dínn go héagórach tráth.

34. Anois, ámh, ó tá an chaoi againn, tá greim á coimeád againn ar oidhreacht ár sinsear.

35. Maidir le Iopa agus le Gazara atá á n‑éileamh agaibhse, bhí a lán díobhála á dhéanamh acu i measc ár muintire agus dár dtír; táimid sásta céad tallann a thabhairt orthu.” Níor labhair Ataenóibias fiú focal á fhreagairt,

36. ach d'fhill ar ais go dtí an rí agus an-fhearg air, agus d'aithris an chaint sin dó, agus d'inis faoi ghlóir Shíomóin agus gach a bhfaca sé. Tháinig racht feirge ar an rí.

37. Chuaigh Trufón ansin ar bord loinge agus d'éalaigh sé go hOrtóise.

38. Ansin cheap an rí Ceandabaes ina cheann feadhna ar na feoranna agus thug fórsa coisithe agus marcach dó.

39. D'ordaigh sé dó a longfort a shuíomh os coinne Iúdáia agus d'ordaigh sé dó Cidreon a thógáil agus a gheataí a neartú, agus cogadh a chur ar an bpobal. Ach d'imigh sé féin sa tóir ar Thrufón.

40. Tháinig Ceandabaes go Iaimnía agus chrom ar an bpobal a chiapadh ar an toirt, agus ionradh a dhéanamh ar Iúdáia agus daoine a ghabháil agus a chur chun báis.

41. Dhaingnigh sé Cidreon agus bhuannaigh marcshlua agus coisithe ann i dtreo go rachaidís amach agus sciuirdeanna a thabhairt ar feadh mórbhóithre Iúdáia faoi mar a d'ordaigh an rí dó.