Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Chéad Réamhrá

1. Tar éis bháis do Iósua chuaigh clann Iosrael i gcomhairle leis an Tiarna, á fhiafraí: “Cé acu againn is túisce a rachaidh in aghaidh na gCanánach le hionsaí a dhéanamh orthu?”

2. D'fhreagair an Tiarna: “Bíodh Iúdá ar an gcéad duine a rachaidh suas; féach tá an tír tugtha ar láimh agam dó.”

3. Ansin dúirt Iúdá lena dheartháir Simeon: “Téanam liomsa isteach sa dúiche a dáileadh orm, d'fhonn go gcuirfimís cath ar na Canánaigh; rachaidh mise ansin in éineacht leatsa isteach sa dúiche a dáileadh ortsa.” Mhairseáil Simeon in éineacht leis dá bhrí sin.

4. Ghabh Iúdá suas mar sin agus thug an Tiarna na Canánaigh agus na Pirizigh ar láimh dóibh; chuireadar an ruaig ar dheich míle fear ag Beizic.

5. Tharla siad ar Adónaí Beizic i mBeizic; chuireadar cath air agus bhriseadar ar na Canánaigh agus ar na Pirizigh.

6. Theith Adónaí Beizic, ach chuadar sa tóir air, rugadar air agus bhaineadar ordóga a lámh agus a chos de.

7. Ansin dúirt Adónaí Beizic: “Deichniúr rí agus trí fichid, agus ordóga lámh agus a gcos gearrtha díobh, bhídís faoi mo bhord ag bailiú bruscair an bhia; chúitigh Dia liomsa de réir mar a rinne mé le daoine eile.” Tugadh go Iarúsailéim é, agus fuair sé bás ansiúd.

8. (Thug clann Iúdá faoi Iarúsailéim agus ghabhadar é. Chuir siad muintir na cathrach chun báis agus an chathair trí thine.)

9. Ina dhiaidh sin ghabh clann Iúdá síos chun catha a chur ar na Canánaigh a bhí ag cur fúthu sna hardáin, sa Neigib agus sna hísleáin.

10. Agus d'ionsaigh Iúdá na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i Heabrón - Ciriat Arba a ba ainm do Heabrón anallód - agus chloíodar Séisí agus Aichímeán agus Talmai.

11. Ghabhadar as sin ar aghaidh i gcoinne mhuintir Dheibír - Ciriat Seifir a thugtaí ar Dheibír roimhe sin.

12. Dúirt Cálaeb: “An té a dhéanfaidh Ciriat Seifir a ionsaí agus a ghabháil, tabharfaidh mé Acsá m'iníon mar bhean dó.”

13. Agus ba é Oitníéil mac Canoz, deartháir a ba óige ná Iósua, a ghabh é agus thug sé dó Acsá a iníon mar bhean.

14. Nuair a tháinig sí chuige, thathain [sé uirthi] gort a lorg ar a hathair. Phreab sí anuas dá hasal agus d'fhiafraigh Cálaeb di: “Cad tá uait?”

15. “Tabhair aisce dom; os rud é gur dhíbir tú mé go dúiche an Neigib, tabhair dom toibreacha éigin uisce freisin,” ar sí leis. Agus thug Cálaeb di na toibreacha uachtaracha agus na toibreacha íochtaracha.

16. Ghabh clann Hobab an Céineach, athair céile Mhaois, suas le clann Iúdá ó chathair na bPailmeacha go fásach Iúdá sa Neigib i gcóngar Arád, ach d'imíodar agus chuireadar fúthu leis [na hAmailéicigh].

17. Chuir Iúdá chun bealaigh ansin lena dheartháir Simeon agus bhriseadar ar na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i Zafat agus chuireadar an áit faoin mbang; uime sin a tugadh Hormá ar an gcathair.

18. [Níor] ghabh Iúdá Gazá lena thailte, ná Aiscileon lena thailte, ná Eacrón lena thailte.

19. Bhí an Tiarna le Iúdá agus ghabh sé na hardáin ach theip air an mhuintir a bhí ag cur fúthu sa mhachaire a chloí mar bhí carbaid iarainn acu.

20. Tugadh Heabrón do Chálaeb de réir mar a dúirt Maois mar gur dhíbir sé triúr mac Anác as.

21. Ach theip ar chlann Bhiniáimin na Iabúsaigh a bhí ina gcónaí i Iarúsailéim a dhíbirt; tá na Iabúsaigh mar sin ina gcónaí le clann Bhiniáimin go dtí an lá inniu in Iarúsailéim.

22. Ghabh teaghlach Iósaef suas mar an gcéanna i gcoinne Bhéitéil, agus bhí an Tiarna leo.

23. Rinne teaghlach Iósaef Béitéil a thaiscéaladh - Lúz a thugtaí ar an gcathair roimhe sin.

24. Chonaic an lucht taiscéalta fear ag teacht amach ón gcathair. “Má thaispeánann tú an tslí isteach sa chathair dúinn,” ar siad leis, “déanfaimid anacal anama ort.”

25. Agus thaispeáin sé an tslí isteach sa chathair dóibh agus d'imríodar faobhar claímh ar mhuintir na cathrach, ach ligeadar don fhear agus dá chlann go léir imeacht.

26. D'imigh an fear úd leis go críocha na Hiteach agus bhunaigh sé cathair ar ar thug sé Lúz; sin é is ainm di go dtí an lá inniu.

27. Níor dhíbir Manaise lucht Bhéit Seán lena shráidbhailte, ná lucht Thánác lena shráidbhailte, na lucht Dhór lena shráidbhailte, ná lucht Ibleam lena shraidbhailte, na lucht Mhigideo lena shráidbhailte, ach sheas na Canánaigh an fód sna líomatáistí sin.

28. Nuair a chuaigh na hIosraelaigh i dtreise, chuireadar cuing na daoirse ar na Canánaigh, ach níor chuireadar an ruaig orthu.

29. Ná níor dhíbir Eafráim na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir, ach mhair na Canánaigh i nGeizir ina measc.

30. Ná níor dhíbir Zabúlun lucht Chitreon ná lucht Nahalol. D'fhan na Canánaigh i measc Zabúlun, ach cuireadh faoi chuing na daoirse iad.

31. Níor dhíbir Áiséar lucht Acó amach, ná lucht Shíodón, ná lucht Achláb, ná lucht Aiczíb, ná lucht Aifíc, ná lucht Rachob.

32. Mhair na hÁiséaraigh i measc na gCanánach, a bhí ag cur fúthu sa dúiche mar nár dhíbir siad iad.

33. Ná níor dhíbir Naftáilí lucht Bhéit Seimis agus lucht Bhéit Anát, ach chuireadar fúthu i measc na gCanánach a bhí ina gcónaí sa dúiche; ach b'éigean do lucht Bhéit Seimis agus Bhéit Anát dul faoi chuing na daoirse dóibh.

34. Thiomáin na hAmóraigh clann Dhán ar gcúl chun na n‑ardán agus ní ligfidís dóibh teacht anuas ar na hísleáin.

35. Sheas na hAmóraigh an fód ag Har Heireas agus ag Aiálón agus ag Sealbaím. Ach nuair a luigh lámh theaghlach Iósaef go trom orthu, cuireadh faoi chuing a ndaoirse iad.

36. Gabhann críocha na [nEadómach] ó Ard Acraibím go dtí an Charraig agus as sin suas.