Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Réimeas Aibímeilic

1. Chuaigh Aibímeilic mac Iarubál go Seicim, go bráithre a mháthar, agus dúirt leosan agus le fine uile theaghlach a mháthar:

2. “Cuirigí an cheist seo, le bhur dtoil, chun ceannairí Sheicim: ‘Cé acu is fearr daoibh, deichniúr agus trí fichid, clann Iarubál ar fad, a bheith i gceannas oraibh nó aon duine amháin?’ Cuimhnigí leis gur cnámh de bhur gcnámh agus feoil de bhur bhfeoil mise.”

3. Labhair bráithre a mháthar mar sin faoi le ceannairí uile Sheicim, agus tháinig lé acu le hAibímeilic, “Mar,” a dúradar leo féin, “is bráthair dúinn é.”

4. Thugadar seachtó seicil airgid dó as teampall Bhál Bheirít, agus bhain Aibímeilic feidhm as sin mar thuarastal do scraistí gan mhaith a lean é.

5. D'imigh sé leis ansin go teach a athar in Ofrá, agus mharaigh a bhráithre, clann mhac Iarubál, deichniúr agus trí fichid díobh ar an aon leac. Ach d'éalaigh Iótám an mac a ba óige le Iarubál, mar bhí sé imithe i bhfolach.

6. Chruinnigh ceannairí uile Sheicim agus Bhéit Mileo i gceann a chéile agus cheapadar Aibímeilic ina rí taobh le dair an cholúin i Seicim.

7. Nuair a insíodh é sin do Iótám, ghabh sé suas ar Shliabh Girizím agus sheas ar a mhullach, gur ghlaoigh sé os ard orthu á rá:“Éistigí liomsa, a cheannairí Sheicim,i dtreo go n‑éistfidh Dia libhse.

8. Chuaigh na crainn amach tráthChun rí a ungadh dóibh féinAgus dúradar leis an gcrann olóige:‘Bíse i do rí orainn!’

9. Dúirt an crann olóige leo, ámh:‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhéathras,Lena dtugtar onóir do Dhia agus do dhaoineChun a bheith i réim ar na crainn?’

10. Agus dúirt na crainn leis an gcrann figí:‘Tar thusa, agus bí i do rí orainn.’

11. Dúirt an crann figí leo, ámh:‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhilseachtAgus mo dhea-thoradhChun a bheith i réim ar na crainn?’

12. Agus dúirt na crainn leis an bhfiniúin:‘Tar thusa agus bí i do rí orainn.’

13. Ach d'fhreagair an fhiniúin iad:‘An amhlaidh a thréigfidh mise m'fhíonA chuireann áthas croí ar Dhia agus ar dhaoineD'fhonn bheith i réim ar na crainn?’

14. Ansin dúirt na crainn go léir leis an dris:‘Tar thusa agus bí i do rí orainn.’

15. Ach dúirt an dris leis na crainn:‘Más mian libh dáiríre mise a ungadh i mo rí oraibh féin,Tagaigí ar scáth mo ghéag;É sin nó tagadh tine as an drisAgus loisceadh sí céadrais na Liobáine.’

16. “Dá réir sin, más le dea-intinn agus le hionracas a rinne sibh rí d'Aibímeilic, agus má bhí sibh go cóir cothrom le Iarubál agus lena theaghlach, agus má chúitigh sibh leis de réir mar a thuill a bheartasan -

17. throid m'athair ar bhur son, chuir sé a anam i bhfiontar, agus d'fhuascail sé sibh ó láimh Mhidián;

18. ach seo sibhse inniu agus ceannairc déanta agaibh in aghaidh theaghlach m'athar, a sheachtó mac básaithe agaibh ar an aon leac, agus Aibímeilic, mac a dhaoirsí, ceaptha mar rí agaibh ar cheannairí Sheicim mar gur gaol daoibh féin é -

19. más le dea-intinn agus le hionracas a phléigh sibh inniu le Iarubál, agus lena chlann, a deirim, gur chúis lúcháire agaibh é Aibímeilic, agus sibhse aigesean.

20. Ach mura ndearna sibh, go dtaga tine as Aibímeilic amach, agus go n‑ídí sí muintir Sheicim agus Bhéit Mileo; agus go dtaga tine as ceannairí Sheicim agus Bhéit Mileo agus go n‑ídí sí Aibímeilic.”

21. Theith Iótám leis ansin, agus d'éalaigh go Béar agus chuir faoi ansiúd le heagla roimh Aibímeilic a bhráthair.

22. Bhí Aibímeilic i réim in Iosrael ar feadh trí bliana.

23. Ansin sheol Dia drochspiorad aighnis idir Aibímeilic agus ceannairí Sheicim, agus rinne ceannairí Sheicim ceannairc in aghaidh Aibímeilic.

24. Is mar sin a bhí d'fhonn go ndéanfaí an choir a rinneadh in aghaidh Iarubál agus a sheachtó mac a agairt, agus go bhfillfeadh a bhfuil sa mhullach ar a mbráthair Aibímeilic a chuir chun báis iad, agus ar cheannairí Sheicim a chabhraigh leis a bhráithre a mharú.

25. Mar olc air, chuir ceannairí Sheicim dream in eadarnaí ar mhullach na sléibhte agus chreachaidís aon duine a ghabh an treo. Insíodh é sin d'Aibímeilic.

26. Tháinig Gál mac Eibid agus a ghaolta isteach i Seicim agus thug ceannairí Sheicim a n‑iontaobh leis.

27. Ghabhadar amach faoin tuath chun a bhfiniúna a chnuasach sna fíonghoirt; bhrúdar iad; rinneadar ceiliúradh agus chuadar isteach i dteach a ndé; d'itheadar, d'óladar agus chaitheadar mallacht le hAibímeilic.

28. Dúirt Gál mac Eibid: “Cé he Aibímeilic, seachas sinne, muintir Sheicim, a rá is go ndéanfaimis fónamh dó? Nár chirte do mhac Iarubál agus Zabul, a leagáid, fónamh do mhuintir Hamór, athair Sheicim? Cén fáth go mbeimis inar ndaoir aige?

29. Cé chuirfidh an pobal seo faoi mo cheannas? Ansin thiomáinfinn amach Aibímeilic agus déarfainn le hAibímeilic: ‘Méadaigh d'arm agus tar amach.’ ”

30. Nuair a chuala Zabul rialtóir na cathrach focail Ghál mac Eibid d'adhain a fhearg.

31. Chuir sé teachtairí go hAibímeilic in Arúmá á rá: “Féach, tá Gál mac Eibid agus a ghaolta tagtha go Seicim agus tá an chathair a griogadh acu i d'aghaidh.

32. Tar féin agus do lucht leanúna dá bhrí sin i gcoim na hoíche agus téigh in eadarnaí orthu sna bánta.

33. Ansin le héirí gréine ar maidin, éirigh amach go tapa agus tabhair faoin gcathair. Nuair a thiocfaidh Gál agus a chuid fear i d'aghaidh cuir an cluiche air de réir mar a oirfidh.”

34. Chuir Aibímeilic agus a lucht leanúna go léir chun bealaigh dá bhrí sin i gcoim na hoíche, agus chuadar in eadarnaí ar Sheicim ina gceithre díormaí.

35. Ghabh Gál mac Eibid amach agus mhoilligh ag béal gheata na cathrach; agus d'éirigh Aibímeilic agus a lucht leanúna as láithreacha eadarnaí.

36. Nuair a chonaic Gál na fir dúirt sé le Zabul: “Féach, seo fir anuas ó mhullach na sléibhte.” “Is ann is dóigh leat,” arsa Zabul leis, “gur fir iad scáthanna na sléibhte.”

37. “Seo fir,” arsa Gál arís, “ag teacht anuas ó Imleacán na Tíre, agus díorma eile ag teacht ó Dhair na nAsarlaithe.”

38. “Cá bhfuil an béal mór sin agat anois?” arsa Zabul leis, “tusa, a dúirt, ‘Cé hé Aibímeilic a rá is go ndéanfaimis fónamh dó?’ Nach iad seo an mhuintir dá ndearna tú beagsea? Amach leat anois dá bhrí sin agus cuir cath orthu!”

39. Ghabh Gál amach, dá bhrí sin, ar cheann slua cheannairí Sheicim agus chuir cath ar Aibímeilic.

40. Chuir Aibímeilic an ruaig air, agus theith sé roimhe, agus maraíodh a lán a treascraíodh sular bhféidir dóibh geataí na cathrach a shroicheadh.

41. D'fhill Aibímeilic ansin ar Arúmá agus dhíbir Zabul Gál agus a ghaolta agus choisc orthu maireachtáil i Seicim.

Scrios Sheicim agus Bás Aibímeilic

42. Lá arna mhárach chuaigh na fir amach sna goirt, agus chuala Aibímeilic ina thaobhsan.

43. Thug sé leis a chuid fear, roinn iad ina dtrí díormaí agus chuaigh in eadarnaí sna goirt. Nuair a chonaic sé na fir ag teacht as an gcathair, d'ionsaigh sé iad agus dhíothaigh iad.

44. Ghabh Aibímeilic agus an díorma a bhí in éineacht leis ar aghaidh go láithreacha ag béal gheata na cathrach, ach d'ionsaigh an dá dhíorma eile na fir go léir sna goirt agus chuireadar a n‑ár.

45. Chaith Aibímeilic an lá sin go léir ag ionsaí na cathrach; ghabh sé í de ruathar, mharaigh a raibh inti, scartáil an chathair ó bhonn agus chuir salann mar shíol inti.

46. Nuair a chuala ceannairí Thúr Sheicim é sin, chuadar chun tearmainn i lusca theampall Éil Beirít.

47. Nuair a chuala Aibímeilic go raibh ceannairí Thúr Sheicim go léir cruinnithe ansiúd,

48. ghabh sé Sliabh Zalmón suas lena chuid fear go léir. Ansin rug sé greim ar thua, ghearr anuas gabháil bhrosna, d'ardaigh agus chuir ar a ghualainn é. Agus dúirt sé leis an muintir a bhí in éineacht leis: “Déanaigí aithris ar a bhfuil déanta agamsa, agus déanaigí sin go tapa.”

49. Ghearr gach duine díobh a ghabháil bhrosna dá bhrí sin, agus lean Aibímeilic agus leag ar an lusca é, agus chuireadar an lusca trí thine ar a mullach. Díscíodh muintir Thúr Sheicim uile chomh maith, timpeall míle fear agus bean.

50. Ansin chuaigh Aibímeilic in aghaidh Théibéiz agus chuir léigear air agus ghabh é de ruathar.

51. Ach bhí túr daingean sa chathair agus theith muintir na cathrach go léir, idir fhir agus mhná, chun dídine ann; d'iadar an doras agus chuadar in airde ar dhíon an túir.

52. Tháinig Aibímeilic chun an túir, agus d'ionsaigh é. Nuair a bhí sé ag déanamh ar dhoras an túir chun é a chur trí thine,

53. chaith bean éigin bró uachtair mhuillinn anuas sa mhullach air agus bhris a bhlaosc.

54. Ghlaoigh sé ar an toirt ar a ghiolla airm agus dúirt leis: “Tarraing do chlaíomh gan mhoill agus cuir chun báis mé, d'fhonn nach ndéarfaí fúm: ‘Mharaigh bean é!”’ Rop a ghiolla claíomh tríd dá bhrí sin agus fuair sé bás.

55. Nuair a chonaic saighdiúirí Iosrael go raibh Aibímeilic ar lár, d'imíodar leo, gach duine chun a thí féin.

56. Rinne Dia ar an gcuma sin an choir a rinne Aibímeilic in aghaidh a athar, nuair a mharaigh sé a sheachtó deartháir, a agairt air.

57. Agus thug Dia coirpeacht uile mhuintir Sheicim ar ais sa mhullach orthu féin agus tháinig mallacht Iótám mac Iarubál orthu chomh maith.