Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cath Bheireá agus Bás Iúdáis

1. Nuair a chuala Déimitrias gur thit Niocánór agus a arm sa chath, chuir sé Bacaídéas agus Alcamas an dara huair go Iúdá agus eite dheas an airm mar aon leo.

2. Ghabh siad an bóthar [chun na Gailíle] agus chuir siad léigear ar Maesalót in Arbaelá, agus ghabh é agus mharaigh a lán.

3. Sa chéad mhí den dara bliain ar chaoga ar chéad, shuigh siad a longfort os comhair Iarúsailéim.

4. Ansin chuir siad chun bóthair agus chuaigh go Beireá le fiche míle troitheach agus dhá mhíle marcach.

5. Bhí a champa suite ag Iúdás in Ealasa agus trí mhíle de thogha na bhfear in éineacht leis.

6. Nuair a chonaic siad sluaite líonmhara an namhad, tháinig scéin orthu agus d'éalaigh mórán acu ón gcampa i dtreo nár fágadh ach ocht gcéad díobh.

7. Nuair a chonaic Iúdás gur shleamhnaigh a arm ar shiúl uaidh, agus go raibh cath á bhagairt air, thit an lug ar an lag aige, mar ní raibh sé d'uain aige iad a thionól.

8. Ach cé go raibh suaitheadh air, dúirt sé leis an muintir a bhí fágtha: “Ar aghaidh linn agus tugaimis faoinár naimhde. B'fhéidir go bhféadfaimis cath a chur orthu.”

9. Ach rinne siadsan iarracht ar a mhalairt a áiteamh air, á rá: “Ní fhéadfaimis é, ach teithimis lenár n‑anam an turas seo, agus tiocfaimid ar ais lenár ndeartháireacha agus cuirfimid cath orthu; níl ach an beagán dínn ann.”

10. Ach dúirt Iúdás: “I bhfad uainn a leithéid a dhéanamh, teitheadh uathu. Má tháinig ár n‑uain, faighimis bás go cróga ar son ár ndeartháireacha, gan smál a fhágáil ar ár gclú.”

11. Ansin mháirseáil arm [Bhacaídéas] amach ón longfort agus chóirigh iad féin don chath. Rinneadh dhá dhíorma den mharcshlua, ghluais an lucht diúractha agus na saigheadoirí ar aghaidh roimh an arm, agus na curaidh ghroí go léir chomh maith;

12. bhí Bacaídéas ar an eite dheas. Ghabh an falang ar aghaidh idir an dá dhíorma le séideadh na stoc. Shéid muintir Iúdáis na stoic chomh maith.

13. Chrith an talamh faoi thormán na n‑arm agus bhí an cath á chur ó mhaidin go tráthnóna.

14. Chonaic Iúdás go raibh Bacaídéas agus neart a fhórsaí ar dheis, agus chruinnigh na laochra gaile go léir chuige;

15. bhris siad ar an eite dheas agus chuir siad an teitheadh orthu go Sliabh Azótas.

16. Nuair a chonaic an mhuintir ar an eite chlé go raibh briste ar an eite dheas, d'iompaigh siad agus lean go dlúth ar a sála ar Iúdás agus ar a chuid fear.

17. Ghéaraigh go dásachtach ar an gcath agus goineadh agus treascradh a lán ar gach taobh.

18. Thit Iúdás féin agus theith an chuid eile.

19. Thóg Iónátán agus Síomón a ndeartháir leo ansin agus rinne siad é a adhlacadh i dtuama a sinsear i Móidín,

20. agus chaoin siad é. Agus rinne Iosrael go léir é a chaoineadh go dubhach; mhair an caoineadh mórán laethanta, agus deiridís:

21. “Cad é mar a thit an gaiscíoch, an té a d'fhuascail Iosrael!”

22. An chuid eile de bhearta Iúdáis, a chogaí agus na gníomhartha gaisce a rinne sé, agus a thábhacht, níl siad scríofa, mar ba líonmhar iad.

Iónátán

Ceannaire agus Ardsagart

23. Nuair a bhí Iúdás cloíte, tháinig na coirpigh amach as a gcróite folaigh ar fud chríocha Iosrael agus tháinig lucht an oilc ar an bhfód.

24. Sa tréimhse sin tharla gorta an-mhór agus thaobhaigh an tír go léir leo.

25. Thogh Bacaídéas an dream aindiagaithe agus cheap iad i gceannas na tíre.

26. Rinne siadsan tóir agus cuardach ar chairde Iúdáis, agus thug siad go Bacaídéas iad agus d'imir sé díoltas orthu agus rinne fonóid fúthu.

27. Tharla leatrom géar dá bhrí sin in Iarúsailéim, nach raibh a leithéid ann ó bhí deireadh ag fáidh a bheith ar fáil ina measc.

28. Chruinnigh cairde Iúdáis le chéile ansin agus dúradar le Iónátán:

29. “Ó fuair do dheartháir Iúdás bás, níl aon duine beo mar é le cur in aghaidh ár naimhde agus Bhacaídéas, agus le déileáil le lucht ár bhfuatha ar ár gcine féin.

30. Thoghamar dá réir sin thusa inniu, más ea, le bheith mar cheannasaí agus mar threoraí lenár gcogadh a fhearadh.”

31. Ghlac Iónátán leis an gceannasaíocht ar an ócáid sin agus thóg sé áit Iúdáis, a dheartháir.

I dTeacóa agus i Maedabá

32. Fuair Bacaídéas é sin amach agus rinne sé iarracht ar é a mharú.

33. Ach chuala Iónátán agus Síomón agus a lucht tacaíochta go léir faoi agus theith siad go fásach Theacóá agus shuíodar a longfort ag uisce Shistéal Asfar.

34. (Fuair Bacaídéas é sin amach ar an tsabóid agus ghabh sé féin agus a arm go léir thar Iordáin anonn.)

35. Sheol [Iónátán] a dheartháir, a bhí i gceannas an tslua, lena impí ar na Nabataeigh, a chairde, cead a thabhairt dóibh a mbagáiste raidhsiúil a chur i dtaisce ina measc.

36. Ach tháinig clann Iambraí ó Mhaedabá amach agus ghabh siad Eoin agus a raibh aige, agus rug leo iad.

37. Tar éis na nithe sin a thitim amach insíodh do Iónátán agus do Shíomón a dheartháir go raibh clann Iambraí ag ceiliúradh bainise móire agus ag tionlacan na brídeoige, iníon duine d'uaisle móra Chanán, ó Nadabat le cóisir mhór.

38. Chuimhníodar ar fhuil Eoin a ndeartháir agus ghabhadar suas agus chuadar i bhfolach faoi scáth an tsléibhe.

39. Ag faire dóibh ansiúd, b'shiúd ag gabháil an treo slua mór lena lán bagáiste; tháinig an céile fir amach faoina ndéin, lena chairde agus lena ghaolta, le bodhráin agus banna ceoil agus a lán arm.

40. Ansin rinne siad ruathar ina n‑aghaidh óna luíochán agus rinne ár orthu agus thit a lán acu, agus theith an chuid eile chun an chnoic, agus gabhadh a maoin go léir.

41. Rinneadh caoineadh dá bhrí sin de bhainis agus olagón de ghlór na gceoltóirí.

42. Rinne siad fuil a ndearthár a dhíolt go hiomlán agus d'fhill siad ar bhogach na Iordáine.

43. Nuair a fuair Bacaídéas é sin amach, tháinig sé ar an tsabóid le fórsa láidir go bruacha géara na Iordáine.

44. Agus dúirt Iónátán leo siúd a bhí in éineacht leis: “Ar aghaidh linn agus troidimis lenár n‑anam, mar ní ionann an scéal inniu agus roimhe seo.

45. Féach, tá an cath romhainn agus inár ndiaidh; tá uisce na Iordáine ar an taobh seo, an bogach agus an mothar ar an taobh siúd, níl bealach cúlaithe againn.

46. Cuirigí glaoch chun Neimhe anois go bhfuasclófar sibh ó lámha ár naimhde.”

47. Cuireadh tús leis an gcath; shín Iónátán a lámh le buille a bhualadh ar Bhacaídéas, ach dhruid seisean i leataobh uaidh agus chuaigh ar chúl an tslua.

48. Ansin léim Iónátán agus a lucht leanúna isteach sa Iordáin agus shnámh siad go dtí an taobh thall. Níor ghabh an namhaid thar Iordáin lena n‑ionsaí.

49. Thit timpeall míle de lucht leanúna Bhacaídéas an lá úd.

Daingin á dTógáil

50. D'fhill Bacaídéas ar Iarúsailéim ansin agus thóg cathracha daingne in Iúdáia le ballaí arda agus geataí agus barraí: an daingean in Ireachó, agus Amáus, agus Béit Horón, agus Béitéil, agus Timneá, agus Faratón, agus Teafón,

51. agus chuir sé garastúin iontu le hIosrael a chiapadh.

52. Dhaingnigh sé freisin Béit Zúr agus Gazara, agus an Dúnfort, agus chuir sé saighdiúirí agus soláthairtí bia iontu.

53. Ghabh sé clann mhac ceannairí na tíre ina ngialla agus chuir faoi gharda iad sa Dúnfort in Iarúsailéim.

54. Sa bhliain céad caoga a trí, sa dara mí, thug Alcamas ordú balla chúirt inmheánach an tsanctóra a leagan agus saothar na bhfáithe a scriosadh. Ní raibh ach tús curtha aige leis an scrios

55. nuair a bhuail taom Alcamas agus cuireadh stop lena shaothar. Fuair sé poc sa bhéal agus d'fhág an phairilis balbh ar fad é i dtreo nach bhféadfadh sé labhairt ar aon chor ná treoracha a thabhairt i dtaobh a theaghlaigh.

56. Fuair Alcamas bás ansin agus é i bpian mhór.

57. Nuair a chonaic Bacaídéas go raibh Alcamas tar éis bháis, d'fhill sé ar ais go dtí an rí agus bhí síocháin ag tír Iúdá ar feadh dhá bhliain.

Léigear Bhéit Baise

58. Ansin rinne na coirpigh go léir comhcheilg agus dúirt: “Féach! Tá Iónátán agus a lucht tacaíochta ag maireachtáil go síochánta gan imní. Tugaimis Bacaídéas ar ais mar sin agus gabhfaidh sé iad go léir san aon oíche amháin.”

59. Agus chuadar chuige agus chinn siad comhairle leis.

60. Chuir seisean chun bealaigh le fórsa tréan agus chuir sé litreacha faoi rún go dtí a chomhghuaillithe go léir in Iúdáia á rá leo Iónátán agus a lucht tacaíochta a ghabháil. Ach níor éirigh leo mar fuarthas amach cad a bhí ar intinn acu.

61. Ghabh [Iónátán agus a lucht tacaíochta] timpeall leathchéad de mhuintir na tuaithe a bhí i gceannas an fhill agus chuir siad chun báis iad.

62. Ansin chúlaigh Iónátán agus Síomón agus a lucht leanúna go Béit Baise san fhásach; d'atóg sé a raibh scriosta de agus dhaingnigh é.

63. Fuair Bacaídéas scéala faoi seo agus chruinnigh sé a shluaite go léir agus chuir treoracha chun a mhuintir in Iúdáia.

64. Tháinig sé ansin agus chuir léigear ar Bhéit Baise; bhí sé á ionsaí ar feadh a lán laethanta agus thóg sé innill chogaidh.

65. Ach d'fhág Iónátán a dheartháir Síomón sa chathair, agus d'imigh sé féin amach faoin tuath, agus gan ach beagán fear in éineacht leis.

66. Rinne sé fogha faoi Odomaera agus a bhráithre, agus faoi chlann mhac Fasarón, ina mbothanna, agus chromadarsan freisin ar [an namhaid a] ionsaí agus aontú lena fhórsaí.

67. Rinne Síomón agus a chuid fear ruathar ón gcathair agus chuir siad na hinnill trí thine.

68. Chuir siad cath ansin ar Bhacaídéas agus bhris siad air. Rinne siad é a bhuaireanh go mór mar go raibh a phlean agus a fheachtas curtha amú.

69. Tháinig racht feirge air leis na coirpigh a chomhairligh dó dul isteach sa tír, agus mharaigh sé a lán díobh agus bheartaigh sé ansin imeacht go dtí a thír féin.

70. Fuair Iónátán é sin amach agus chuir sé teachtaí chuige le síocháin a dhéanamh leis agus go dtabharfadh sé na cimí ar ais.

71. D'aontaigh sé leis sin agus rinne beart de réir a bhriathair, agus thug a mhionn dó nach ndéanfadh sé iarracht ar dhíobháil a dhéanamh dó i gcaitheamh a shaoil go léir.

72. Thug sé ar ais dó na cimí a thug sé leis an turas roimhe sin ó thír Iúdá; ansin d'fhill sé agus d'imigh leis chun a thíre féin, agus níor tháinig go deo arís isteach ina gcríocha.

73. Ní raibh an claíomh ag bagairt ar Iosrael a thuilleadh, agus chuir Iónátán faoi i Machmais mar ar chrom sé ar bhreith a thabhairt ar an bpobal agus scrios sé na héagráifigh ó Iosrael.