Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Pósadh Shamsón

1. Chuaigh Samsón síos go Timneá agus luigh a shúil ansiúd ar cheann d'iníonacha na bhFilistíneach.

2. D'fhill sé ar ais ansin agus d'inis é sin dá athair agus dá mháthair. “Chonaic mé,” ar sé, “ceann d'iníonacha na bhFilistíneach i dTimneá. Faighigí dom í le bheith mar bhean agam.”

3. Dúirt a athair agus a mháthair leis: “An bhfuil aon bhean ar iníonacha do ghaolta, nó do chine go léir, a rá is go gcaitheann tú dul agus bean a fhail i measc na bhFilistíneach gan timpeallghearradh?” D'fhreagair Samsón a athair: “Faigh í seo dom, faigh sin! Mar taitníonn sí go mór liom.”

4. Ní raibh a fhios ag a athair ná ag a mháthair gur ón Tiarna a tháinig sé sin go léir; óir bhí seisean ag lorg iarraim cúis chugat chun na bhFilistíneach, mar bhí na Filistínigh i gceannas ar Iosrael an t‑am úd.

5. Chuaigh Samsón síos go Timneá ansin (lena athair agus lena mháthair). Ag druidim le fíonghoirt Thimneá dó, chonaic sé leon óg ag teacht faoina dhéin agus é ag glamaíl.

6. Tháinig spiorad an Tiarna go tréan air agus stoll sé an leon ó chéile mar a dhéanfadh duine le meannán; ach níor inis sé dá athair ná dá mháthair céard a rinne sé.

7. Ghabh sé síos ansin agus labhair sé leis an mbean agus thaitin sí go mór leis.

8. D'fhill Samsón go luath ina dhiaidh sin chun í a phósadh. Chuaigh sé i leataobh chun conablach an leoin a fheiceáil, agus, féach! bhí saithe beach i gcabhail an leoin, agus roinnt meala.

9. Scríob sé cuid den mhil amach ina láimh agus d'ith í ag gabháil an bhóthair. Nuair a d'fhill sé ar a athair agus ar a mháthair, thug sé roinnt dóibhsean freisin; d'ith siadsan leis an mhil, ach níor inis sé dóibh gur thóg sé í ó chonablach an leoin.

10. Ghabh a athair síos ansin go dtí an bhean, agus rinneadar féile do Shamsón ansiúd ar feadh seacht lá, mar ba nós le fir óga.

11. Ach nuair a fuaireadar radharc air, thoghadar deichniúr comrádaí ar fhichid chun fanacht ina theannta.

12. Ansin dúirt Samsón leo: “Cuirim tomhas chugaibh. Má bhíonn an freagra agaibh dom agus a fháil amach céard é laistigh de sheacht lá na féile, tabharfaidh mé tríocha brat de línéadach mín, agus tríocha éide aonaigh daoibh.

13. Ach mura féidir daoibh teacht ar an bhfreagra dom, tabharfaidh sibhse ansin tríocha brat de línéadach mín agus tríocha éide aonaigh domsa.” “Cuir do thomhas chugainn!” ar siad leis, “táimid ag éisteacht.”

14. Dúirt sé leo dá bhrí sin:“As an iteoir, tháinig rud le hithe;As an tréan, tháinig an milis.”Ar feadh trí lá chuaigh díobh an tomhas a réiteach.

15. Ar an gceathrú lá dúradar le bean Shamsón: “Meall d'fhear chun réiteach an tomhais a thabhairt dúinn, nó dófaimid thú féin agus teach d'athar. An chun sinn a chreachadh a thug tú cuireadh anseo dúinn?”

16. Ansin chrom bean Shamsón ar na deora a shileadh ina láthair a rá: “Ní grá atá agat dom ar ndóigh, ach fuath. Chuir tú tomhas chun mo mhuintire, ach níor bhac tú fiú leis an bhfreagra a insint dom.” Agus dúirt sé léi: “Féach, níor inis mé é fiú do m'athair ná do mo mháthair, agus an amhlaidh a d'inseoinn duitse é?”

17. Bhí sí ag sileadh na ndeor os a chomhair ar feadh na seacht lá a mhair a bhféile, agus ar an seachtú lá d'inis sé an freagra di mar gur lean sí uirthi chomh dian sin. Ansin d'inis sise freagra an tomhais dá muintir.

18. Ar an seachtú lá sula ndeachaigh Samsón isteach i seomra na lanúine, dúirt fir na cathrach leis:“Cad is milse ná mil?Cad is tréine ná leon?”D'fhreagair sé:“Gan treabhadh le mo bhodógNí bhfaigheadh sibh fios mo thomhais.”

19. Ansin tháinig spiorad an Tiarna air go tréan agus chuaigh sé síos go hAiscileon agus mharaigh deichniúr is fiche de mhuintir an bhaile, thug leis a gcreach, agus thug a n‑éidí aonaigh dóibh siúd a réitigh an tomhas. D'fhill sé ar a athair ansin agus cuthach feirge air.

20. Tugadh bean Shamsón dá chomrádaí, an té a sheas leis.