Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Ptoilimí i gCabhair ar Dhéimitrias

1. Thionóil rí na hÉigipte armáil mhór ansin, chomh líonmhar le gaineamh na trá, agus a lán long, agus rinne iarracht ar sheilbh a fháil le feall ar ríocht Alastair agus í a chur lena ríocht féin.

2. Chuir sé chun bealaigh chun na Síre agus síocháin ar a bhéal, agus d'osclaíodh muintir na gcathracha a ngeataí roimhe agus théidís amach ina choinne; mar d'ordaigh Alastar rí fáilte a chur roimhe mar gurbh é a athair céile é.

3. Ach nuair a théadh Ptoilimí isteach sna cathracha, bhuannaíodh sé saighdiúirí mar gharastún i ngach ceann.

4. Nuair a tháinig sé i gcóngar Azótas, thaispeáin siad creatlach dóite theampall Dhágón dó, agus Azótas agus a bhruachbhailte scriosta, corpáin scaipthe thall agus abhus, agus conablaigh loiscthe na ndaoine a dhóigh Iónátán sa chath agus iad ina gcairn acu ar feadh a bhealaigh.

5. Chuireadar in iúl don rí freisin cad a rinne Iónátán le milleán a chur air, ach níor labhair an rí focal.

6. Chuaigh Iónátán go Iopa le bualadh leis an rí go hollásach, agus bheannaigh siad dá chéile agus chaith an oíche ann.

7. Rinne Iónátán an rí a thionlacan chomh fada leis an abhainn ar a dtugtar Eiliútaras agus ansin d'fhill sé ar Iarúsailéim.

8. Ghabh Ptoilimí rí ceannas ar chathracha an chósta chomh fada le fearainn Seiliúiciá agus bhí an t‑olc á bheartú gan staonadh aige in aghaidh Alastair.

9. Chuir sé teachtaí go Déimitrias rí á rá: “Tar, déanaimis conradh le chéile agus tabharfaidh mé m'iníon, a bhí mar chéile ag Alastar, duit le pósadh, agus beidh tú i réim i ríocht d'athar.

10. Mar is oth liom anois gur thug mé m'iníon dó, mar rinne sé iarracht ar mé a mharú.”

11. Bhí an milleán á chur aige ar [Alastar] mar gur shantaigh sé a ríocht.

12. Bhain sé a iníon de dá bhrí sin agus thug í do Dhéimitrias; bhí sé in earraid le hAlastar ansin agus ba léir don saol a naimhdeas.

13. Ansin ghabh Ptoilimí isteach in Aintíoch agus chuir coróin na hÁise air féin. Chuir sé dhá choróin ar a cheann, ar an gcuma sin, coróin na hÉigipte agus coróin na hÁise.

14. Bhí Alastar rí sa tSiléis an uair sin mar go raibh ceannairc déanta ag muintir na dúiche sin.

15. Chuala Alastar an scéala agus tháinig sé ina choinne i gcath. Ghluais Ptoilimí amach ina choinne, chuaigh i ngleic leis le fórsa tréan agus chuir an teitheadh air.

16. Theith Alastar chun na hAráibe le dídean a fháil ann agus cheiliúir Ptoilimí a bhua.

17. Bhain Zaibdiéil, an tArabach, a cheann d'Alastar agus chuir é go Ptoilimí.

18. Ach fuair Ptoilimí bás trí lá ina dhiaidh sin agus mharaigh na háitritheoirí a shaighdiúirí ina ngarastúin.

19. Rinneadh rí dá réir sin de Dhéimitrias sa bhliain céad seasca a seacht.

Comhar le Déimitrias II

20. San am céanna thionóil Iónátán fir Iúdáia le hionsaí a dhéanamh ar an Dúnfort in Iarúsailéim agus d'fheistigh sé a lán inneall cogaidh le húsáid ina choinne.

21. Ach coirpigh áirithe a raibh fuath acu dár gcine, chuaigh siad go dtí an rí agus d'inis siad dó go raibh léigear á chur ag Iónátán ar an Dúnfort.

22. Nuair a chuala sé é sin, tháinig fearg air; a luaithe a fuair sé gaoth an fhocail chuir sé chun bealaigh agus tháinig go Ptolamais. Scríobh sé go Iónátán á rá leis scor den léigear, agus teacht agus bualadh leis i gcomhdháil i Ptolamais chomh tapa agus ab fhéidir dó.

23. Nuair a chuala Iónátán é sin, d'ordaigh sé leanúint den léigear; thogh sé cuid de sheanóirí Iosrael agus cuid de na sagairt; chuir sé é féin i bhfiontar,

24. mar chuaigh sé go dtí an rí i Ptolamais, agus airgead agus ór agus éidí agus a lán tabhartas eile aige, agus ghnóthaigh sé a fhabhar.

25. Bhí coirpigh áirithe dá chine féin ag déanamh gearáin ina aghaidh,

26. ach chaith an rí leis mar a rinne na ríthe a ghabh roimhe agus mhóraigh é i bhfianaise a chairde go léir.

27. Dhaingnigh sé é san ardsagartacht agus sna honóracha a bhí aige roimhe sin agus rinne sé é a áireamh ar a phríomhchairde.

28. Ansin d'iarr Iónátán ar an rí Iúdáia agus trí dhúiche na Samáire a shaoradh ó cháin, agus gheall dó trí chéad tallann.

29. D'aontaigh an rí leis sin agus scríobh litir go Iónátán i dtaobh na nithe sin go léir: mar seo a ghabh sí:

30. Déimitrias rí go Iónátán a dheartháir, agus go cine na nGiúdach, beatha agus sláinte!

31. Scríobhamar go Lastanaes ár ngaol mar gheall oraibh agus anois tá cóip den litir sin scríofa againn chugatsa i dtreo go mbeadh a fhios agat cad deir sí.

32. “Déimitrias rí go Lastanaes a athair, beatha agus sláinte!

33. Cairde dúinn is ea náisiún na nGiúdach agus comhlíonann siad a ndualgais inár leith, agus tá sé beartaithe againn an mhaith a dhéanamh dóibh de bharr a ndea-thola dúinn.

34. Dhaingníomar ina seilbh críocha Iúdáia agus na trí dúichí, Afairéama, Luda agus Rataimin; cuireadh na dúichí seo agus na réigiúin a bhaineann leo le Iúdáia ón tSamáir ar mhaithe le cách a dhéanann íobairt in Iarúsailéim, in áit na ndleacht ríoga a d'fhaigheadh an rí uathu roimhe seo gach bliain de thorthaí na talún agus de thorthaí na gcrann.

35. Maidir leis na dleachta is dual dúinn ó na deachúna, ó na cánacha atá ag dul dúinn ó na bogaigh shalainn agus ó na dleachta corónach atá ag dul dúinn - fuasclaímid iad uathu sin go léir ó inniu amach.

36. Ní chuirfear oiread agus ceann de na deontais seo go léir ar ceal ó inniu go brách.

37. Féachaigí chuige go ndéantar cóip de seo agus tugtar í do Iónátán agus cuireadh sé in áit fheicseanach ar an Sliabh Naofa í.”

Fuasclaíonn Iónátán Déimitrias

38. Nuair a chonaic Déimitrias an rí go raibh an tír ciúin faoina réim, gan aon duine ag cur ina choinne, scaoil sé uaidh a shaighdiúirí go léir, gach duine chun a bhaile féin, ach amháin na fórsaí eachtrannacha a bhí fostaithe aige ó oileáin na gciníocha. Bhí an ghráin air dá bhrí sin ag na saighdiúirí go léir a rinne seirbhís dá shinsir.

39. Duine de lucht tacaíochta Dhéimitrias roimhe seo ab ea Trufón, agus chonaic sé go raibh na saighdiúirí go léir ag monabhar in aghaidh Dhéimitrias. D'imigh sé leis dá bhrí sin go dtí Imealcú an tArabach a bhí ag oiliúint Aintíochas mac óg Alastair,

40. agus d'impigh sé go crua air é a thabhairt dó, le bheith ina rí in áit a athar. D'inis sé dó freisin faoi cad a bheartaigh Déimitrias agus faoin ngráin a bhí ag a shluaite air; agus d'fhan sé tamall fada ansiúd.

41. Chuir Iónátán achainí go Déimitrias rí go dtógfadh sé ar shiúl na fórsaí i nDúnfort Iarúsailéim, agus sna daingin, mar go rabhadar ag troid gan staonadh le hIosrael.

42. Chuir Déimitrias scéala ar ais go Iónátán: “Ní hé amháin go ndéanfaidh mé an méid seo duitse agus do do chine, ach tabharfaidh mé barr onóra duitse agus do do chine má fhaighim caoi chuige.

43. D'oirfeadh sé go maith anois dá bhrí sin dá seolfá saighdiúirí chugam a chabhródh liom mar thréig mo fhórsaí go léir mé.”

44. Chuir Iónátán trí mhíle saighdiúir cróga dá bhrí sin chuige go hAintíoch, agus thángadar chun an rí agus chuir siad áthas ar an rí lena dteacht.

45. Bhrúcht lucht na cathrach ansin le chéile isteach i lár na cathrach, suas le céad agus a fiche míle díobh, agus theastaigh uathu an rí a mharú.

46. Ach theith an rí isteach ina phálás agus ghabh lucht na cathrach príomhshráideanna na cathrach agus chromadar ar ionsaí.

47. Ghlaoigh an rí ar na Giúdaigh teacht i gcabhair air agus bhailíodar go léir ina thimpeall agus ansin scaipeadar ar fud na cathrach; agus an lá úd mharaíodar suas le céad míle duine.

48. Chuir siad an chathair trí thine, ghabh a lán creiche an lá úd agus d'fhuascail siad an rí.

49. Nuair a chonaic lucht na cathrach go raibh smacht faighte ag na Giúdaigh ar an gcathair agus cead a gcinn acu, theip ar a misneach agus chuir siad achainí in ard a ngutha chun an rí.

50. “Tabhair síocháin dúinne agus stadadh na Giúdaigh de bheith ag troid inár n‑aghaidh agus in aghaidh ár gcathrach.”

51. Ansin chaitheadar uathu a gcuid arm agus rinneadar síocháin. Móradh na Giúdaigh i bhfianaise an rí agus mhuintir a ríochta go léir, agus d'fhill siad ar Iarúsailéim lena lán éadála.

Cuireann Iónátán in aghaidh Dhéimitrias

52. Lean an rí Déimitrias air i ríchathaoir a ríochta agus bhí an tír ciúin faoina riail.

53. Ach bhris sé a fhocal maidir le gach ní dár gheall sé; tharla easaontas idir é féin agus Iónátán; níor chúitigh sé le Iónátán na comaoineacha a chuir sé air, ach chiap sé é go mór.

54. D'fhill Trufón ina dhiaidh sin agus an buachaill óg Aintíochas in éineacht leis; chrom seisean ar rialú agus chuir sé an choróin ar a cheann.

55. Na fórsaí go léir a thiomáin Déimitrias uaidh, chruinníodar ina thimpeall agus throid siad in aghaidh Dhéimitrias agus theith seisean agus briseadh air.

56. Ghabh Trufón na heilifintí agus fuair ceannas ar Aintíoch,

57. agus scríobh Aintíochas óg go Iónátán á rá: “Daingním thú i do ardsagart agus ceapaim thú i gceannas na gceithre cúigí agus déanaim duine de chairde an rí díot.”

58. Agus chuir sé chuige gréithe boird óir agus thug cead dó ól as coirn óir agus éide chorcra a chaitheamh agus dealg óir.

59. Cheap sé a dheartháir Síomón ina ghobharnóir ó Dhréimire na Tuíre go teorainneacha na hÉigipte.

60. Chuir Iónátán chun bealaigh ansin agus thaistil an dúiche thar an Abhainn agus a cathracha agus tháinig fórsaí uile na Síre chuige mar chomhghuaillithe. Tháinig sé go hAscalón ansin agus chuir muintir na cathrach go léir fáilte roimhe le barr onóra.

61. Chuaigh sé as sin go Gazá, ach dhún muintir na háite sin an chathair ina aghaidh. Chuir sé léigear air agus chuir a bhruachbhailte trí thine agus chreach iad.

62. Ansin rinne muintir Gazá impí air, agus rinne sé síocháin leo, agus thóg sé clann mhac a gceannairí mar ghialla agus sheol iad go Iarúsailéim. Agus ghabh sé tríd an tír chomh fada leis an Damaisc.

63. Fuair Iónátán scéala ansin go raibh cinn feadhna Dhéimitrias tagtha go Céidis sa Ghailíl le fórsa tréan agus é ar intinn acu é a chur as oifig.

64. Chuaigh sé ina gcoinne ach d'fhág sé a dheartháir Síomón faoin tuath.

65. Chuir Síomón léigear ar Bhéit Zúr agus throid ina aghaidh ar feadh mórán laethanta; bhí sé ag luí go crua ar [na háitritheoirí]

66. go dtí gur lorgadar coinníollacha síochána, rud a thug sé dóibh; ach díbir sé as sin iad, fuair seilbh ar an gcathair agus chuir garastún inti.

67. Shuigh Iónátán agus a fhórsaí a gcampa ag Loch Gheanasarat. Go luath ar maidin mháirseáladar leo go machaire Hazór.

68. Agus, féach, tháinig airm na n‑eachtrannach ina choinne ar an machaire agus buíon curtha acu i luíochán air sna sléibhte; thugadar féin aghaidh air ansiúd.

69. D'éirigh na fir sa luíochán óna láithreacha agus isteach leo sa chath.

70. Theith na fir a bhí le Iónátán chun siúil agus níor fágadh díobh ach Mataitias mac Aibseálóm agus Iúdás mac Chalfaí, cinn feadhna an airm.

71. Stróic Iónátán a éidí agus chuir luaithreach ar a cheann agus rinne guí.

72. Chas sé ar ais chun catha a chur orthu ansin, bhris orthu agus theitheadar.

73. Nuair a chonaic na teifigh óna arm féin é sin, d'fhilleadar ar ais chuige agus chuaigh siad sa tóir in éineacht leis chomh fada le Céidis, mar a raibh longfort an namhad agus shuigh siad féin a longfort ansiúd.

74. Thit suas le trí mhíle eachtrannach an lá sin, agus d'fhill Iónátán ar Iarúsailéim.