Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Seo iad na ciníocha a cheadaigh an Tiarna a fhanacht sa tír d'fhonn Iosrael a thriail tríothu, iad sin go léir in Iosrael is é sin nach raibh aon taithí acu ar chogadh i gCanán.

2. (Ar mhaithe le glúine chlann Iosrael é sin, d'fhonn ceird an chogaidh a mhúineadh dóibh, dóibh siúd ar a laghad nach raibh taithí acu ar chogadh roimhe sin):

3. cúigear, taoiseach na bhFilistíneach, na Canánaigh go léir, na Síodónaigh, na Hitigh a bhí ag cur fúthu ar Shliabh na Liobáine, ó ardáin Bhál Hearmón go Bealach Hamát.

4. Bhí sé d'fheidhm leo Iosrael a thriail féachaint an gcoimeádfaidís na haitheanta a thug an Tiarna dá sinsir ó bheal Mhaois.

5. Chuir clann Iosrael fúthu dá bhrí sin i measc na gCanánach, na Hiteach, na nAmórach, na bPirizeach, na Hiveach, na Iabúsach;

6. phósadar iníonacha na gciníocha seo, thugadar a n‑iníonacha féin le pósadh dá mic, agus rinneadar fónamh dá ndéithe.

NA BREITHIÚNA

Oitníéil

7. Rinne pobal Iosrael an t‑olc i bhfianaise an Tiarna. Rinneadar dearmad ar an Tiarna, a nDia, go ndearnadar fónamh do na Bálaím agus do na hAiseárót.

8. Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael, agus thug sé ar láimh iad do Chúisean Riseátaím, rí Eadóm. Bhí pobal Iosrael faoi dhaoirse ag Chúisean Riseátaím ar feadh ocht mbliana.

9. Ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus d'ardaigh an Tiarna fuasclóir do chlann Iosrael, Oitníéil mac Canaz, deartháir ab óige ná Cálaeb.

10. Tháinig spiorad an Tiarna air, agus rinne breitheamh de in Iosrael. Chuaigh sé chun cogaidh agus thug an Tiarna Cúisean Riseátaím, rí Eadóm, ar láimh dó, agus bhí an lámh in uachtar aige ar Chúisean Riseátaím.

11. Bhí suaimhneas sa tír ansin ar feadh daichead bliain.Nuair a fuair Oitníéil mac Canaz bás,

Éahúd

12. rinne pobal Iosrael an t‑olc i bhfianaise an Tiarna. Neartaigh an Tiarna Eaglón rí Mhóáb in aghaidh Iosrael, mar go dearnadar an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.

13. Chruinnigh sé chuige na hAmónaigh agus na hAmailéicigh, ghabh chun catha in aghaidh Iosrael agus bhris orthu, agus ghabh sé cathair na bPailmeacha.

14. Bhí pobal Iosrael go léir faoi dhaoirse ag Eaglón rí Mhoáb ar feadh ocht mbliana déag.

15. Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus ardaigh an Tiarna fuasclóir dóibh, Éahúd mac Ghéará, an Biniáimineach, ciotóg. Cheap clann Iosrael é lena gcáin a thabhairt d'Eaglón rí Mhóáb.

16. Rinne Éahúd claíomh dhá fhaobhar dó féin, é banlámh ar fad, agus chuir i bhfearas é ar a shliasaid dheas faoina chuid éadaigh.

17. Chuir sé an cháin faoi bhráid Eaglón rí Mhóáb. Fear an-chothaithe a ba ea Eaglón.

18. Nuair a bhí an cháin curtha i láthair Eaglón aige, d'imigh sé leis an muintir a d'iompair an cháin.

19. Ach d'fhill sé féin ar ais ó Íola Ghilgeál, agus dúirt: “Tá teachtaireacht rúin agam duit, a rí.” “Ciúnas,” a d'fhógair an rí agus amach leis na giollaí go léir óna láthair.

20. Isteach le Éahúd chuige agus é ansiúd ina aonar ina shuí ina sheomra fionnuar uachtair. “Tá teachtaireacht ó Dhia agam duit, a rí,” arsa Éahúd. D'éirigh an rí ina sheasamh as a shuíochán.

21. Ansin shín Éahúd a chiotóg agus tharraing a chlaíomh óna shliasaid dheas agus rop sé ina bholg siúd é.

22. Lean an dornchla an lann isteach agus dhún an méithreas ar an lann mar nár tharraing sé an claíomh as a bholg; tháinig an cainniúr amach.

23. Chuaigh Éahúd amach sa phóirse ansin, dhún doirse an tseomra uachtair air, agus chuir an glas orthu.

24. Nuair a bhí sé imithe, tháinig na giollaí agus d'fhéachadar; bhí an glas ar dhoirse an tseomra uachtair. “Ag déanamh a ghnó ar chúl an tseomra fhionnuair,” ar siad leo féin, “atá sé.”

25. D'fhanadar agus d'fhanadar go dtí go rabhadar i bponc ceart; ansin, mar nár oscail sé doirse an tseomra uachtair, fuaireadar an eochair agus d'osclaíodar iad. Ba shiúd a dtiarna marbh ar an urlár.

26. D'éirigh Éahúd fad bhíodar ag feitheamh. Ghabh sé thar na hÍola agus tháinig slán go Saíreá.

27. Nuair a shroich sé críocha Iosrael shéid sé ar an adharc in ardáin Eafráim; tháinig clann Iosrael anuas ó na hardáin in éineacht leis, agus eisean i gceannas orthu.

28. Dúirt sé leo: “Leanaigí mise óir rinne an Tiarna bhur namhaid Móáb a thabhairt ar láimh daoibh.” Lean siad é dá bhrí sin, agus ghabh áthanna na Iordáine in aghaidh na Móábach gan a ligean do chaonaí dul sall.

29. Mharaíodar an uair sin timpeall deich míle Móábach; laochra tréana cumasacha iad uile; níor fágadh fear inste scéil díobh.

30. Fuair Iosrael lámh in uachtar ar Mhóáb an lá sin, agus bhí suaimhneas sa tír ansin ar feadh ceithre fichid bliain.

31. Ina dhiaidh sin, tháinig Seamgar mac Anát. Chloígh sé sé chéad Filistíneach le brod damh; d'fhuascail seisean Iosrael freisin.