Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cogaíocht

1. Tionóladh fir Eafráim, agus chuadar sall i dtreo Záfón, agus dúradar le Iaftá: “Cén fáth a ndeachaigh tú sall chun catha leis na hAmónaigh gan a iarraidh orainne dul leat? Cuirfimid do theach trí thine ar do mhullach.”

2. D'fhreagair Iaftá iad: “Bhí brú mór orm féin agus ar mo mhuintir; bhí na hAmónaigh ag luí go crua orainn. Ghlaoigh mé oraibh teacht, ach níor fhuascail sibh mé as a lámha.

3. Nuair a chonaic mé nach dtiocfadh sibh i gcabhair orm, chuir mé m'anam i bhfiontar agus chuir mé chun bóthair in aghaidh na nAmónach, agus thug an Tiarna ar láimh dom iad. Cén fáth a bhfuil sibhse ag teacht inniu chun cogadh a chur orm?”

4. Ansin chruinnigh Iaftá sluaite Ghileád go léir agus chuir cath ar Eafráim, agus chuir sluaite Ghileád an teitheadh ar Eafráim mar go raibh siadsan á rá: “Níl ionaibh ach lucht tréigthe Eafráim, a Ghileádacha, i lár Eafráim agus Mhanaise!”

5. Ghabh na Gileádaigh áthanna na Iordáine ar na hEafráimigh. Ansin nuair a deireadh aon teifeach ó Eafráim: “Scaoil anonn mé!” deireadh fir Ghileád: “An as Eafráim duit?” Nuair a deireadh sé: “Ní hea,”

6. deiridís leis: “Abair sibolet más ea,” agus deireadh sé: “Suibolet,” mar nach bhfeadfadh sé an focal a fhoghrú i gceart. Ansin ghabhaidís é agus chuiridís chun báis é ag áthanna na Iordáine. Cailleadh dhá mhile agus daichead d'fhir Eafráim an uair sin.

7. Bhí Iaftá ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh sé bliana. Ansin d'éag Iaftá an Gileádach agus adhlacadh é ina chathair féin, Mizpeá i nGileád.

Mion-Bhreithiúna

8. Ina dhiaidhsean bhí Ibzeán ó Bheithil ina bhreitheamh in Iosrael.

9. Bhí deichniúr is fiche mac aige agus deichniúr agus fiche iníon. Thug sé a iníonacha le pósadh lasmuigh dá fhine, agus thug deichniúr is fiche brídeog isteach chun a chlann mhac. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh seacht mbliana.

10. Ansin fuair Ibzeán bás agus adhlacadh é i mBeithil.

11. Bhí Éalón as Zabúlun ina bhreitheamh in Iosrael ina dhiaidh. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh deich mbliana.

12. Ansin d'éag Éalón as Zabúlun agus adhlacadh é in [Éalón] i dtír Zabúlun.

13. Bhí Abdón mac Hilléil ó Phireátón ina bhreitheamh ina dhiaidh.

14. Bhí daichead mac agus tríocha mac mic aige agus dhéanaidís marcaíocht ar seachtó asal. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh ocht mbliana.

15. Ansin d'éag Abdón mac Hilléil agus adhlacadh é i bPireátón i dtír Eafráim in ardáin na nAmailéiceach.