Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ccorintiánach 5 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil V

Go ttabhraid, croidhe glan ó anmhianaibh, agus beatha núa, ni is foigse do Chríosd sinn.

1. Oir atá a fhios aguinn dá sgaóiltear ó chéile ar dtigh talmhuidhe na boithesi, go bhfuil áitreabh aguinn ó Dhía, tigh nar tógbhadh ré lámhuibh, marthanach air neamh.

2. Oír atámuid ag ósnaigh ann so, ag íarruidh maille ré míanghus ar dtigh neamhdha féin do chur iomuinn:

3. Achd amháin go bhfaghthar éuduighthe sinn agus ní lomnochd.

4. Oír bímidne luchd na boithesi ag osnaighe, ar mbeith úaluidh oruinn: ar nach mían rinn bheith gan éudach, achd tuilleadh éuduigh do chur iomuinn, ionnus go sluigfidhe súas an ni sómharbhtha ré beatha.

5. Agus a sé Día do chrúthuigh sinn chuige so, agus fós tug dhúinn cómhartha daingnighthe na Sbiorúide.

6. Uime sin atámuid deighmheisnigh a gcomhnuidhe, agus a fhios aguinn, an feadh bhíam coigcríche sa gcoluinn, go bhfuilmíd a dtír choimhthighe ó an Dtighearna:

7. (Oír as do reír chreidimh shiúbhlamáoid, agus ní do réir radhairc:)

8. Gidheadh atá deighmheisneach aguinn, agus is mó thig ré ar ninntinn an cholann dfágbháil, agus dul do chómhnuidhe a bhfochair an Tighearna.

9. Uime sin fós cía bé aca bhiam ag fuireach, na ag imtheachd, is rofhonnmhar sinn air a thoilsean do dhéanamh.

10. Oír as eigean dúinn uile dul a lathair chaithíre bhreitheamhnuis Chríosd; ionnus go ngéubhadh gach éunduine chuige na neithe do rinne sé sa gcoluinn, do réir an ghníomha do rinne sé maith nó olc.

11. Uime sin ar mbeith feasach dhúinn air bhuirbe an Tighearna, táirngéamaóid daóime chum creidmhe, agus as follus do Dhía sinn; agus atá dóigh agam go bhfuilmid follas do bhur ccoinnsiasuibhse mar an gcéudna.

12. Oír ní bhfuilmís a rís dar moladh féin ribhse, achd do bheirmíd fáth gáirdeachais díbh dhár dtáobh, ionnus go mbíadh freagra aguibh ré thabhairt ar an druing do ní gáirdeachas a ngnúis, agus ní a gcroidhe.

13. Oír má atámuid ar saóbh chéille, is do Dhía atámuid ar saóbh céille: nó más deaghchíall atá aguinn, is daóibhse atámuid ar dheaghchéill.

14. Oír atá grádh Chríosd dar mbrosdughadh; ar na bhreathnughadh so dhúinn, eadhon má fuáir éunduine bás ar son na nuile, go bhfúaradar uile bás:

15. Agus go bhfuáir seisean bás ar son na nuile, ionnus nach bíadh an dream atá béo ó so amach béo dhóibh féin, achd don to fuáir bás ar a son, agus do éiséirghe.

16. Uime sin né haithne dhúinne ó só amach éunduine do réir na féola: agus, bíodh go raibh aithne aguinn ar Chríosd do réir na féola, gidheadh ní haithne dhúinn a nois féasda é.

17. Ar a nadhbharsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núadh é: do imthigheadar na seinneithe thoruinn; feuch, do rinneadh na huile neithe núadh.

18. Agus as ó Dhía atáid uile, noch do reidhigh sinne ris féin tré Iósa Críosd, agus tug dhúinne miniosdrálachd an réitigh sin;

19. Oír go deimhin, do bhí Día a Gcríosd, ag réiteach an tsáoghuil ris féin, gan conntus do dhéunamh ríu fá sa gcionntuibh; agus do chuir sé ionnuíne briathar an réitigh sin.

20. Uime sin is teachdaireadha sinn as uchd Chríosd, amhuil do chuirfeadh día impidhe oruibhsi thrídne: iarrmaóidni dathchuinge oruibh as uchd Chríosd, bíghidh réidh ré Día.

21. Oír do rinne seisean air ar soinne, peacadh don tí ag nách raibh fios peacaigh; ionnus go ndéuntaói fíréuntachd Dé dhínne annsan.