Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Biniáimin á dTarrtháil

1. Thug fir Iosrael an mionn seo i Mizpeá: “Ní tabharfaidh aon duine againn a iníon le pósadh do Bhiniáimin.”

2. Chuaigh an pobal go Béitéil agus d'fhan ann go tráthnóna, ina suí i láthair Dé ag osnaíl agus ag gol go géar.

3. Dúradar: “A Thiarna, a Dhia Iosrael, cén fáth a mbeadh sé i ndán d'Iosrael ceann dá threibheanna a chailleadh inniu?”

4. Lá arna mhárach, d'éirigh an pobal go moch agus thógadar altóir ann, agus d'ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach.

5. Dúirt clann Iosrael ansin: “Cé acu de threibheanna Iosrael go léir nár tháinig aníos chun an tionóil i láthair an Tiarna?” Óir bhí an mionn sollúnta tugtha acu ag bagairt báis ar aon duine nach dtiocfadh aníos i láthair an Tiarna i Mizpeá.

6. Bhí trua ag clann Iosrael do Bhiniáimin a mbráthair agus dúradar: “Tá treibh gearrtha chun siúil d'Iosrael inniu.

7. Conas a gheobhaimid mná dá bhfuil fágtha díobh, mar thugamar mionn dar an Tiarna nach dtabharfaimid aon duine dár n‑iníonacha féin dóibh le pósadh?”

8. Ansin chuireadar an cheist: “Cé acu de threibheanna Iosrael nár tháinig i láthair an Tiarna i Mizpeá?” Agus féach! níor tháinig aon duine as Iáibéis Gileád chun an longfoirt don tionól,

9. mar nuair a ríomhadh an pobal ní raibh duine de lucht áitribh Iáibéis Gileád ann.

10. Ansin sheol an comhthionól dhá mhíle déag dá dtogha gaiscíoch ann, agus d'ordaigh dóibh: “Imígí agus déanaigí ár agus eirleach ar lucht áitribh Iáibéis Gileád, mná agus leanaí agus uile.

11. Seo mar a chaithfidh sibh a dhéanamh: Cuirigí na fir go léir agus gach bean a luigh le fear faoin mbang, [ach déanaigí anacal ar na maighdeana.” Rinneadar mar a ordaíodh dóibh.]

12. Fuaireadar ceithre chéad maighdean óg nár aithin agus nár luigh le fear i measc lucht áitribh Iáibéis Gileád; thugadar iad go dtí an longfort i Sileo atá i dtír Chanán.

13. Ansin chuir an comhthionól go léir teachtairí le tairiscint síochána chun clann Bhiniáimin a bhí ag Carraig Rimeon.

14. D'fhill Biniáimin an uair sin agus thugadar dóibh na mná ó Iáibéis Gileád ar a ndearnadh anacal; ach ní raibh a ndóthain go léir ann.

15. Bhí trua ag an bpobal do Bhiniáimin mar go raibh bearna briste ag an Tiarna i dtreibheanna Iosrael.

16. Ansin dúirt seanóirí an chomhthionóil: “Conas a gheobhaimid mná dá bhfuil fágtha ó tá mná Bhiniáimin scriosta?”

17. Agus dúradar: “Conas a chaomhnóimid [iarmhar] do Bhiniáimin d'fhonn nach scriosfaí treibh as Iosrael?

18. Ní féidir dúinn féin ár n‑iníonacha a thabhairt dóibh le pósadh.” Óir bhí an mionn seo tugtha ag clann Iosrael: “Go raibh mallacht ar aon duine a thabharfaidh bean do Bhiniáimin.”

19. “Ach, féach!” ar siad, “tá féile leis an Tiarna a chomórtar gach bliain i Sileo.” (Tá an baile seo lastuaidh de Bhéitéil, soir ón mórbhóthar a ghabhann ó Bhéiteil go Seicim, agus ó dheas ó Labóná.)

20. Sé treoir a thugadar do chlann Bhiniáimin: “Téigí i luíochán sna fíonghoirt

21. agus déanaigí faire; nuair a thiocfaidh iníonacha Shileo amach chun rince ina mbaiclí le chéile, tagaigí sibhse amach chomh maith as na fíonghoirt agus sciobadh gach duine agaibh bean dó féin as iníonacha Shileo agus imíodh gach duine go tír Bhiniáimin.

22. Má thagann a n‑aithreacha nó a ndeartháireacha chugainn le gearán, déarfaimid leo: ‘Maithigí dóibh, [mar thóg gach fear] díobh bean mar a dhéanann daoine i gcogadh; dá dtabharfadh sibh féin mná dóibh, bhrisfeadh sibh bhur mionn agus bheadh coir déanta agaibh.’ ”

23. Rinne clann Bhiniáimin amhlaidh; thoghadar bean an duine as na rinceoirí a d'fhuadaíodar; ansin chuireadar chun bóthair, d'fhilleadar ar a n‑oidhreacht, thógadar a mbailte arís, agus chuireadar fúthu iontu.

24. D'imigh clann Iosrael leo as an áit ansin, gach duine ar ais chun a threibhe agus a fhine féin; d'fhill gach duine ó Shileo ar a oidhreacht féin.

25. Sna laethanta úd ní raibh aon rí in Iosrael agus rinne gach fear mar ab áil leis féin.