Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt muintir Eafráim le [Gideón]: “Cad ab ail leat leathchuma mar seo a dhéanamh orainn; agus gan glaoch orainn nuair a chuaigh tú chun cogaidh le Midián?” Rinneadar casaoid ghéar ina aghaidh,

2. ach d'fhreagair sé iad: “Cad tá déanta agamsa seachas agaibhse? Nach fearr ceannóga finiúna Eafráim ná fómhar fíona Aibíeizir?

3. Thug Dia taoisigh Mhidián, Oraeb agus Zeib, ar láimh daoibh. Cad a ba fhéidir domsa a dhéanamh seachas sibhse?” Ansin chuaigh a bhfearg ar ceal ar chlos na bhfocal sin.

Cogadh Thoir

4. Tháinig Gideón go dtí an Iordáin agus chuaigh thairsti sall, ach bhí sé féin agus a thrí céad comrádaí sa tóir tuirseach tnáite.

5. Dúirt sé dá bhrí sin le muintir Shucót: “Tugaigí roinnt builíní aráin do mo lucht leanúna, le bhur dtoil, mar tá siad traochta agus táimse sa tóir ar Zeaba agus Zalmuná, ríthe Mhidián.”

6. D'fhreagair taoisigh Shucót: “Arán a thabhairt do d'arm? An ea go bhfuil greim agaibh cheana féin ar Zeaba agus ar Zalmuná?”

7. Agus dúirt Gideón: “Tá go maith mar sin! Nuair a thabharfaidh an Tiarna Zeaba agus Zalmuná ar láimh dom, déanfaidh mé bhur bhfeoil a stolladh le deilgneach fásaigh agus le seacha.”

8. Chuaigh sé as sin go Panúéil agus d'iarr sé an rud céanna orthu; thug muintir Phanúéil freagra air mar a rinne muintir Shucót.

9. Agus d'fhreagair sé muintir Phanúéil: “Nuair a fhillfidh mé faoi bhua, scriosfaidh mé an túr seo.”

10. Bhí Zeaba agus Zalmuná i gCarcor lena n‑arm, timpeall cúig mhíle dhéag fear, a raibh fagtha ar fad d'arm mhuintir an Oirthir. Bhí céad agus a fiche míle de lucht iompair airm ar lár.

11. Ghabh Gideón suas ar feadh bealach na gcarbhán lastoir de Noba agus Iogbahá agus d'ionsaigh sé an t‑arm gan choinne.

12. Theith Zeaba agus Zalmuná, chuaigh sé sa tóir orthu, ghabh dhá rí Mhidián, Zeaba agus Zalmuná, agus [scrios] sé an t‑arm go léir.

13. Ansin d'fhill Gideón mac Ióáis ón gcath trí Mhám Heireas.

14. Ghabh sé fear óg de mhuintir Shucót, agus cheistigh é agus scríobh seisean síos dó ainmneacha taoisigh agus seanóirí Shucót, seachtar seachtód ar fad.

15. Ansin tháinig sé go muintir Shucót agus dúirt leo: “Seo iad Zeaba agus Zalmuná a ndearna sibh achasán a chaitheamh liom ina dtaobh, á rá: ‘Arán a thabhairt do d'arm traochta! An ea go bhfuil greim agat cheana féin ar Zeaba agus Zalmuná?’ ”

16. Ansin ghabh sé seanóirí na cathrach, agus fuair sé deilgneach fásaigh agus sceacha agus [stoll] sé muintir Shucót leo.

17. Scrios sé túr Phanúéil agus chuir sé ár mhuintir na cathrach.

18. Ansin dúirt sé le Zeaba agus Zalmuná: “Cér leis ar chosúil na fir a mharaigh sibh ag Tábór?” “Cosúil leat féin,” ar siad; “ba gheall le mac rí gach duine díobh ar a iompar.”

19. D'fhreagair Gideón: “Ba dheartháireacha dom iad, clann mo mháthar féin; dar an Tiarna beo, dá ndéanfadh sibh anacal anama orthu, ní chuirfinn chun báis sibh.”

20. Ansin d'ordaigh sé do Ieitir an mac ba shine aige: “Éirigh agus cuir chun báis iad!” Ach níor tharraing an mac a chlaíomh; ní raibh sé de mhisneach aige; ní raibh ann ach ógánach.

21. Ansin dúirt Zeaba agus Zalmuná: “Éirigh féin agus maraigh sinn; óir tá neart fir de réir mar atá an fear sin.” Ansin d'éirigh Gideón féin agus mharaigh Zeaba agus Zalmuná, agus ghearr anuas na stuanna a bhí ar mhuiníl a gcamall.

Bás Ghideón

22. Dúirt muintir Iosrael le Gideón ansin: “Bí i gceannas orainn - thú féin agus do chlann mhac, agus mac do mhic chomh maith, mar d'fhuascail tú sinn as láimh Mhidián.”

23. Dúirt Gideón leo: “Ní bheidh mise i gceannas oraibh, ná ní bheidh mo mhac i gceannas oraibh; beidh an Tiarna i gceannas oraibh.”

24. Dúirt Gideón leo: “Tá achainí agam oraibh; tugadh gach duine agaibh na fáinní as a chreach dom” - bhí fáinní óir á gcaitheamh ag an dream a cloíodh mar ba Ísméiligh iad.

25. D'fhreagair siad: “Tabharfaimid agus fáilte.” Leath sé brat ansin agus chaith gach duine díobh na fáinní as a chreach ar an mbrat.

26. Ba é meáchan na bhfainní óir a d'éiligh sé ná míle seacht gcéad seicil óir, seachas na toirc, agus na siogairlíní agus na héidí corcra a chaitheadh ríthe Mhidián, agus na stuanna a bhíodh timpeall ar mhuiníl a gcuid camall.

27. Rinne Gideón éafód de seo go léir agus chuir é ina chathair féin, in Ofrá. Ina dhiaidh rinne Iosrael go léir striapachas ina leith agus ba ghaiste do Ghideón agus dá mhuintir é.

28. Fuair Iosrael an lámh in uachtar ar Mhidián ar an gcuma sin, agus níor ardaíodar a gceann arís, agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain, fad a mhair Gideón.

29. Chuaigh Iarubál mac Ióáis i leataobh chun cónaithe ina theach féin.

30. Bhí deichniúr mac agus trí fichid ag Gideón, dá shíolrach féin, mar bhí mórán ban aige.

31. Bhí bean luí aige i Seicim agus rug sí sin mac dó chomh maith, ar ar thug sé Aibímeilic.

32. Bhí seanaois faoi shéan ag Gideón mac Ióáis; d'éag sé agus adhlacadh é i dtuama a athar, Ióáis, in Ofrá na nAibíeizreach.

33. Tar éis bháis do Ghideón chrom clann Iosrael ar striapachas a dhéanamh i ndiaidh na mBál, agus ghlacadar le Bál Beirít mar dhia.

34. Níor chuimhin le hIosrael a thuilleadh an Tiarna a nDia a d'fhuascail iad óna naimhde go léir ina dtimpeall.

35. Ba bheag é a mbuíochas do theaghlach Iarubál (.i. Gideón) ar son a ndearnadar de mhaith d'Iosrael.