Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Moladh Shíomóin

1. Sa bhliain céad seachtó a dó chruinnigh Déimitrias a shluaite agus mháirseáil isteach sa Mhéide le cabhair a fháil i dtreo go bhféadfadh sé cogadh a chur ar Thrufón.

2. Nuair a chuala Arsacaes rí na Peirse agus na Méide go raibh Déimitrias tagtha isteach ina chríocha, sheol sé duine dá cheannasaithe le breith ina bheatha air.

3. D'imigh seisean agus bhris ar arm Dhéimitrias, ghabh é, agus thug leis go hArsacaes é, agus chuir seisean i ngéibheann é.

4. Bhí an tír faoi shíocháin i gcaitheamh shaol Shíomóin ar fad.Bhíodh sé ar a dhícheall ar mhaithe lena chine,thaitin a réimeas leo,agus a ghlóir ar feadh a shaoil.

5. Mar bharr ar a ghlóir go léir,thóg sé Iopa mar chalafort,agus réitigh bealach go hinsí na mara.

6. Leath sé críocha a chine;choinnigh greim ar an bhfóidín dúchais,

7. agus bhailigh mathshlua cimí.Smachtaigh sé Gazara, Béit Zúr agus an Dúnfort,agus chaith na nithe neamhghlana amach as,agus ní raibh aon duine le cur ina choinne.

8. Shaothraídís a bhfearann i síocháin,agus thug an talamh a fhómhar uaidh,agus crainn an mhachaire a dtorthaí.

9. Shuíodh na seanóirí ar a suaimhneas sna sráideanna,agus bhíodh an conách á phlé acu;chaitheadh an t‑aos óg libhré agus éide chatha.

10. Sholáthraigh sé bia do na cathrachaagus chuir cóir chosanta orthu,i dtreo gur shroich a cháil go himill na cruinne.

11. Dhaingnigh sé síocháin sa tír,agus bhí lúcháir agus áthas mór ar Iosrael.

12. Shuigh gach fear faoina chrann fíniúna agus fígí,agus ní raibh aon duine le heagla a chur orthu.

13. Níor fágadh namhaid sa tír le troid leo,agus bascadh na ríthe sna laethanta úd.

14. Neartaigh sé uirísle a phobail;chomhlíon sé an dlí le díograis,agus dhíbir sé gach coirpeach agus ciontach.

15. Thug sé glóir don sanctóir,agus chuir breis lena ghréithe.

Athnuachan Conarthaí

16. Chualathas sa Róimh agus i gcéin i Sparta gur cailleadh Iónátán agus bhíodar go dubhach dobrónach.

17. Nuair a chualadar go raibh Síomón a dheartháir ina ardsagart ina áit, agus go raibh sé ag rialú na tíre agus na gcathracha ann,

18. scríobh siad chuige ar tháblaí cré-umha, leis an gconradh cairdis agus síochána a rinneadar lena bhráithre Iúdás agus Iónátán a athnuachan,

19. agus léadh an [scríbhinn] i láthair an chomhthionóil in Iarúsailéim.

20. Seo cóip den lítir a sheol na Spartaigh:Rialtóirí agus cathair Sparta do Shíomón, ardsagart, agus do sheanóirí agus do shagairt agus don chuid eile den phobal Giúdach, ár mbráithre, beatha agus sláinte.

21. D'inis na toscairí a chuir sibh go dtí ár bpobal i dtaobh bhur nglóire agus bhur n‑onóra, agus chuir a dteacht áthas orainn.

22. Rinneamar a ndúradar a chur ar phár i miontuairiscí ár dtionól poiblí mar leanas: “Tháinig Núiméinias mac Aintíochas agus Antapataer mac Iásón, toscairí na nGiúdach, chugainn lena gcairdeas linn a athnuachan.

23. Bhí ár muintir sásta fáilte onórach a chur roimh na fir sin agus cóip dá dteachtaireacht a chur sa chartlann phoiblí i dtreo go mbeadh cuntas oifigiúil uirthi ag muintir Sparta. Rinne siad cóip de chomh maith do Shíomón an t‑ardsagart.”

Onóir Phoiblí do Shíomón

24. Ina dhiaidh sin chuir Síomón Núiméinias go dtí an Róimh le sciath óir, a raibh míle míoná de mheáchan inti, d'fhonn an conradh a dhaingniú leo.

25. Nuair a chuala an pobal an méid sin, dúradar: “Conas a thabharfaimid buíochas do Shíomón agus dá chlann mhac?

26. Sheas seisean agus a bhráithre agus teaghlach a athar an fód; throid siad agus thiomáin siad ar gcúl naimhde Iosrael agus dhaingnigh a saoirse.”

27. Ghrean siad cuntas oifigiúil dá bhrí sin ar tháblaí cré-umha agus chuir é ar cholúin Shliabh Shíón. Seo cóip dár scríobh siad: “Ar an ochtú lá déag de Ealúl, sa bhliain céad seachtó a dó, an tríú bliain faoi Shíomón, ardsagart mór, in Asarmal,

28. i gcomhthionól mór na sagart, an phobail, ceannairí an chine, agus seanóirí na tíre, fógraíodh mar leanas dúinn:

29. Nuair a bhí cogaíocht go minic sa tír chuaigh Síomón mac Mhataitias, sagart de chlann Ióairib, agus a dheartháireacha sa bhearna bhaoil agus sheas siad an fód in aghaidh naimhde an náisiúin, d'fhonn go mbeadh a sanctóir agus an dlí buan; agus thuill siad clú agus cáil dá náisiún.

30. Rinne Iónátán an náisiún a dhlúthú le chéile agus bhí sé mar ardsagart acu agus ansin cruinníodh chun a mhuintire é.

31. Nuair a bheartaigh a naimhde ionradh a dhéanamh ar an tír agus lámha a leagan ar an sanctóir,

32. ansin d'éirigh Síomón agus throid ar son a náisiúin. Chaith sé a lán dá chuid airgid féin ag tabhairt airm do fhórsaí na tíre agus ag íoc a dtuarastail.

33. Dhaingnigh sé cathracha Iúdáia agus Béit Zúr ar theorainn Iúdáia, mar a raibh stóras airrn an namhad roimhe sin, agus chuir sé garastún Giúdach ansiúd.

34. Dhaingnigh sé Iopa freisin, atá ar an gcósta, agus Gazara, atá ar theorainn Azótas, mar a raibh na naimhde ag cur fúthu roimhe sin. Chuir sé Giúdaigh chun cónaithe in Azótas agus sholáthraigh sé dóibh cibé rud a bhí de dhíth le hiad a chur ar a mbonna.

35. Ba léir don phobal creideamh Shíomóin agus an ghlóir a bheartaigh sé a ghnóthú dá chine; rinne siad ceannaire agus ardsagart de toisc na nithe sin go léir a chuir sé i gcrích, agus an chirt agus na dílse lenar chaith sé leis an gcine, agus de bhrí go ndearna sé a dhícheall ar gach slí a phobal a mhóradh.

36. Lena linn bhí rith an rása leo faoina threoir ag caitheamh na bpágánach amach as an tír, fiú lucht chathair Dháiví in Iarúsailéim, a thóg dúnfort dóibh féin as a ndéanaidís ruathair agus comharsanacht an tsanctóra a scriosadh agus a naofacht a thruailliú go mór.

37. Chuir sé saighdiúirí Giúdacha ar stáisiún ann agus dhaingnigh é ar mhaithe le slándáil na tíre agus na cathrach, agus chuir sé le hairde bhallaí Iarúsailéim.

38. Dhaingnigh Déimitrias rí é dá réir sin ina ardsagart.

39. Rinne sé duine dá chairde de agus thug onóir mhór dó.

40. Óir chuala sé gur thug na Rómhánaigh cairde, comhghuaillithe agus bráithre ar na Giúdaigh, agus gur fháiltíodar go honórach roimh thoscairí Shíomóin;

41. agus gur bheartaigh na Giúdaigh agus a sagairt go mbeadh Síomón mar cheannaire buan agus mar ardsagart acu nó go dtiocfadh fáidh iontaofa ar an bhfód.

42. Agus go mbeadh sé mar ghobharnóir orthu, agus go mbeadh sé i bhfeighil an tsanctóra, agus i bhfeighil fir a cheapadh i mbun a ghnóthaí, agus i mbun na tíre, agus i mbun an stóras airm, agus i mbun na ndaingean; go mbeadh sé i gceannas an tsanctóra,

43. agus go ngéillfeadh cách dó, agus go mbeadh a ainm le gach conradh sa tír, agus go gcaithfeadh sé éidí corcra agus ornáidí óir.

44. Ní bheidh cead ag aon duine den phobal ná de na sagairt aon cheann de na beartúcháin seo a chur ar ceal, ná cur i gcoinne aon ní dá ndeir sé, ná cruinniú a thionól sa tír gan a chead, ná éide chorcra a chaitheamh ná búcla óir a chur air féin.

45. Aon duine a dhéanann gníomh in aghaidh na socruithe sin nó a dhiúltaíonn d'aon cheann díobh, beidh sé ciontach os comhair an dlí.”

46. D'aontaigh an pobal go léir ceart a thabhairt do Shíomón déanamh de réir na socruithe sin.

47. Ghlac Síomón leis agus thoiligh sé a bheith ina ardsagart, a bheith ina cheannasaí ar an arm, agus ina eatnarch ar na Giúdaigh agus ar na sagairt, agus a bheith ina uachtarán orthu go léir.

48. D'ordaíodar an deicréid seo a ghreanadh ar tháblaí cré-umha, iadsan a chur in airde in áit fheiceálach i dtimpeallacht an tsanctóra,

49. agus cóipeanna díobh a chur i dtaisce sa chiste, i dtreo go mbeadh fáil ag Síomón agus ag a chlann mhac orthu.